Ag 39 Bóthar na Maighne, Baile Átha Cliath, a rugadh é ar 2 Lúnasa 1888. Ba iad Francis Peter Thunder, cléireach, agus Dora Watson a thuismitheoirí. Bhí ceathrar deartháireacha agus triúr deirfiúracha aige. Buachaill cliste ba ea é agus i Scoil Uí Conaill bhuaigh sé scoláireacht John Sweetman go dtí an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. I 1910 d’éirigh leis post a fháil sna Ceithre Chúirt; deirtí gurbh é an scrúdú státseirbhíse ba dhéine ar fad é.

Bhí spéis éigin ag a athair sa Ghaeilge; bhí sé ar an duine ba thúisce i nDroim Conrach Uachtarach, b’fhéidir, a bhaist ainm Gaeilge, ‘Grása Dé’, ar a theach. Chuaigh Seosamh isteach i gCraobh an Chéitinnigh. Gach seans go raibh Gaeilge foghlamtha aige ar scoil ach riamh níor stop sé ach ag cur lena eolas uirthi, agus go deimhin ar theangacha eile, ar luibheolaíocht, ceol, stair, litríocht, garraíodóireacht, fealsúnacht, eolaíocht (bhí aiste aige ar Teilhard Chardin in Comhar, Feabhra 1966), sibhialtacht na Gréige, an chosmhuintir i ngach áit, an tsléibhteoireacht, na réalta féin. . . .

Chuaigh sé isteach sna hÓglaigh i 1913 agus ghlac páirt sna gunnaí a thabhairt i dtír i mBinn Éadair in Iúil 1914. Is i Monarcha Jacob faoi Thomás Mac Donnchadha a bhí sé ag troid san Éirí Amach. Nuair a ghéill na cinnirí d’éirigh leis a chosa a thabhairt slán abhaile agus dul ar ais chuig a phost státseir­bhíse faoi mar ná beadh dada as an ngnách déanta aige. Ní dheachaigh sé chun troda ar an gcuma sin arís. I 1918 ní ghlacfadh sé leis an mionn dílseachta a bhíothas a bhrú ar státseirbhísigh ach arís d’éirigh leis fanacht sa seirbhís. Thuig an Biúro Staire Míleata 1913-21 i 1950 go raibh ranna áirithe eisceachtúil maidir le baill foirne nach dtógfadh an mionn agus go raibh amhras i dtaobh dhlíthiúlacht an mhionna i ranna eile agus d’iarr siad ar Sheosamh soiléiriú a dhéanamh ar a chás féin, rud a rinne sé 14 Nollaig 1950. Fabht theicniúil an chúis nárbh fhéidir bóthar a thabhairt dó.

Tairgeadh ardú céime dó i 1926 nuair a bhíothas le deireadh a chur lena phost féin ach dhiúltaigh sé é. B’fhuath leis téip dhearg agus b’fhearr leis imeacht. Faoi Acht na nOifigeach Cúirte bhí ar chumas an rialtais cúiteamh a thabhairt dó. Scríobh Cuntasóir na gCúirteanna ar 8 Deireadh Fómhair 1926: ‘During his period of service Mr Thunder had experience in all the branches of this Office and acted for many years as Clerk in charge of Accounts in which capacity he obtained a thorough knowledge of the system of Accounting in connection with the Parliamentary vote. On 1 January 1922 Mr Thunder was appointed Senior Clerk and held that responsible post until the date of his retirement’. Cháiligh sé mar chuntasóir cairte i 1927. Phós sé Josie Brown ó Iúr Cinn Trá i 1933 agus chuaigh chun cónaithe ag 207 Ascaill Ard na Teamhrach, Cluain Tarbh. Rugadh beirt mhac dóibh. Is i ndiaidh dó an státseirbhís a fhágáil a thosaigh sé ag scríobh. Chuireadh sé iarrachtaí isteach i gcomórtais liteartha an Oireachtais: duais speisialta, faoin ainm ‘Ó Tórna’, ar ghearrscéal chomh luath le 1941, agus i 1959, faoin ainm Tundar, duais aitheantais ar dhráma aonghnímh. Scríobh sé cuid mhaith drámaí ach ní léir gur stáitsíodh aon cheann díobh. D’fhoilsigh an Gúm péire cnuasach gearrscéal leis, Cois Life, 1936 le Seán Sabháiste, agus Aill an Ghabhair agus scéalta eile, 1940 le Seosamh Ó Tórna. Chuir sé olc air nach faoina ainm cleite ‘Seán Sabháiste’ a foilsíodh an dara cnuasach. Bhain an sloinne Sabháiste le taobh a mháthar. Scríobhadh sé aistí in Feasta, Comhar, Capuchin Annual, Irish Travel agus sna nuachtáin. Faoin ainm ‘Michael Hayden’ a scríobhadh sé i mBéarla. Ag pointe éigin d’éirigh sé amhrasach faoi ‘Ó Tórna’ mar cheartsloinne Gaeilge agus roghnaigh ‘Tundar’ ina áit, sloinne a théann siar breis is míle bliain, is cosúil, i stair Bhaile Átha Cliath.

Fear é a bhí tugtha don staidéar agus gan suim aige i spórt (cé go raibh baint ag a dheartháir Pa le bunú chlub sacair Bhóthar na Buaile nó Home Farm) ná i mbiadán. B’fhearr leis a bheith ag éisteacht le haon chlár amhránaíochta ar an sean-nós nó le Tríú Clár an B.B.C. nó le ceol Mozart nó Beethoven. Níorbh ionadh gur shíl a mhac Colm, agus é ina ghasúr, é a bheith ait: chaith­eadh sé gach nóiméad dá shaoram ag staidéar nó ag garraíodóireacht; sholáthraíodh sé na glasraí ar fad, lus súgach fiú, don teaghlach agus ní ligeadh aon bhia cannaithe isteach sa teach; thosaigh sé ag foghlaim an phianó agus é ag dul in aois. D’éag sé 4 Aibreán 1967. Dúradh in Irish Times i ndiaidh a bháis: ‘With a fount of knowledge, he was humble and retiring. A master of Irish, Latin, French, German, botany, science and astronomy, he was happier talking to a man in Connemara or in Kerry, than to a university professor in Dublin. He was also a wonderful mountaineer and scaled every notable peak in Ireland, England, Scotland, Wales and some in France’. Bhí sé ar dhuine den ghrúpa a théadh ag fánaíocht i sléibhte Chill Mhantáin agus a chuir suas plaic tuairim 1931 san áit a cuireadh Art Ó Néill tar éis gur éalaigh sé le hAodh Rua Ó Domhnaill as Caisleán Bhaile Átha Cliath i 1591/2. Tá sé ar dhuine díobh sin a chuir liosta téarmaí ar fáil nuair a bhí foclóir Béarla-Gaeilge de Bhaldraithe á ullmhú.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú