Bhí baint mhór aici le hathbhunú Oireachtas na Gaeilge i 1939 agus bhí sí ar an duine, b’fhéidir, a thug an tréimhse seirbhíse is faide riamh, seachtó bliain, do Chonradh na Gaeilge. Tá cuntas iarbháis ag Seán Mac Mathúna, Ard-Rúnaí an Chonartha, in Foinse 10 Meitheamh 2001. Tá aiste aici féin (‘Pádraig Ó Siochfhradha… agus Athbheochan an Oireachtais’) in Oireachtas na Gaeilge 1897-1997, 1997 in eagar ag Proinsias Mac Aonghusa. Gan amhras tá neart tagairtí di ag Proinsias in Ar son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893-1993, 1993 agus tá agallamh a chuir Proinsias uirthi i gcló in Feasta, Deireadh Fómhair 2001. Tá agallamh léi ag Máire Ní Néill in Beatha dhuine a thoil, 1996.

Bhí an t-ainm Cathal Riabhach coitianta go leor i measc mhuintir Uí Ruairc agus is ó dhuine den treibh agus den ainm sin a shíolraigh muintir Chathailriabhaigh Shligigh; faoin gcruth ‘Colleary’ a galldaíodh an sloinne. B’as Sligeach d’athair Eibhlín, Michael Colleary, agus ba í Nora Brodrick a máthair; ‘motor man’ an cur síos ar shlí bheatha an athar sa taifead beireatais. Ag 27 Domhnach Broc, Baile Átha Cliath, a rugadh í 1 Meitheamh 1910 agus ‘Ellen’ an t-ainm atá uirthi sa taifead. Tuairim 1930 leagadh na tithe sin chun an bóthar a leathnú ach is sa cheantar sin a bhí cónaí uirthi ar feadh a saoil. Bhí deirfiúr aici agus beirt deartháireacha ar dhuine díobh Seán, aisteoir, a phós an phearsa cháiliúil amharclainne Phyllis Ryan i mBealtaine 1943 (The company I kept, 1996 le Phyllis Ryan).

I mbunscoil Dhomhnach Broc bhí Gaeilge á múineadh mar ábhar breise tar éis am scoile agus ba é a hathair, náisiúnaí daingean, a spreag Eibhlín chun í a fhoghlaim. Dúirt sí le Máire Ní Néill gur chainteoir dúchais a seanmháthair athartha. Bhí an t-athair sna hÓglaigh agus chreid Eibhlín nár lig a máthair dó páirt a ghlacadh in Éirí Amach 1916 toisc go raibh sí ag iompar linbh agus gurbh údar míshonais aige sin i rith a shaoil nach raibh sé sa troid. Cé go raibh Caitlín Cruise O’Brien [Caitlín Ó Síthigh B4] agus Mairéad de Brún i measc na múinteoirí aici i Scoil Tráchtála Ráth Maonais, bhí sí ar bheagán Gaeilge go dtí gur bronnadh cóip de Jimín Mháire Thaidhg uirthi sna 1920idí. Fuair sí post sa Státseirbhís mar scríbhneoir cúnta agus bhí tamall ag obair i gCoimisiún na Talún sular aistríodh go dtí an Roinn Oideachais í. Fuair sí arduithe céime de réir a chéile agus bhí ina hardoifigeach feidmiúcháin sular éirigh sí as obair. I 1928 bhuaigh sí scoláireacht Ghaeilge ón gceardscoil agus ba í an chéad státseirbhíseach riamh í a fuair saoire speisialta chun freastal ar chúrsa sa Ghaeltacht. Seán Beaumont a bhí i bhfeighil Choláiste an Phiarsaigh sa Tulach i gCois Fharraige agus spreag seisean í chun spéis níos doimhne fós a chur sa teanga. I gColáiste Laigheanbhí Séamus Ó Searcaigh ar dhuine dá múinteoirí.

Ó 1927 bhí sí ina ball de Chonradh na Gaeilge agus chaith tréimhse ina rúnaí ar Chraobh Phádraig Mhic Phiarais i nDumhach Thrá. Bhí sí gníomhach san Ard-Chraobh agus tá a cuntas ‘An Ardchraobh 1944-1994’ i gcló in Feasta, Meán Fómhair 1994. Bhí sí ina huachtarán ar an gcraobh sin ar ball agus bhí ar dhuine de na múinteoirí san Ardscoil acu; tá cuntas ar an scoil sin san uimhir chéanna sin de Feasta. Go luath ina saol bhí sí ina ball den Choiste Cathrach agus bhí ina teachta ag Ard-Fheis 1931. Bhí sí tamall an-fhada ina ball den Choiste Gnó. Ó 1934 ar aghaidh bhí baint aici le Feis Átha Cliath, í ina comhrúnaí le Leon Ó Dubhghaill. I 1939 bhí sí i measc phríomhbhunaitheoirí an Oireachtais athbhunaithe agus, ó ba spéis léi riamh an chuntasaíocht, bhí sí ina comhchisteoir ag an bhféile. Bhí sí ina Rúnaí Airgeadais ar ball. Bhí baint aici freisin le bunú Thaispeántas Ealaíne an Oireachtais. Bhí sí ina hUachtarán ar an bhféile i 1971 agus ina Cathaoirleach 1981-86. Bhí sí ina rúnaí ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ó 1943, bliain a bunaithe, anuas go dtí 1947, í ar iasacht ón Roinn Oideachais ar feadh an ama. Ba í a chuir eagar ar Láimhleabhar Chomhdháil Náisiúnta na Gaedhilge, [1944], leabhrán atá lán d’eolas ar chumainn Ghaelacha na haimsire sin agus a gcuid oifigeach; tá ann freisin cuntas mionchruinn ar bhunú agus ar bhunreacht na Comhdhála. Tá aistí aici i dtaobh na heagraíochta sin in Feasta, Deireadh Fómhair 1983, Nollaig 1983 agus Feabhra 1984.

Ba shuim léi riamh an drámaíocht. Deir Mac Mathúna in Foinse: ‘Ba bhall í Eibhlín de choiste an Chomhar Drámaíochta ar feadh blianta…. Bhí sí ar an gComhchoiste a réitigh tuarascáil faoin Amharchlann Ghaeilge. Ba léiritheoir drámaí í. Gnóthaíodh corn do cheann acu agus léiríodh é ar Radio Éireann. Bhí sí i mbun ceolchoirmeacha éagsúla ar an raidió an uair sin agus ba bhall í de choistí éagsúla a bunaíodh chun gnéithe d’fhorbairt an raidió a scrúdú.’ Leis an tréimhse 1935-45 a bhain an obair raidió sin, ní foláir, nuair a bhí Conradh na Gaeilge á mhisniú ag Radio Éireann chun cláir agus drámaí a chraoladh. D’éag Eibhlín ar 7 Meitheamh 2001.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú