Bhain an leabharlannaí seo cáil amach dó féin mar scoláire staire agus mar bheathaisnéisí. Tá eolas ina thaobh sa cholún ‘Comhaimsearaigh’ in Inniu 29 Lúnasa 1957 agus i gcuntais iarbháis: ag Pádraig Ó Snodaigh in Comhar, Bealtaine 1996 agus in History Ireland, samhradh 1996; ag Gearóid Ó Tuathaigh in Connacht Tribune 8 Márta 1996; agus ag Nollaig Ó Gadhra in Feasta, Aibreán 1996. Gheofar cuntas freisin in From Queen’s College to National University: Essays on the Academic History of QCG / UCG / NUI, Galway, 1999 in eagar ag Tadhg Foley. Ba iad a thuismitheoirí Thomas O’Neill, feirmeoir, agus Anna Murphy. I mBalana i gCeatharlach a rugadh é ar 1 Samhain 1921 agus is sa bhunscoil ansiúd a adhnadh a spéis sa stair. As sin thug scoláireacht é i 1935 go dtí Coláiste Mhuire, meánscoil na deoise ar an gCnoc Beag, Ceatharlach, mar ar cuireadh oideachas air trí mheán na Gaeilge. Arís is scoláireacht ón gComhairle Contae a thug é i 1940 go dtí an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhí sé ina bhall gníomhach sa Chumann Gaelach ann agus baint aige leis an gComhchaidreamh ina dhiaidh sin. Bhain sé an chéad áit amach i scrúduithe an BA i 1943 sa Nua-stair agus i Nua-stair na Éireann agus ghnóthaigh scoláireacht iarchéime. Cúrsaí faoisimh i rith an Ghorta Mhóir a bhí mar thráchtas aige dá chéim mháistir i 1946 agus is dá thoradh a bhuaigh sé Duais Chuimhneacháin an Ardeaspaig Breathnach. ‘An outstanding piece of work’, a thugann Ó Tuathaigh air. D’fhan spéis aige ar feadh a shaoil sa Ghorta agus moltar go háirithe an aiste atá aige in The Great Famine, 1956 in eagar ag R. Dudley Edwards agus T. Desmond Williams; tuairiscíodh i 1957 (Inniu) go raibh leabhar á scríobh aige faoi.

Is léir go raibh a iúl cheana féin aige ar an leabharlannaíocht scolártha. Chabhraigh sé i 1945 leis an Aonach Leabhar a eagrú mar chuid d’imeachtaí cuimhneacháin Thomáis Dáibhís agus le taispeántas in ómós do Dhónall Ó Conaill sa Leabharlann Náisiúnta. D’fhreastail sé ar chúrsa leabharlannaíochta in Ollscoil Londan i 1947 agus chaith bliain i Músaem na Breataine agus in institiúidí eile léinn ag taighde ar lámhscríbhinní a bhain le hÉirinn i dtreo go ndéanfaí iad a mhicreascannánú. Ceapadh é ina Leabharlannaí Cúnta sa Leabharlann Náisiúnta i 1948. Tugadh ar iasacht é don choiste taighde sa Roinn Gnóthaí Eachtracha chun cabhrú leo sa bhfeachtas in aghaidh na críchdheighilte ar cuireadh tús leis i 1949 agus ba é a scríobh cuid dá bhfoilseacháin faoin ainm ‘Lionel Thomas’ (Ó Snodaigh in Comhar). Níor fhill sé ar an Leabharlann Náisiúnta go dtí 1953 agus ceapadh ina Choimeádaí Cúnta é (Inniu, 15 Bealtaine 1953 sa cholún ‘Ar an Nuacht’). Thuairiscigh Inniu i 1957: ‘Tamall gairid ó shin tháinig sé ar bhunchóip den chonradh a síníodh i 1643 idir Chomhghuaillithe Chill Chainnigh agus Iarla Urmhumhan nárbh fheasach do lucht na Leabharlainne í a bheith ann in aon chor . . .’. Tá de cháil air go raibh sé ar an staraí ba thúisce, b’fhéidir, a thuig a thábhachtaí atá an stair áitiúil agus i 1958 d’fhoilsigh Cumann Leabharlann na hÉireann a leabhrán Sources for Local History. ‘Sa leabharlann féin, thionscain sé innéacsáil an Freeman’s Journal le cabhair na bpríosúnach i bPort Laoise. Níor leanadh leis is trua, ach a bhfuil déanta tá sé thar a bheith cuiditheach—agus is mó príosúnach a bhí buíoch as an deis: duine amháin ar a laghad ar a shaoradh a chuaigh chuig Tom ag gabháil buíochais leis as an obair a choimeád ó Theach na nGealt é’ (Ó Snodaigh); is é a bhí san innéacsáil sin ná cuid den chur chuige a bhí ar siúl chun foclóir beathaisnéise náisiúnta a ullmhú, agus is ar Thomás a cuireadh cúram bhailiú an eolais (tuairisc Inniu i 1953); níor leanadh ar aghaidh le scéim na beathaisnéise, áfach. Deir Ó Gadhra go raibh sé ina chomhairleoir staire ag an bhfoireann a rinne na scannáin Mise Éire agus Saoirse? do Ghael Linn. Deir sé freisin gurbh é is mó a thug cúnamh, ó thaobh na staire de, chun óráid John F. Kennedy os comhair Thithe an Oireachtais i 1963 a réiteach.

Foilsíodh an bheathaisnéis Fiontán Ó Leathlobhair, 1962 agus admhaíonn Tomás ann gur thug Donncha Ó Céileachair cabhair mhór dó chun slacht a chur air. Bhí d’ardmheas ag an Uachtarán de Valera ar an saothar sin gur iarradh ar an Roinn Oideachais Tomás a scaoileadh saor óna phost chun beathaisnéis údaraithe de Valera a scríobh. Deir Tim Pat Coogan in De Valera . . ., 1993 go raibh Frank Gallagher (d’éag 1962) á scríobh le tamall maith agus gurbh eol do Dev an t-ardmheas a bhí ag an nGallchóireach ar Thomás de bharr na taithí a bhí acu ar a chéile agus iad ag obair don Mansion House Anti-Partition Committee. Ba é Tomás dáiríre údar De Valera, 1970, cé go dtugann Hutchinson, foilsitheoirí, tús áite don Earl of Longford sa leathanach teidil. I gcás na beathaisnéise Gaeilge, De Valera, 1968-70, in ainneoin a mhéid a chuir cumas Gaeilge, cúram agus deise scríbhneoireachta Phádraig Uí Fhiannachta leis an saothar, is é ainm Thomáis atá chun tosaigh mar údar agus mar eolaí ar an stair; bhí i gceist an tríú himleabhar a thabhairt amach.

Ceapadh é ina léachtóir le stair i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, i 1968. Baineann cuid mhaith de chuntas Uí Ghadhra leis an tionchar a bhí aige ar shaol na hollscoile agus na Gaillimhe; is leis ba thúisce, mar shampla, a rith an smaoineamh go ndéanfaí 500 bliain Chathair na Gaillimhe a chomóradh i 1986. Bhí teideal ollaimh aige nuair a chuaigh sé amach ar pinsean i 1987. Chuaigh sé chun cónaithe arís i mBaile Átha Cliath d’fhonn leanúint dá thaighde ar an stair. Scríobh sé cuid mhór alt ach b’fhéidir gurbh í a fhéile a chaitheadh sé leis an bpobal, le cumainn agus le húdair a bhac air níos mó leabhar a fhoilsiú. ‘Seldom has someone appeared so often in the acknowledgements of so many authors. But not only authors were grateful; so also were undergraduates and graduates at UCG, and local history societies all over the country whose journals and lecture schedules witness his availability’ (Ó Snodaigh in History Ireland). D’fhág sé a chuid páipéar le huacht ag an Leabharlann Náisiúnta agus ina measc tá na saothair nach raibh tugtha chun críche aige nuair a d’éag sé 2 Márta 1996. Bhí cúigear clainne aige féin agus a chéad bhean Mairéad O’Connor (d’éag 1963). Bhí leanbh amháin aige féin agus an dara banchéile, Marie Hughes, a bhí ina heagarthóir ar Dublin Historical Record agus a scríobh From Parnell to de Valera: a Biography of Jennie Wyse Power, 1991.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú