Seo é an Cathasach ar scríobh an Craoibhín scéalta síos uaidh. I gCoillte Mach, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é, dar leis an gCraoibhín (Scéalta Thomáis Uí Chathasaigh, 1939). Deir sé freisin go raibh Tomás ceithre scór bliain d’aois nuair a d’éag sé. I gcló sa réamhrá a chuir sé leis na scéalta tá litir a fuair sé ó Áine Ní Dhubhghaill, cailín scoile i gCoillte Mach. ‘Tinncéir ab ea Tomás agus a chlann roimhe, ach chuir a mháthair fúithi sa mbaile mór seo. Nuair a bhí Tomás ina ógfhear phós sé cailín as an mbaile, agus lean le ceird na dtincéirí – ag déanamh earraí stáin; agus ceannaitheoir miúileanna agus a leithéidí ab ea é freisin. D’éirigh go maith leis i gcúrsaí airgid, agus cheannaigh sé teach’.

An t-aon Thomas Casey a raibh cónaí air i gCoillte Mach nuair a bhí Daonáireamh 1901 ar siúl ná gabha stáin ag Uimhir a 1 Sráid Pound. Bhí seisean daichead bliain d’aois. Bhí idir Ghaeilge agus Bhéarla aige féin agus ag a bhean Bridget. Bhí triúr iníonacha agus beirt mhac acu, sé bliana déag ag an té ba shine agus dhá bhliain d’aois ag an duine ab óige, Pádraig. Béarla amháin a bhí ag na leanaí. Ní raibh léitheoireacht ar chumas Thomáis ná Bhríd.

Dúirt Tomás leis an gCraoibhín gurbh óna sheanathair, Seán Buí Ó Raghallaigh, fear arbh as Caisleán an Bharraigh ó cheart dó ach a chaith 40 bliain ag obair do Mháirtínigh Bhaile na hInse, a d’fhoghlaim sé na scéalta nuair a tháinig Seán Buí chun cónaithe in aice le Coillte Mach.

Dar le hÁine Ní Dhubhghaill go mbíodh lán an tí ag Tomás san oíche ag éisteacht leis na scéalta céanna sin. Ach deir sí freisin nach raibh muinín ag daoine as toisc go raibh sé seal ina bháille ar abhainn agus cosc á chur aige le hiascaireacht an bhradáin. B’fhéidir gurbh in a bhí taobh thiar den ráfla a thuairiscíonn sí, go raibh baint aige leis na Fíníní agus gur sceith sé a rún. Ar chúis éigin, deir sí, ruaigeadh as Coillte Mach é ach d’fhan an ráiteas ‘chomh glic le hÓ Cathasaigh tincéir’ i gcaint mhuintir an bhaile toisc gurbh aige a bhíodh an lámh in uachtar sna heachtraí a insítí ina thaobh.

Shíl an Craoibhín gur chaith Tomás tamall i Meiriceá ach faoin am ar casadh air é is i gContae Shligigh a bhí cónaí air. Bhí a bhean marbh faoin am seo. Deir sé freisin go raibh léamh agus scríobh an Bhéarla ag Tomás. Tá cuid de litir a fuair sé ón scéalaí i gcló sa réamhrá úd á chur in iúl go raibh dán i dtaobh Ráth Treagh, teach an Chraoibhín, cumtha aige. Na chéad scéalta a scríobh an Craoibhín síos uaidh tá siad i gcló in Ocht sgéalta ó Choillte Maghach, 1936

Ag obair leis an gCraoibhín ar na scéalta eile a bhí sé nuair a d’éirigh sé tinn. Chuir an Craoibhín carr faoi choinne an mhic, Pádraig, i mBaile Easa Dara agus ba é moladh an dochtúra é a thabhairt abhaile. D’éag sé cúpla lá ina dhiaidh sin. Fuair Thomas Casey áirithe ó Chill Mhac Eoghain bás san ospidéal i Sligeach 24 Aibreán 1937. ‘Labourer’ ba ea é agus baintreach fir. A mhac Pádraig i mBaile Easa Dara a thug an t-eolas don Chláraitheoir. Ach 63 bliana an aois a cuireadh síos sa teastas báis, rud nach bhfuil ag teacht le tuairim an Chraoibhín ná leis an tuairisc ar an Thomas Casey úd i nDaonáireamh 1901. Mar sin féin, in Eanáir 1991, tar éis dó fiosrúchán a dhéanamh, shíl John McTernan, Leabharlannaí Chontae Shligigh, gurb é Tomás Ó Cathasaigh, scéalaí, an Tomás a d’éag 24 Aibreán 1937. Níl muintir Chathasaigh lionmhar i gContae Shligigh. Agus rinne litir a fuair scríbhneoirí an chuntais seo ón ngarmhac deimhin den tuairim sin: bhí sé ríbhródúil as cóip de Scéalta Thomáis Uí Chathasaigh a bheith ina sheilbh.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú