Ní thiocfá ar mhórán samplaí ab fhearr ar fhoghlaimeoir nárbh fhéidir a aithint thar fhear Gaeltachta. Saolaíodh é i nGleann Aireamh, Co. Aontroma, ar 14 Deireadh Fómhair 1884. Mairnéalach ba ea a athair agus ní raibh fhios ag Seán gur chainteoir dúchais Gaeilge é go dtí go raibh sé féin ag iarraidh an teanga a fhoghlaim as leabhair Uí Ghramhnaigh. Bunscolaíocht amháin a fuair Seán, i nGleann Aireamh ar dtús agus i mBéal Feirste ansin nuair a d’aistrigh an chlann ann. Bhí sé a 12 san am sin. Níor thaitin scoil na cathrach leis. Bhíothas ag iarraidh air bheith ina mhonatóir ann ach ghlac sé le post i muileann lín ag obair ó 6.30 a.m. go 6.00 p.m. ar chúig scilling sa tseachtain. Tamaill ghairide ansin i siopa grósaera agus ina theachtaire teileagraf ar leathphingin an teileagraf. Chaith sé dhá bhliain i monarcha rópaí sula ndeachaigh sé le báicéireacht, ceird a chleacht sé go raibh 33 bliana d’aois aige. Bhain sé duais i gceardscoil Bhéal Feirste, de thoradh scrúdaithe, i dteicneolaíocht na báicéireachta.

Ó Méith an chéad cheantar Gaeltachta ar thug sé cuairt air. Samhradh amháin chuaigh sé ann gach Satharn ar thuras lae. Ní chosnaíodh an turas sin ach scilling agus deich bpingin—naoi nuaphingin! Phós sé Anna Nic Giolla Chomhghain as Na Rosa in 1910. Ní foláir nó bhí Gaeilge mhaith aige faoi 1911. Bhí aiste in An Claidheamh Soluis aige an bhliain sin agus an bhliain dár gcionn bhuaigh sé an chéad duais ar óid san Oireachtas. Ba ghearr go raibh sé ag múineadh san Ardscoil i mBéal Feirste.

Bhí sé sna hÓglaigh ó thús agus in 1917 ceapadh é ina rúnaí ag Coiste Ceantair Bhéal Feirste de Chonradh na Gaeilge. D’fhan sé sa phost sin ar feadh na mblianta corracha anuas go 1929. Nuair a dúnadh Coláiste Bhríde in Ó Méith, b’é Seán a thug ar an Athair Ó Muireadhaigh é a athbhunú i Rann na Feirste. Thaistil sé féin agus an Muireadhach Cúige Uladh le chéile nuair a bhí Comhaltas Uladh á eagrú in 1926.

Easaontas i measc Ghaeilgeoirí Bhéal Feirste a thug air a phost a chaitheamh in airde agus aistriú go Baile Átha Cliath in 1930. Bhí glactha ag an nGúm lena aistriú ar The flight of the eagle (Standish O’Grady) agus lean sé air ag aistriú i mBaile Átha Cliath. Bhí punt le fáil in aghaidh gach míle focal agus d’éirigh leis a chuid a shaothrú ar an gcuma sin, éacht nuair a chuimhnítear go raibh 11 ghasúr sa chlann aige. Tairgeadh post leaseagarthóra sa Ghúm dó in 1931. Buanaíodh sa phost é in 1934. Theip an radharc air i ndeireadh a shaoil. D’éag sé ar 22 Eanáir 1973. Mac dó an scríbhneoir Seán óg Mac Maoláin. Is ar an 23 Meán Fómhair 1911 a rugadh Seán Óg agus d’éag sé 23 Lúnasa 1990. Sholáthair sé na haistriúcháin Clann Odin (1936) (Pádraic Colum) agus Na géacha fiadhaine (1935) (Stanley Weyman).

Scríobh sé a chéad leabhar in 1922, An bealach chun na Gaedhealtachta. Tháinig a leabhar deireanach, a dhírbheathaisnéis Gleann Airbh go Glasnaíon, amach in 1969. Ó 1931 amach, is beag nár scríobh sé leabhar in aghaidh na bliana. Ar na leabhair bhunaidh is aitheanta dá chuid, tá na cnuasaigh gearrscéalta: Ceannrachán cathrach (1935), Finnscéal agus fírinne (1942); úrscéil: Éan corr (1937), Iolar agus sionnach (1938), Slis den tsaoghal (1940), Nuala Ní Néill (1942), Ór Inis Tor (1940), File callánach (1940): ‘scéil samhlaíochta’: Algoland (1947), Na hoileáin séanmhara (1953), Iomramh Ghlómair (1952); leabhar ar Bhéal Feirste: I mBéal Feirste domh (1942); dráma: Cinneamhain Chonaire (1945); dán a bhunaigh sé ar Togail Bruidne Da Derga: Laoi Chonaire Mhóir (1953); leabhair ar an teanga: Cora cainte as Tír Chonaill (1933), Lorg an Bhéarla (1957), Gáidhlig agus Gaeilge (1962). D’aistrigh sé go Gaeilge: Feardorcha truailldhe (1933) (Fardorougha the miser le William Carleton); Comhlucht na maide mianach (1933) (The pit-prop syndicate le Freeman Wills Crofts); Scéal fá dhá chathair (1933) (A tale of two cities le Charles Dickens); Imtheacht an iolair (1933) (The flight of the eagle le Standish O’Grady);Caitríona (1933) (Catriona le Robert Louis Stevenson); Cás deireannach Trent (1934) (Trent’s last case le E. C. Bentley); An uaigh sa choillidh (1935) (Sir John Magill’s last journey le Freeman Wills Crofts); An eochair os ceann an dorais (1936) (The key above the door le Maurice Walsh; cuireadh amach sa chaighdeán oifigiúil é, in eagar ag Nicholas Williams, faoin teideal An eochair os cionn an dorais, 2006); Marco Polo (1938) (Messer Marco Polo le Donn Byrne); An crúiscín Síneach (1938) (The Kang-Ha vase le J. S. Fletcher); Neart na cú-nimhe (1940) (The power of the dog le Donn Byrne); Tír na leomhan (1940) (In the land of the lion le Cherry Kearton); Stair Chondae Mhuineacháin (1940) (saothar le Micheál Ó Flannagáin); Peadar (1945) (Peter le Rutherford Mayne); An Grógánach agus an peiréad (1945) (Grogan and the ferret le George Shiels). D’aistrigh sé scéal William Carleton, ‘Tubber Derg’ go Gaeilge faoin teideal ‘Tobar Dearg’, é ina chodanna in An tUltach, Feabhra 1931-Meitheamh 1932. Tá an bunscéal i gcló in Traits and stories of the Irish peasantry, Imleabhar a 4, (1843-44).

Tá eolas breise ina thaobh ag Pádraig Ó Baoighill in ‘Scríbhneoir as Glinnte Aontroma’, Feasta, Deireadh Fómhair 1988. D’fhoilsigh Cois Life Seán Mac Maoláin agus ceart na Gaeilge (2003) le Gearóidín Uí Laighléis.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú