Tá a ainm snaidhmthe leis na hiarrachtaí a bhí ar siúl chun go gcaomhnófaí Scoil Éanna; ba dhuine de na hiontaobhaithe é. I 1980, cothrom an lae a rugadh Pádraig Mac Piarais, bhronn Fundúireacht an Phiarsaigh a nGradam air. Ba é faoi deara gur tugadh dhá pháirc de chuid Scoil Éanna mar ionad spóirt agus caithimh aimsire d’óige Ráth Fearnáin. I Leamhchoill in aice le Ráth Caola, Co. Luimnigh, a rugadh é ar 17 Lúnasa 1902. Edward Vincent a baisteadh air. Bhí a athair Thomas ina sháirsint sa Chonstáblacht Ríoga sa Leamhchoill. B’as an mBóthar Buí in aice le Ceann Toirc, Co. Chorcaí, dá mháthair Mary O’Connor. Bhí deirfiúr agus cúigear deartháireacha aige. Toisc gur sa Ráithín i gceantar Bhaile an Mhanaigh, Corcaigh, mar a raibh siopa beag ag a mháthair, a tógadh Éamonn is meas Corcaígh a bhí aige air féin. Bhí fear gaoil lena athair ag múineadh sa Seanbhaile sa chomharsanacht chéanna sin agus is sa scoil sin a cuireadh bunoideachas air. Chaith sé tamall gairid sa Mhainistir Thuaidh sular cuireadh go Coláiste na gCaipisíneach i mBaile an Róistigh é. Chaitheadh sé an tsaoire ag foghlaim Gaeilge i mBéal Átha an Ghaorthaidh.

B’fhéidir a rá gur chuir Cogadh na Saoirse deireadh lena thamall i gColáiste Ollscoile Chorcaí. Sa dileagra a tugadh dó oíche an Ghradaim úd deirtear: ‘In aois stócaigh is ógfhir duit rinne tú do chuid dhílis féin dár dteanga shinseartha. Ba thoilteanach fhonnmhar a d’fhág tú uait tranglam agus giúirléidí agus deiseanna an ardléinn is a ghlac chugat acraí agus trealamh na troda in am an éigin agus an ghéarchall. . . . Ba ghníomhach éachtach tú i ngach uile eagraíocht arb é a mian saoirse Éireann Gaelaí. Má luaitear Conradh na Gaeilge, Cumann Lúthchleas Gael agus Óglaigh na hÉireann ní beag sin.’ Scríobh sé cúpla de na hamhráin in Songs of Rebel Cork. Bhí sé in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh sa Chogadh Cathartha agus chaith tamall i gcampa coinneála an Churraigh.

Bhí sé deacair ag Poblachtaigh post d’fháil agus chaith sé roinnt blianta i Londain ina chléireach ag ceannaí fíona agus biotáille. Bhí sé fós ina bhall den IRA agus é de dhualgas air eolas a bhailiú agus a chur abhaile. Bhí baint aige le Cumann Lúthchleas Gael thall agus d’imríodh iomáint le London-Irish. Bhí sé ar ais in Éirinn ag pointe éigin i ndiaidh d’Fhianna Fáil dul isteach sa Dáil. Bhí baint aige le heagrú an taispeántais mhóir i gCorcaigh i 1930. Ba é an tráchtaire ar na cluichí Gaelacha é ag Radio Éireann i ndiaidh P.D. Mehigan agus sular tháinig Micheál Ó hEithir ar an bhfód i 1938. Bhí post aige i gComhairle na nOspidéal a cuireadh ar bun 21 Meán Fómhair 1933 chun comhairle a chur ar an rialtas maidir le riaradh ciste Iontaobhas Scuabgheall na nOspidéal, agus chun scéimeanna a chur faoina mbráid. Ba iad Seaghán Ó Síothcháin agus Éamonn eagarthóirí Oispidéil na hÉireann: Ireland’s Hospitals 1930-1955, [1956]. Sa Chomhairle a bhí sé go ndeachaigh sé amach ar pinsean.

Bhí sé ina bhainisteoir agus tamaill ina eagarthóir ar An Gaedheal idir 1931 agus 1934 agus ar An Camán ó 1934 go 1936, irisí a tháinig in áit An Claidheamh Soluis ach a bhí faoi chomhchúram Chumann Lúthchleas Gael agus Chonradh na Gaeilge. Bhí spéis ar leith aige i gcraoltóireacht raidió agus in éineacht le hAindrias Ó Muimhneacháin, Diarmuid Ó hAlmhain agus Leon Ó Dubhghaill bhí sé ina bhall de choiste raidióChonradh na Gaeilge a chuir amach an paimfléad An Gael agus an Radio, 1935, na cainteanna a chraol siad ag spreagadh Conraitheoirí chun a bheith páirteach sa chraoltóireacht Ghaeilge. Timpeall 1938-39 bhí baint mhór aige le hathréimniú Oireachtas na Gaeilge. Dhéanadh sé neart oibre go toildeonach ach is leor a lua anseo go raibh sé ina rúnaí ag Coiste Comórtha Wolfe Tone a chuir suas an dealbh i bhFaiche Stiabhna agus go raibh sé ina iontaobhaí i bPríosún Chill Mhaighneann. Phós sé Eithne Ní Dhochartaigh 9 Lúnasa 1938 agus bhí triúr mac acu. Leabharlannaí a chaith tamall ag obair faoi Frank O’Connor i Leabharlann Phembróc ba ea Eithne agus d’éag sí 8 Eanáir 1997. D’éag Éamonn 21 Iúil 1996.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú