Ba spéis leis go háirithe leaganacha Nua-Ghaeilge de sheanchlasaicigh a chur ar fáil agus ba é a chóirigh Agallamh na Seanóirí, 1984-86 (2 iml.); Foras Feasa ar Éirinn: Athnua 1 agus 2, 1982-83; Imeacht na nIarlaí, 1972 (i gcomhar le Tomás Ó Fiaich). Leabhar a scríobh sé do dhéagóirí is ea Pádraig Mac Piarais, 1979. Deirtear gur chóirigh sé le haghaidh cló tuairim cúig chéad leabhar. In The Mayo News 16 Lúnasa 1995 tugann Seán Ó hÉalaí, Michael Mullen agus Nollaig Ó Gadhra ómós dó; tá cur síos air ag Ó Gadhra in Agus, Deireadh Fómhair 1995.

I dtuaisceart chathair Chorcaí a rugadh é. Is beag má thugadh sé eolas i dtaobh a óige ná a chúlra d’aon duine dá chairde; fear an-phríobháideach ba ea é. Deir Ó Gadhra: ‘Más fíor, mar a dúirt léirmheastóir amháin faoi Dhónall Mac Amhlaigh, gurbh é “an tArm a rinne fear de” ba í an tréimhse a chaith Pádraig san Arm leis an Suirbhéireacht Ordanáis a rinne scoláire de. Cé nach raibh mórán thar bunoideachas aige nuair a chuaigh sé isteach san Arm, chaith sé a dhua ar fad ag léamh, ag cur oideachais air féin, ag bailiú eolais faoin iliomad gné den léann agus ag foghlaim aon rud a bhí le foghlaim ...’. Chaith sé tamall ag obair don Chlub Leabhar agus sna 1960idí freisin d’oibríodh sé mar eagarthóir páirtaimseartha ar Rosc, míosachán dátheangach Chonradh na Gaeilge. Tuairim 1965 ceapadh é ina bhainisteoir ar an The Mayo News, clólann a bhí ag Glúin na Buaidhe i gCathair na Mart, Co. Mhaigh Eo; ann a chlóbhuailtí leabhair Fhoilseacháin Náisiúnta Tta, chomh maith leis an The Mayo News féin agus an seachtanán Inniu; ar Phádraig a thiteadh sé profaí deireanacha Inniu a léamh gach Céadaoin. Chaith sé tamall ag obair in oifigí Inniu i mBaile Átha Cliath sular thosaigh sé ag obair do mhuintir Folens, foilsitheoir téacsleabhar scoile. Bhí sé ar ais in FNT ina dhiaidh sin. Tháinig deireadh le Inniu i 1984 agus le FNT i 1988 agus bhí sé fostaithe tamall ag Clódóirí Lurgan i gCois Fharraige. D’aistrigh sé ar ais go Maigh Eo ar ball agus bhí ina chónaí i Ros in aice le Caisleán an Bharraigh; bhunaigh sé an comhlacht Barrchló agus bhí foilsitheoireacht dheisce ar siúl aige chomh maith le heagarthóireacht ar leabhair agus ar irisí Gaeilge, an iris Saol ina measc. I 1994 bhronn Glór Mhaigh Eo Gradam Mhic Ruairí air. D’éag sé 11 Lúnasa 1995 agus bhí sé 57 bliain d’aois. Cuireadh é sa Pháirc, Co. Mhaigh Eo. Bhí sé pósta agus ceathrar mac agus triúr iníonacha aige. ‘Forest Edge’, Tamhnaigh Sheáin, an Ros, Caisleán an Bharraigh, a sheoladh sa teastas báis.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú