Bhí an timire agus an múinteoir taistil seo ar dhuine den ochtar a rinne luíochán roimh na constáblaí i Sulchóid Bheag, Co. Thiobraid Árann, ar 21 Eanáir 1919, an chéad eachtra, b’fhéidir, i gCogadh na Saoirse. Nuair a d’éag sé ba é an duine deireanach den ochtar é. I gCeapach Mhurchaidh in aice le Dún Droma a rugadh é ar 1 Aibreán 1894. Bhí a athair John ag obair mar mhaor talún ann. Is mar seo a bhí an teaghlach ann i 1901: John (35); Hanora (36); Thomas (8); Patrick (7); Mary Anne (3). Bhí siad ann go fóill i 1911. Dúradh go raibh na tuismitheoirí pósta le 19 mbliana, gur rugadh seachtar dóibh agus go raibh cúigear beo. Is mar seo a bhí an cúigear sin: Thomas (18), monatóir agus Patrick, scoláire (17), a raibh Gaeilge acu beirt, agus triúr iníonacha: Annie, Mary Anne agus Alice. Bheadh feirm ag John i Laitean ina dhiaidh sin agus i gCoill an Easpaig, Dún Droma, ina dhiaidh sin arís. Deir Dónal Ó Muirgheasa in Education in the parish of Knockavilla..., 1995 go raibh Pat Cormack [sic], Ceapach Mhurchaidh, ar dhuine de na monatóirí i scoil Chnoc an Bhile agus is dóigh gurbh é an fear s’againne é.

B’as Dún na Sciach do mháthair Phádraig, Nora Breen, agus bhí gaol aici le muintir Bhraoin Dhún Eochaille, ar dhuine díobh Dan Breen. Go scoil de chuid an Athar Mathúin Ó Riain i gCnoc an Bhile a chuaigh Pádraig agus bhí sé ar dhuine de na fir óga a bhí ag foghlaim na teanga ó Áine Ní Dhuinneacha. Duine eile díobh, Éamonn Ó Duibhir, a thug isteach i mBráithreachas na Poblachta é. Níl a fhios cathain a chuaigh sé le múineadh na Gaeilge. B’fhéidir gurbh i gCeapach a bhí sé ar dtús. Tá tagairt dó in An Claidheamh Soluis 8 Nollaig 1917 mar mhúinteoir taistil i gceantar an Droma Bháin.

Rinne sé cúrsa timireachta faoi Sheán Ó Murthuile tuairim an ama sin. Ball de 3ú Briogáid Thiobraid Árann ba ea é. Um Nollaig 1920 cheap Conradh na Gaeilge é ina rúnaí dúiche i gContae an Chláir agus sa mhéid sin de Chontae Thiobraid Árann ó Dhurlas ó thuaidh—fairche Chill Dálua a deirtear uaireanta—ach bhí sé i bpríosún ag an am (Dóchas agus Duainéis: scéal Chonradh na Gaeilge 1922-1932 le hAindrias Ó Muimhneacháin). Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha um an dtaca sin (Misneach 25 Nollaig 1920).

Bhí sé ina Leas-Cheannfort ar Bhriogáid Láir an Chláir. Tuairiscíodh go raibh sé díbeartha as a dhúiche féin (idem 5 Feabhra 1921) agus faoin teideal ‘Géarleanúint na Teanga’ 9 Aibreán 1921 go raibh sé á thabhairt timpeall mar ghiall ag na póilíní. Chaith sé tamall freisin ag timireacht don Chonradh agus don Bhráithreachas i gceantar Dhún Gar, Ros Comáin. Bhí sé i ngéibheann i Luimneach agus i mBéal Feirste i rith Chogadh na Saoirse agus ar stailc ocrais anois agus arís. Sa Churrach a bhí sé i ngéibheann i rith an Chogaidh Chathartha.

Phós sé Mary Hannan ón gCroisín, Co. an Chláir, tuairim 1928 agus bhí beirt mhac acu. D’éag Mary. Bhí sé i gceantar na Tulaí ina dhiaidh sin agus phós Katie King ó Chill Chisín i 1932. Rugadh seisear dóibh, ar dhuine díobh Máirtín a chaith tamall ag timireacht don Chonradh sula ndeachaigh sé le hiriseoireacht go lánaimseartha. Bhí Pádraig ag múineadh faoin gCoiste Gairmoideachais i gceantar fairsing timpeall ar Chill Chisín go ndeachaigh sé ar pinsean. D’aistrigh sé go Luimneach ansin agus is ann, i Mayorstone Grove, a d’éag sé ar 4 Nollaig 1982. Tá tuairisc a bháis in Limerick Leader 6 Nollaig 1982.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú