Tá cuntas iarbháis ar an gceoltóir seo in Foinse 2 Aibreán 2006 agus in Irish Times 8 Aibreán 2006 agus ómós ag Michelle Nic Pháidín in An tUltach, Aibreán 2006. Ba é Lillis Ó Laoire a scríobh an iontráil in The Companion to Irish Traditional Music (1999) in eagar ag Fintan Vallely. Tá tagairtí ag Pádraig Ó Baoighill sa chuntas ar an mBun Beag in Gaeltacht Thír Chonaill: Ó Ghleann go Fánaid (2000). Bhí sé ina uachtarán ar Oireachtas 2004 i Leitir Ceanainn. Bhí cáil air mar pheileadóir, mar fhidléir, mar aisteoir, mar chumadóir amhrán agus geamaireachtaí; ach dhealródh gur mhó a cuireadh lena chlú náisiúnta ná rud ar bith eile gurbh é athair Mhairéad Ní Mhaonaigh, ceoltóir Altan, é. I gCois Cláidí i nGaoth Dobhair a rugadh é ar 28 Aibreán 1922. B’as na Rosa dá athair, Proinsias, ach deirtear gurbh as dá mhuintirsean. B’as Cois Cláidí do mháthair ár bProinsiais (Francie), Róisín Ní Bhraonáin. Cuireadh bunoideachas air i gCnoc an Stollaire agus meánscolaíocht i gColáiste Éinde, Gaillimh. Cháiligh sé mar mhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Bhí poist aige i agus sa Mhí ach ó 1957 go 1986 is i Scoil Adhamhnáin sa Luinnigh, Dún na nGall, a bhí sé, é ina phríomhoide ann ó 1978.

‘Peileadóir den scoth a bhí ann a bhí ar fhoireann Ghaoth Dobhair a bhain Craobh an Chontae in 1944, 1945 agus 1953. D’imir sé peil do thrí chontae – Tír Chonaill, Co. agus Co. na Gaillimhe (mionúr). Chaith sé blianta ag saothrú mar oifigeach, mar thraenálaí, mar bhainisteoir agus mar uachtarán ar C.L.G. Ghaoth Dobhair’ (Foinse). Thabharfá leat, b’fhéidir, as grianghraf in Glór Ghaoth Dobhair (c.1991) go raibh sé ar an bhfoireann a bhuaigh craobh an chontae in 1938, cé nach raibh sé ach 16 bliana d’aois san am. Deirtear in Irish Times nár mhiste leis cosc C.L.G. ar chluichí gallda a shárú agus gur imir sé uair ar fhoireann sacair áitiúil. B’fhéidir gur go hóg ina shaol freisin a thosaigh sé le hAisteoirí Ghaoth Dobhair, cé nach raibh cónaí air go buan i dTír Chonaill ach ó 1957 ar aghaidh. Ba é a scríobh na geamaireachtaí a bhí ar stáitse acu ó 1961 amach. ‘Gleanntáin Ghlasa Ghaoth Dobhair’ an t-amhrán is aitheanta dár chum sé. Deirtear i gcuntas Irish Times gur aistrigh sé amhráin na mBeatles! Sheinneadh a mháthair an consairtín ach deir Ó Laoire gurbh i gColáiste Éinde a d’fhoghlaim sé an veidhlín agus gurbh é go háirithe ba chúis leis an mbláth a tháinig in athuair ar an bhfidléireacht agus ar an gceol ionstraime i gcoitinne in iarthuaisceart Dhún na nGall. Ba é faoi deara ‘Altan’ a bhaisteadh ar ghrúpa a iníne, Mairéad, ag cuimhneamh dó ar Loch Altan ag bun na hEaragaile. Nuair a d’éirigh sé as múinteoireacht scoile is ag múineadh ceoil a bhí sé feasta. ‘He always insisted that his own students honour the rhythmic demands of each reel, jig and hornpipe, in deference to their dance origins, a policy he encouraged with both beginners and accomplished players at Monday night sessions in Hiúdaí Beag’s pub in Bun Beag’ (Irish Times). Phós sé Kitty Ní Ghallchobhair Lá ’le Stiofáin 1955 agus bhí mac agus beirt iníonacha acu. Bhuaigh a gharmhac, Ciarán, an gradam ‘Ceoltóir Óg 2004’. Fuair Proinsias, nó Francie mar ba fhearr aithne air, bás ina theach féin 28 Márta 2006. ‘I mo dhiaidh bhí Gleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair is beag nár bhris mo chroí na focail ghoinbhlasta a cheol Paul Brady a fhad agus a bhí cónra Phroinsiais á hiompar chun a hadhlactha i dteach pobail Dhoirí Beaga ar 28 Márta’ (An tUltach). Cuireadh é i reilig Mhachaire Gathlán.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú