Pearsa mhór i ndomhan an cheoil in Éirinn ba ea é, sna 1940idí go háirithe. Tá eolas ina thaobh in Who’s Who, What’s What and Where in Ireland, 1973 agus in New Grove dictionary of music and musicians, 2000. I mBaile idir Dhá Abhainn i gContae Shligigh a rugadh é 30 Samhain 1909. Ba é an mac ba shine é ag Patrick Bowles, siopadóir, agus a bhean Margaret Dodd; luaitear ceathrar deirfiúracha sna fógraí báis. In Mount Sackville, Baile Átha Cliath, a cuireadh bunoideachas air. Cuireadh meánoideachas air i gColáiste Belvedere. Sula ndeachaigh sé le ceol bhí cúig bliana caite aige mar oifigeach cléireachais sa Roinn Oideachais. Is mar ábhar oifigigh a chuaigh sé isteach i Scoil Cheoil an Airm i 1932. Rinne sé staidéar faoi Fritz Brase ansiúd agus faoin Dr John F. Larchet (1884-1967) agus Riobard Ó Duibhir sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhí sé ina chaptaen i Scoil Cheoil an Airm anuas go dtí 1941. Bhí sé ina stiúrthóir ar roinn an cheoil i Radio Éireann ar feadh 1941-48. Ba é a bhunaigh Ceolfhoireann Cheolchoirmeach an stáisiúin agus ba é príomhstiúrthóir na Ceolfhoirne Siansaí é. Leagtar air de ghnáth gur chuir sé tús leis na ceolchoirmeacha poiblí. Deir Maurice Gorham (Forty Years of Irish Broadcasting, 1967): ‘The name of Michael Bowles is most often associated with the pioneering of public symphony concerts in Dublin, but vixere fortes ante Agamemnon, and much brave effort had been made to pave the way for the successful series that he started in 1941’; agus luann sé na ceolchoirmeacha a d’eagraigh Radio Éireann roimh 1941. Bhunaigh Bowles Cór Radio Éireann. D’éirigh sé as a phost i 1948; ‘responding to pressure brought about by extensive expansions in broadcasting’ an chúis a bhí leis dar le Grove. Deir Gorham gur ag tabhairt camchuairte na Mór-roinne ar lorg ceoltóirí don cheolfhoireann mhéadaithe an cúram dhá bhliain a tugadh dó. D’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath um Shamhain 1947. Bhí conradh déanta le Jean Martinon go stiúródh sé an cheolfhoireann i rith míonna tosaigh 1948 agus dúradh le Bowles leanúint dá chuardach sa Mhór-Roinn; ach ina áit sin is amhlaidh a d’éirigh sé as a phost. Bhí lucht leanúna líonmhar ag Bowles agus bhí siad an-mhíshásta. ‘The rights and wrongs of the Bowles case have long been argued, and controversy has arisen again on several occasions when there seemed to be a possibility that Bowles might be brought back as permanent conductor of the RESO. Looking at it from the angle of history, it seems tragic that the most generous scheme ever embarked upon in the history of Radio Éireann should have ended so unhappily, and that the object of getting an Irish conductor for the most important Irish orchestra should not have been achieved’ (Gorham).

Tuairim an ama sin bhíodh sé ag moltóireacht ag comórtais an Oireachtais. Chuaigh sé go dtí an Nua-Shéalainn in Aibreán 1950 agus bhí ina phríomhstiúrthóir ar an gceolfhoireann shiansach ann ar feadh 1950-53. Bhí sé ina stiúrthóir ar Indianapolis Philharmonic Orchestra 1957-63 agus ag obair i Scoil Cheoil Birmingham i Sasana 1964-69. Ó 1971 ar aghaidh bhí sé ag múineadh ceoil i mBaile Átha Cliath. Chóirigh sé na foinn don sraith d’amhráin a bhí i gcló ag Ríonach uí Ógáin san Irish Times. Bhí Dosaen amhrán do leanaí , 1943 curtha amach ag an nGúm faoin leagan Gaeilge dá ainm. Leabhair agus saothair cheoil leis is ea: Claisceadal I-II, 1985-86; A Dozen Children’s Songs, 1936; Three Masses, 1948; Burl Ives’ Book of (100) Irish Songs, 1960 in eagar aige agus foinn curtha aige leis na hamhráin; The Art of Conducting, 1960; 5 Songs on Poems of James Stephens, 1961. Bhí cónaí air ar feadh tamaill i Ros Ó gCairbre, Co. Chorcaí, agus ina dhiaidh sin i mBaile Átha Cliath arís. D’éag sé ar 5 Aibreán 1998 agus adhlacadh é i Seangánach, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí sé pósta ar Catherine Fitzgerald.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú