I nGarrán na gCapall i mBéal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí, a rugadh í 23 Márta 1886. Táilliúir ba ea a hathair Cornelius Dennehy agus ba í Mary Hallissey a máthair. Ní ráibh léamh ná scríobh acu de réir Dhaonáireamh 1901. Bhí 55 bliain d’aois ag Cornelius agus 45 ag a bhean. Sa teach oíche an Daonáirimh bhí Abigail (15), a raibh Gaeilge aici; ní raibh an teanga, más fíor, ag Philip (12), Ellen (10), Joseph (8), Cornelius (6), Hanora (4) ná ag Agnes (2). Ní raibh an teaghlach ag an seoladh sin nuair a rinneadh Daonáireamh 1911.

Ba neacht í Áine leis na hamhránaithe Mairéad agus Síle Ní Ailgheasa (‘The Hallisseys . . . and Áine Ní Dhuinneacha, their dark-haired brilliant niece, won some first prizes at Dunmanway Feis. . .’, a dúirt Peadar Ó hAnracháin in Réalt an Deiscirt 9 Lúnasa 1947). Bhí cáil na hamhránaíochta uirthi féin go luath ina saol. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 17 Márta 1899 go raibh Miss Ann Dennehy ó Chraobh Bhéal Átha an Ghaorthaidh i láthair ag Feis Dhún Mánmhaí. ‘A special prize was awarded to Miss Anne Dennehy in this event (Irish singing to music), in consideration of her tender years’. Roghnaigh cuid mhór de na hiomaitheoirí ‘Cailín deas crúite na mbó’. ‘It was noticeable that Miss Dennehy alone ignored the modern setting of the air, and sang it in the traditional way, bringing out all its exquisite grace and charm’. Tuairiscíodh 14 Aibreán 1899 gur bhuaigh sí an chéad duais ag Feis Mhaigh Chromtha san amhránaíocht le tionlacan. San iris ar 13 Nollaig 1902 tá an cur síos seo ar dhráma a scríobh sí: ‘Ansin fuaireamar dráma meidhreach sultmhar aonghnímh ó Chonchubhar Ó hÉalaithe, Seán Sinéid agus Áine Ní Dheinéacha [sic]. Is í Áine a scríobh ar dtús an dráma seo, agus ní miste a rá gur dhin sí an obair go maith’.

‘Miss Dennehy, a native speaker of Baile Bhuirne, teaching at Ballagh’ an nóta atá in An Claidheamh Soluis 17 Feabhra 1906. Idir Crois an Ghúlaigh agus Dún Droma i dTiobraid Árann atá Bealach. Sa ráiteas a chuir Éamonn Ó Duibhir chuig Biúró na Staire Míleata in 1956 dúirt sé: ‘Quite a number of us from Clonoulty were stirred when the news went around that this wonderful thing—the Irish language—was about to be revived, and so we went to the Irish classes, filling up the schoolhouse at Knockavilla. The teacher was a brilliant lady, who, I think, is still living, and, if I am not mistaken, she is now the Mother Superior of a convent in Kilkenny. Then she was a Miss Annie Dennehy—or Áine Ní Dhonncha (Bean Dubh an Ghleanna). She was a first-rate teacher, to our minds at any rate, but, better than teaching ability, she was enthusiastic in the work. . .’. An tAthair Mathúin Ó Riain a thug go Cnoc an Bhile í faoin bpolasaí a bhí aige cainteoirí dúchais Gaeilge a fhostú i scoileanna a pharóiste.

Idir Nollaig 1903 agus Iúil 1914 bhí aistí agus scéalta aici in Banba agus in An Claidheamh Soluis faoin ainm cleite ‘Bean Dubh an Ghleanna’. Thabharfá leat ón tagairt úd ag Peadar Ó hAnnracháin in Réalt an Deiscirt gur i ndiaidh Iúil 1914 a chuaigh sí isteach i Siúracha na Trócaire: ‘. . . now an tSiúr Ciarán in Callan Convent of Mercy, won several prizes for drama at recent festivals of the Oireachtas, some under the pen-name of “Bean Dubh an Ghleanna”, a name she signed to many Irish contributions in the press before she entered’. Ach dúradh in Kilkenny People 19 Nollaig 1975 go ndeachaigh sí go Callainn mar mhúinteoir tuata in 1910 agus gur cheangail sí leis an ord tamall de mhíosa ina dhiaidh sin. Seachas sé bliana mar uachtarán i gclochar Bhéal Átha Ragad chaith sí an chuid eile dá saol i gCallainn, ina huachtarán ansin píosa fada freisin. Réitigh sí Leabhar Ghobnatan (1946) (eagrán nua 1950) agus luaitear é a bheith á húsáid i ranganna a cúig agus a sé. Bhuaigh sí duais Oireachtais lena dráma Bean Sí agus Bean Tí. Ag Oireachtas 1941 ghnóthaigh a dráma Coisc na Mná Feasa duais ar ghearrdhráma do dhaoine óga; faoin ainm cleite ‘Carraigín na mBocht’ a chuir sí isteach é (Ar Aghaidh, Deireadh Fómhair 1941). Bronnadh duais speisialta uirthi ag Oireachtas 1946 ar scéal do dhaoine óga. Deirtear gur craoladh drámaí dá déantús i laethanta tosaigh Radio Éireann. Bhí úrscéal á scríobh aici. D’éag sí 11 Nollaig 1975.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú