Ó DUIBHEANNAIGH, Seán (1920–2013)

I gCarraig an Choill, Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall, a rugadh Seán Ó Duibheannaigh (John Phadaí Hiúdaí nó John Ghráinne) ar 20 Deireadh Fómhair 1920. Teach mór ceoil agus seanchais a bhí i dteach Phadaí Hiúdaí agus bhí John an-eolach ar a shinsir féin agus ar shinsir na gcomharsan. Ba ghnách leis tosú lena gharmhac féin agus dul siar deich gcinn de ghlúine go dtí an chéad duine a chuir faoi i Rann na Feirste: John Ghráinne John Phadaí Hiúdaí Phadaí Eibhlín Aoidh Róise Sheáin Mhic Grianna! Luadh sé athair a mháthar, Gráinne, is é sin Conall Eoinín fosta, fear a raibh aithne aige féin air. Ba chlann an dá dheartháir é féin agus Aodh, Conall agus Neilí Mhicí Hiúdaí. Bhí sárchuimhne aige agus eolas ar lá breithe agus ar aois bhunús gach duine sa chomharsanacht, go háirithe a ghlúin féin. Chuaigh sé chun na scoile chuig an Mháistir Ó Baoill agus é cúig bliana d’aois. Ainneoin go raibh sé glúin níos óige ná iad, bhí aithne mhaith aige ar na scríbhneoirí iomráiteacha Séamus agus Seosamh Mac Grianna, clann Fheidhlimí (Dhomhnaill Phroinsias) Mhic Grianna, agus go háirithe ar Sheán Bhán, an mac ab óige sa teaghlach.

Bhíodh muintir Choláiste Bhríde, ina measc Seán Ó Baoill agus Jerry Hicks as Ard Mhacha, agus Séamas Ó Mealláin as Béal Feirste, ag stopadh i dtigh a mhuintire áit ar chuala siad mórán d’amhráin dhúchasacha Rann na Feirste. Ba san am sin a chuir triúr – deartháir le John, Aodh Ó Duibheannaigh, Seán Ó Baoill agus Réamonn Ó Frighil – an leabhar Cnuasacht de cheoltaí Uladh (1944) le chéile. Ba mhinic John ag céilithe sa choláiste agus sa chomharsanacht. Is beag a shamhail sé, mar a d’admhaigh sé, go mbeadh sé féin ag obair sa choláiste céanna mar mhúinteoir rince, seanchais agus teanga ar feadh tréimhse daichead bliain ina dhiaidh sin.

D’fhág John an scoil in 1935 agus d’imigh ar fostú ar an Lagán mar a thugtar ar an cheantar a chuimsíonn oirthear Dhún na nGall, iarthar Thír Eoghain agus deisceart Dhoire. Chaith sé sé mhí le Micí Mac Con Midhe agus a bhean Ann i nGleann Mac Cathbhairr, míle taobh amuigh den Ghoirtín i gContae Thír Eoghain, agus mhaígh sé nár fhulaing sé riamh cruatan mar a d’fhulaing go leor ag an am. An bhliain dár gcionn d’imigh sé go hAlbain lena athair agus bhíodh sé ag obair in áiteanna éagsúla in Lanarkshire, in Biggar, in Carnwath, taobh thoir de Dhún Éideann agus ar oileán Kerrera amach ón Óban. D’fhill sé ar Éirinn agus ar Bhaile Átha Cliath mar a bhfuair sé obair ag tiomáint leoraí bainne. Nuair a chuaigh sé ar ais go hAlbain casadh a chomharsa Gracie Neidí Phadaí Éamainn air agus níorbh fhada gur pósadh an dís ar 12 Deireadh Fómhair 1957 in Eaglais Eoin Baiste i bPort Ghlaschú na hAlban. Chuaigh siad a chónaí in 27 Sráid Surrey i nGlaschú ar feadh tréimhse de bhlianta ach ba é mian na beirte go dtógfaí an teaghlach sa bhaile i dTír Chonaill agus cheannaigh siad feirm bheag i Mín na Leice, cúpla míle soir ó Rann na Feirste.

Seachtar de theaghlach ar fad a bhí ag John agus Gracie: Gráinne, Maighréad, Eilín, Síle, Méabh, Máire agus Róisín. Fuair Eilín bás go tragóideach i dtaisme gluaisteáin ar 9 Meán Fómhair 1978. Bhí John an-ghníomhach ar an choiste troda a bhí ag Rann na Feirste leis an scoil náisiúnta a athoscailt in 1972. Mura mbeadh an seasamh docht a rinne muintir an bhaile ní bheadh scoil mhaith i Rann na Feirste anois a bhfuil suas le ceithre scór ag freastal uirthi. Chuidigh Gael-Linn leis an fheachtas sin agus rinneadh fadcheirnín a cuireadh ar an mhargadh mar thacaíocht don scoil náisiúnta. D’eisigh Gael-Linn dlúthdhiosca, Rann na Feirste: ceol agus amhráin (2006), den cheirnín seo ó shin agus tá John ag canadh ‘Rachaidh mé a’ scileadh amárach’ air. Tá sé le cluinstin ar an dlúthdhiosca Ceol Cheann Dubhrann (2006) chomh maith ag canadh ‘Níon an Bhaoighilligh.’ D’ainneoin nach raibh an clú céanna air is a bhí ar a dheartháir Aodh i dtaca leis an cheol de, bhí eolas domhain fairsing aige ar amhráin agus guth maith lena rá fosta, rud is léir ó na taifeadtaí. Is trua nach bhfuil tuilleadh acu ann.

Chaith an teaghlach seacht mbliana déag i Mín na Leice ach faoi dheireadh bhog siad ar ais go dtí an áit ar ól an t-uan an bainne ar an Ard Bhán, na hAcraí, Rann na Feirste. Faoin am seo bhí John ar fhoireann Choláiste Bhríde agus é i mbun damhsa. Bhíodh ardchlú ar Choláiste Bhríde sna blianta sin – bhaist an Cairdinéal Tomás Ó Fiaich ‘Ollscoil na Gaeltachta’ uirthi. D’aithin na scoláirí a thaithíodh an ceantar go raibh bua ar leith ag John de thairbhe cruinnis cainte agus an-chur amach aige ar stair na dúiche. Mar a scríobh a sheanchara Pádraig Ó Baoighill faoi i ndiaidh a bháis, bhí:

…aithne leitheadach air, ní hamháin ar fud Chúige Uladh ach ar fud na hÉireann. Nárbh iomaí Ollamh Ollscoile nó múinteoir scoile nó buachaill nó cailín a bhí ag déanamh céim ollscoile a thug cuairt air i Rann na Feirste agus roinn sé leo go fial fáiltiúil an chuid ab fhearr de sheanchas, de bhéaloideas agus de chanúint dhúchasach Rann na Feirste (2014).

Sna 1970idí agus sna 1980idí ba ghnách le Micheál Ailf Ó Murchú, léachtóir le Gaeilge san ollscoil, cuid mhac léinn Ollscoil Uladh a thabhairt chuig John le héisteacht le saibhreas cainte nach raibh a leithéid ag mórán eile. Mhair John ag tabhairt ranganna do mhic léinn as Ollscoil na Ríona agus Ollscoil Uladh, agus iad ar chúrsaí Gaeltachta, go raibh sé thar na ceithre scór bliain d’aois. Labhraíodh sé leo ar an uile rud a shíl sé a bheith úsáideach acu, scéalaíocht, dúchas na Gaeilge, polaitíocht na teanga agus cúrsaí an tsaoil. Bhí an-bhua i gcónaí aige agus é ag labhairt le daoine óga nó bhí féith an ghrinn go smior ann agus foighne gan insint lena cois. Bhí ar a chumas seasamh siar ón saol agus barúil mheáite chothrom a thabhairt ar na gnásanna traidisiúnta a chonaic sé féin.

Rinneadh cláir teilifíse agus sraith clár raidió faoi agus mhaígh Antaine Ó Donnaile, léiritheoir le BBC Uladh, gurbh iad na cláir a rinne sé le John an obair ba luachmhaire a rinne sé sa tréimhse a chaith sé leis an BBC.

Cuireadh saothar amach in 2008, An áit a n-ólann an t-uan an bainne, ina bhfuil taifeadadh agus athscríbhinn ar John ag insint scéalta faoina shaol mar aon le grianghraif go leor. I measc go leor nithe eile, cuimhníonn John ar chuideachta na n-údar Ultach Séamus Ó Grianna, Seán Mac Maoláin agus ‘Fionn Mac Cumhaill’ agus iad ag ól i dteach tábhairne The Cat and Cage ar Bhóthar Dhroim Conrach, Baile Átha Cliath. Ta cuntas ann fosta ar bhlianta an Dara Cogadh Domhanda agus é ag obair in Albain. Tráth a bhí sé ag obair i monaracha arm in Hellington ba é bus uimhir a cúig déag a thugadh ann é. Oíche amháin chuala sé Lord Haw Haw ag maíomh ar an raidió: ‘Tá muidinne [arm na Gearmáine] ag gabháil gan mhoill go Hellington … chan bus uimhir a cúig déag a bheas linn ach oiread!’ Dúirt John go bhfuair an tÉireannach drochiomrá ina dhiaidh sin as siocair Éireannaigh a bheith líonmhar sa mhonarcha ach, ina dhiaidh sin, ‘b’fhéidir nach Éireannach ar bith a bhí á dtabhairt ar shiúl.’

Fuair John bás ar 20 Nollaig 2013 agus é 94 bliain d’aois. Rinne an BBC clár speisialta ar bheatha John a craoladh ar 20 Eanáir 2014. Dhá bhua faoi leith a bhí aige mar John, ardchaighdeán saibhris agus acmhainn ghrinn. Dar le Cathal Ó Searcaigh go raibh sé ar na cainteoirí ba bhlasta dár casadh air riamh.

Seán Mac Labhraí

Leabhair

Ailt

  • Ó Baoighill, Pádraig (2014) ‘Seán (John Ghráinne) Ó Duibheannaigh’ [ar líne]. Ar fáil ag: http://www.goitse.org/2014/01/sean-john-ghrainne-o-duibheannaigh/ [Faighte 10 Márta 2015].

Suíomhanna gréasáin

  • Ceann Dubhrann Ar fáil ag: http://www.bbc.co.uk/irish/articles/view/718/english/ [Faighte 10 Márta 2015].
  • ‘Clár Speisialta le John Ghráinne’ Ar fáil ag: http://www.bbc.co.uk/programmes/p00t5zl8 [Faighte 10 Márta 2015].