Cainteoir dúchais Gaeilge ó Cho. Luimnigh ba ea a seanathair Richard Sheehy (c.1812–1899) agus d’insíodh sé dá gharchlann faoin gcaoi a mbuailtí buille den slat air in aghaidh gach focal Gaeilge a labhraíodh sé ar scoil (Leah Levinson and Jerry H. Natterstad, Hanna Sheehy-Skeffington, Irish feminist, 1986). Bhí cumann Gaeilge aige i Luachma in aice an Teampaill Mhóir i gCo. Thiobraid Árann tuairim 1880 agus chuaigh sé i gcion go mór ar Liam P. Ó Riain nuair a thug sé leabhar Sheáin Uí Dhálaigh, Féin-teagasc na Gaedhilge, dó mar chúnamh chun scríobh na teanga a fhoghlaim.

Is mar gheall ar ghnó na clainne i Luachma a rugadh Caitlín ann ar 29 Aibreán 1886. Baisteadh í (Katherine Mary Joseph) in eaglais pharóiste Luachma 1 Bealtaine. Ba iad a sheas di an lá sin Daniel McCoy, deartháir a máthar Elizabeth, agus, thar ceann a haintín Kate Bean de Barra, a deirfiúr Hannah. Ba leis an aintín sin Óstán de Barra, Sráid Mhór na Danmhairge, Baile Átha Cliath.

Bhí a hathair David ag dul le sagartacht ar dtús. I gColáiste na nGael i bPáras a bhí sé féin agus a dheartháir Eoghan toisc nár theastaigh uathu mionn dílseachta a ghlacadh i Maigh Nuad. Cuireadh abhaile é nuair a bhí an calar forleata i bPáras in 1866. Chaith sé tamall i bpríosún i ndiaidh Éirí Amach 1867. Chuaigh sé le muilleoireacht ansin, i gCill Mocheallóg ar dtús, i gCeann Toirc ansin, agus i Luachma ar deireadh, tuairim 1878. Tháinig a athair Richard chun cónaithe leis ansiúd. Duine de na sagairt a thuill clú mar gheall ar a n-obair ar son Chonradh na Talún ba ea deartháir David, an tAthair Eoghan Ó Síthigh, sagart paróiste Bhrú na nDéise, fear a chuaigh i gcion go mór ar Éamonn de Valera nuair a bhí seisean ag fás suas san áit sin. B’as Baile Dhá Thuile, Co. Luimnigh, do mháthair Chaitlín. Ba í Caitlín an duine ab óige de sheisear: Hanna (a phósfadh Francis Sheehy-Skeffington), Richard, Margaret, Eugene, Mary (a phósfadh Tom Kettle) agus Caitlín.

Toghadh David Sheehy ina bhall parlaiminte in 1885. Sheas sé i gContae na Mí agus ansin, anuas go 1918, i nGaillimh Theas. Bhí sé ina rúnaí ag an bPáirtí Éireannach. D’aistrigh an chlann go Baile Átha Cliath agus bhí na hiníonacha ar scoil ag na Doiminicigh i Sráid Eccles. Bhí Caitlín ar an seisear cailíní a fuair an marc ab airde in Éirinn i nGaeilge sa ghrád sóisearach in 1901 (An Claidheamh Soluis, 31 Lúnasa 1901). Bhronn an Bord Oideachais bonn óir uirthi toisc gurbh aici a bhí an céadatán ab airde in Éirinn nuair a bhí na marcanna sna hábhair go léir suimithe. Nuair a thug an bord bonn óir eile do chailín a raibh marc ní ba airde aici thacaigh An Claidheamh Soluis le Caitlín toisc gur de bharr marc níos airde don Ghermáinis ná don Ghaeilge a bhí marcanna níos airde ag an gcailín eile (féach an mhír nuachta dar teideal ‘The Gold Medal Controversy’ in uimhir 30 Samhain 1901). I nDaonáireamh 1901 ba í Caitlín an t-aon duine amháin sa chlann ar cuireadh síos san fhoirm fúithi go raibh Gaeilge aici.

Seans maith gur chaith sí tamall i rang Norma Borthwick i Sráid Eccles. Chuir sí isteach ar chomórtais aithriseoireachta ag Oireachtais 1901 agus 1902 agus tugadh ardmholadh dá hiarrachtaí (Irisleabhar na Gaedhilge, Aibreán 1901; An Claidheamh Soluis 31 Bealtaine 1902). Bhí sí go fóill faoi bhun 16 bliana in 1902 de réir na rialacha agus cead aici cur isteach ar an gcomórtas áirithe sin.

Is i gColáiste Loreto i bhFaiche Stiabhna, ar do mhná a bhí ag staidéar le haghaidh céime ón Ollscoil Ríoga a bunaíodh é, a bhí sí sular bhain sí céim BA sa nua-litríocht amach in 1908. Fuair sí céim mháistir freisin. Chaith sí saoire in Inis Meáin, rud a chuir lena díograis. Ní foláir nó bhí cáil na Gaeilge agus an náisiúnachais uirthi i measc a comhaoiseach. Deirtear gur ar a cuid cainte a bhunaigh James Joyce comhrá an charachtair ‘Miss Ivors’ sa scéal ‘The Dead’. Théadh seisean chuig na comhthionólacha sóisialta i dteach David Sheehy ag 2 Plás Bhelvedere agus bhí spéis aige, deirtear, i Mary Sheehy. Mar aon le Hanna agus Mary bhí Caitlín gníomhach i ngluaiseacht chearta na mban.

Pósadh Caitlín agus Francis Cruise O’Brien in 1912. D’éag seisean 25 Nollaig 1927. Bhí sé seal ina rúnaí ag Sir Horace Plunkett agus ina oibrí ar son ghluaiseacht na gcomharchumann. Bhí tuismitheoirí Chaitlín, a deartháireacha agus an chuid ba mhó dá deirfiúracha, in aghaidh an chleamhnais. Agnóisí ba ea an Brianach. Tá cur síos ag mac Chaitlín, Conor Cruise O’Brien, ar an teannas a bhain leis an gcleamhnas i measc chlann Síthigh in States of Ireland (1972). Ba í Caitlín an aintín ab ansa le Owen Sheehy-Skeffington.

Bhí post múinteora Gaeilge aici sa Scoil Tráchtála i Ráth Maonais, agus d’éag sí 12 Feabhra 1938. Scríobh sí: A first Irish book illustrated by Beatrice Elvery (1924), leabhar do leanaí; Na trí muca: sgéalta greannmhara i gcóir na bpáistí [c.1925]; Luathscríbhinn Gregg. Caitlín Ní Shíothaigh M.É. d’oireamhnaigh. Gregg Shorthand adapted to Irish by Kathleen Cruise O’Brien M.A.; The Dublin book of recitations, original and selected (1915). Scríobh sí an dráma Apartments faoin ainm pinn Fand O’Grady agus léiríodh níos mó ná uair amháin é mar curtain-raiser in Amharclann na Mainistreach. Cúis phléisiúir do Chaitlín gur ag Sara Allgood (1887–1952) a bhí an phríomhpháirt ann uair díobh. D’aistrigh Séamus Ó Cuinn é faoin teideal Na lóistéirí (1936).

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú