I Lios Coill sa Droichead Nua, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 5 Eanáir 1875. Dúradh in Connacht Tribune i ndiaidh a bháis gur chainteoirí dúchais Gaeilge a thuismitheoirí Matthew Hynes agus a bhean Mary (nee Hynes). ‘Labourer’ an cur síos ar shlí bheatha Mhaitiú sa teastas breithe. Cuireadh oideachas air i gColáiste Chnoc an tSamhraidh i Sligeach agus i Maigh Nuad. Moladh go hard a iarrachtaí sa chomórtas aithriseoireachta agus sna comórtais le haghaidh aistí ar ‘Baint urlabhra le náisiúntacht’ agus ‘Céard is fírinne ann?’ ag an gcéad Oireachtas (Irisleabhar na Gaedhilge, Meitheamh 1897). Deirtear go raibh baint aige le bunú Chuallacht Cholm Cille i Maigh Nuad. Oirníodh é in 1898. Bhí sé ina ollamh i gColáiste Chnoc an tSamhraidh 1899-1900. Bhí sé ina shagart cúnta sa Ghráinseach, Co. Shligigh, nuair a cheangail sé le Conradh na Gaeilge in 1899.

Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 17 Meitheamh 1899 gur fhreastail sé ar chruinniú de Choiste an Oireachtais agus san iris chéanna ar 12 Lúnasa 1899 go raibh sé ar saoire in Inis Meáin agus go raibh sé sa láthair ag cruinniú de Chraobh na mBan ann. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 13 Meán Fómhair 1902 é a bheith ag teagasc Gaeilge do na mná rialta sa Chlochar Ursalach i Sligeach. Is mar seo a labhair an Dr Seán P. Mac Énrí air: ‘Is olc liom a rá gur gallda ar fad an baile é baile mór Shligigh. Taobh amuigh de bheagán daoine—an Dochtúir urramach Mac Fhlannchadh, an tAthair Ó hEidhin, sagart nó dhó eile, cuid de na mná rialta agus de na bráithre, agus corr dhuine nach iad—ní chuireann formhór na ndaoine fásta suim seanscuaibe sa teanga. . .’. Moladh go hard é i ngeall ar Fheis Shligigh agus ar Chraobh Shligigh agus an obair a bhí ar siúl sa cheantar aige féin agus a chuid ‘leifteanant’ (idem 28 Aibreán 1906). Le linn dó a bheith i gCliafuine chuaigh sé féin agus Pádraig Ó Maoilchiaráin ó theach go teach lena fhiosrú conas mar a bhí staid na teanga labhartha sa pharóiste (idem 4 Bealtaine 1907). Aistríodh go Sligeach é tuairim an ama sin agus ba ghairid go raibh rang á reáchtáil aige do mhúinteoirí dhá thráthnóna sa tseachtain agus tinreamh de 25 orthu (idem 27 Iúil 1907). D’inis easpag na deoise do Phádraig Mac Piarais agus do Francis Bigger go raibh pleananna aige chun an teanga a shábháil i Machaire Eabha agus chuige sin go raibh an tAthair Ó hEidhin curtha aige ann (idem 7 Meán Fómhair 1907). Tá cuntas ar a shaothar in Inis Muirígh i bpáipéar an Chonartha ar 14 Meán Fómhair 1908 agus, ar 6 Meitheamh 1908, cuntas ar Fheis Shligigh agus ar aeraíocht a chuir sé ar siúl i Scríd in aice leis an nGráinseach.

Bhí sé ina Dhéan ag na mic léinn i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, faoi 1911 agus ina bhall den Bhord Stiúrtha i 1913 agus ina rúnaí an bhliain dár gcionn. Bhí sé ina Chláraitheoir agus ina Ollamh le Seandálaíocht Cheilteach ó 1916 go 1934 agus ina Uachtarán ó 1934 ar aghaidh. Ó 1918 bhí ina bhall de Sheanad Ollscoil na hÉireann agus ina Leas-Seansailéir ó 1939. D’éag sé 8 Eanáir 1949.

In Scríobh 5, 1981 deir Criostóir Mac Aonghusa go raibh an Rialtas ag iarraidh deireadh a chur le Coláiste Ollscoile na Gaillimhe tuairim 1925 agus gur cuireadh agóid ar siúl. ‘B’é an tAthair Seán Ó hEidhin a bhí ar thús cadhnaíochta san agóid seo. Eisean ba shéiplíneach do na mic léinn agus shaothraigh sé cáil dó féin ag cosaint an choláiste. Níor lig sé a leas ar cairde. Shantaigh sé bheith ina Mheabhránaí sa Choláiste, ach an té a bhainfeadh an chéim sin amach níor mhór dó bheith ina ollamh an chéad uair. Anois, ní raibh ollúnacht ar domhan a raibh Seán Ó hEidhin feiliúnach di. Níorbh ann dó i gcúrsaí acadúla. Ach duine ionnasach a bhí ann. Bhuail sé soir go dtí an Bhreatain Bheag, d’fhan trí seachtainí ann, fuair dioplóma sa rud ar a dtug sé Seandálaíocht Cheilteach, agus le teann ionramhála thug sé ar lucht ceannais na hOllscoile cathaoir Seandálaíochta a bhunú agus eisean mar Ollamh. Ní raibh de thuarastal dó ach deich bpunt sa bhliain. Ach níor mhiste faoi sin. D’fhéadfadh sé bheith ina Mheabhránaí feasta. Agus bhí, nuair a tháinig an t-am. Ní hé amháin sin, ach d’éirigh leis bheith ina Uachtarán ar an gColáiste Ollscoile ina dhiaidh sin, rud nár chuidigh le céim, réim, ná le mic léinn an Choláiste’. ‘Pa’ a thugtaí air de ghnáth.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú