Ina alt ‘Contae Luimnigh i saolré an Athar Liam Ó Cathasaigh’ in Glór na Féile, 1979 deir Gearóid Ó Tuathaigh: ‘I gContae Luimnigh bhí réabhlóid shóisialta curtha i gcrích agus bhí an tAthair Liam Ó Cathasaigh ar cheannairí na réablóide sin’. Ba é Liam an tríú duine clainne den chúigear a rugadh do John Casey, feirmeoir, agus a bhean Johanna Kiely. Ba chainteoirí dúchais Gaeilge iad agus bhí conaí orthu i gCeathrú an Chaisleáin, Coill Bheithne, Co. Luimnigh. Ina cuntas ar shaol an Athar Liam in Glór na Féile deir an tSiúr Evengelista gur baisteadh é ar 10 Nollaig 1840 agus go raibh beirt deartháireacha agus beirt deirfiúracha aige. Deirtear gur i scoil scairte a oileadh ar dtús é agus gur chaith sé tamall sa scoil a bhí ag na Cistéirsigh i mainistir Chnoc Mheilearaí. Bhí sé ar an gcéad bhuíon mac léinn a d’fhreastail ar Choláiste Cholmáin, Mainistir Fhear Maí, in 1858. As sin chuaigh sé go Coláiste Cheatharlach agus oirníodh do dheoise Chluana é ar 22 Iúil 1868. Tugadh ar iasacht do dheoise Luimnigh é agus bhí i bparóiste na Bánóige in 1869 agus chaith sé tamall i Mainistir na Féile agus sa Mhainistir. D’fhill sé ar Mhainistir na Féile in 1871 agus is sa pharóiste sin a chaith sé an chuid eile dá shaol, ina shagart cúnta, ina riarthóir agus ar deireadh ina shagart paróiste.

Deirtear gurbh é an fáth ar cuireadh go Mainistir na Féile é gur chainteoir líofa Gaeilge é agus gur cheantar é ina raibh an Ghaeilge fós forleathan. Luaitear é féin agus an tAthair Eoin Ó Síthigh, uncail Chaitlín Ní Shíthigh, ar na sagairt ba ghníomhaí i gCogadh na Talún. Bhí gaol gairid idir é agus John Sarsfield Casey, an ‘Galtee Boy’ úd a throid cás na dtionóntaí i gceantar Bhaile Mhistéala. D’eagraíodh sé cruinnithe agus thugadh sé óráidí uaidh ar fud na Mumhan. D’fhéach sé chuige go mbeadh dídean ag daoine a díshealbhaíodh; thóg sé teach mór ar cíos agus chuir sé teachíní á dtógáil i gcaoi nár fágadh aon duine gan díon os a chionn. I gceann de na teachíní sin a rugadh fear bunaithe Mhuintir na Tíre, an Canónach Micheál Ó hAodha. Bhíodh an tAthair Liam ina idirghabhálaí go rialta idir na tiarnaí talún agus na tionóntaí. Um 1901 bhí 22,000 acra as an 25,000 acra sa pharóiste i seilbh na dtionóntaí. ‘Ní dochar ar bith é a rá go raibh Mainistir na Féile chun tosaigh ar an tír sa ghné seo de réabhlóid na talún: mar, san chuid is mó den tír níor thosaigh formhór na dtionóntaí ag ceannach a ngabháltais go dtí i ndiaidh achtanna talún na mblianta 1903 agus 1906’ (Ó Tuathaigh, op cit). Bhí sé in aghaidh Parnell, i ndiaidh na scoilte sa Pháirtí Éireannach, chomh mór is a bhí sé in aghaidh na dtiarnaí talún roimhe sin, dar le Séamus O’Connor (Tomorrow was another day, 1970). Bhí sé ina chathaoirleach ar chraobh Luimnigh den United Irish League.

D’fhéach sé chuige go mbeadh caoi cheart ar bhóithre an cheantair agus go ndéanfadh an bóthar iarainn freastal ar an mbaile. Bhí cáil mar lúthchleasaí bainte amach aige i gColáiste Cheatharlach agus bhí sé anois ina leaschathaoirleach ar Chumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh. Ba mhinic a bhíodh sé féin agus sagart eile ina réiteoirí ag na cluichí—iad ar muin capaill agus fuipeanna acu. Bhunaigh sé banna ceoil. Thóg sé halla don chumann ólséanta. Chuir sé scoileanna nua á dtógáil sa pharóiste. Nuair a bhí ráig fiabhrais agus eitinne ann d’fhéach sé chuige go ndéanfadh Siúracha na Trócaire banaltracht ar na heasláin ina dtithe féin. Tholg sé féin an fiabhras tar éis dó freastal ar naoi nduine déag i rith aon tráthnóna amháin. Ba laoch ag a phobal é. Shábháil sé ceathrar a bhí i mbaol a mbáite in Abhainn na Féile. Cibé airgead a bhíodh aige is ar a phobal agus ar na boicht a chaitheadh sé é. Deirtear gur minic a cháintí é toisc go mbíodh tarraingt ar a theach ag bacaigh na tíre.

Bhí sé ina uachtarán ar choiste ceantair Iarthar Luimnigh de Chonradh na Gaeilge agus bhunaigh sé craobh i Mainistir na Féile. D’fhreastalaíodh sé ar gach aeraíocht sa cheantar. D’éag sé ar 29 Nollag 1907 agus tuairiscíodh 8,000 duine a bheith ina shochraid. Tuairiscíodh a bhás in An Claidheamh Soluis 4 Eanáir 1908: ‘Bhí sé ina Ghaeilgeoir cliste, agus ba mhinic a ghlór binnbhriathrach ag gríosadh Gael chun oibre agus ag aeraíocht’. Tógadh a dhealbh i gcré-umha sa chearnóg i Mainistir na Féile.

Foilsíodh cúpla beathaisnéis: A sketch of the life of the Rev. William Casey [c.1920]; Patriot priest of Abbeyfeale, 1957 le Kenneth McGowan. Tá caibidil ‘In the days of Father Casey’ le J.H.D. (a chéadfhoilsíodh sa Limerick Leader) in Gaelic Days, 1944 in eagar ag Séamus Ó Ceallaigh. Foilsíodh caoineadh a cumadh ag am a bháis agus nár cuireadh aon ainm leis in An Sagart, Earrach 1978.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú