Critic ealaíne. Thug sí cuntas ar a saol in ‘An Mhuintir s’againne’ (Scéala Éireann 23 Lúnasa 1958). Ag 4 Ardán Beechfield, Ascaill Vernon i gCluain Tarbh, Baile Átha Cliath, a rugadh í 1 Nollaig 1912; ba í an duine ba shine í den cheathrar a mhair de theaghlach Robert Brown Allen agus Teresa Griffith. Mar Phreispitéireach a tógadh Robert ach bhí sé iompaithe ina Chaitliceach sular casadh Teresa air agus é ag obair in St Andrews, Fife, Alba, mar a raibh sise fostaithe mar orgánaí san eaglais Chaitliceach; ba as na Frosa, Dún na nGall, dá hathairsean agus b’as Baile Átha Cliath dá máthair. Agus iad lonnaithe i mBaile Átha Cliath bhí Robert sna hÓglaigh agus é rannpháirteach i smuigléireacht na ngunnaí san Asgard i 1914 agus i gCath Chluain Tarbh, ar chleachtadh beartaíochta cogaidh é a d’eagraigh Pádraig Mac Piarais in Marino i 1915. I dtús 1916 d’aistrigh an teaghlach go Béal Feirste mar a raibh cónaí orthu i mBóthar Chroimghlinne ar feadh tamaill de bhlianta. Bhí Robert ina rúnaí ag Cumann Shinn Féin in Ard Adhain sa chathair agus chaith tamall de 1920-21 i bpríosún. Cara leis ba ea F.J. Bigger; bhí ardspéis aige sna healaíona, in ársaíocht agus i seandálaíocht agus thugadh sé Máirín leis ar a thurasanna. Ar feadh a saoil lean spéis aici san ársaíocht. D’aistrigh an teaghlach go Baile Átha Cliath i 1929 agus faoin am seo bhí gnó fochonraitheora tógála ag an athair agus é ag déileáil le hurláir terrazzo.

Cuireadh oideachas ar Mháirín i Scoil na nDoiminiceach i mBéal Feirste, i gColáiste na nDoiminiceach i Sráid Eccles, Baile Átha Cliath, agus sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, mar ar fhreastail sí ar léachtaí R.A.S. Macalister i dtaobh na seandálaíochta agus ar léachtaí Eoin Mhic Néill faoin stair. Bhain sí céim BA le honóracha amach i 1934 agus H.Dip. in Ed. an bhliain dár gcionn. Thaithíodh sí Gaeltacht Chonamara agus bhí ina ball de Chumann Gaelach an Choláiste. Ar an stair agus ar stair na healaíne is mó a bhí a haigne dírithe. Chaith sí tamaill ag múineadh i scoileanna na nDoiminiceach i Sráid Eccles agus i bPáirc Mhucrois, go háirithe, agus in Ardscoil Naomh Doiminic, Béal Feirste. Bhí sí ag múineadh san Iúr i rith na luathdhaichidí agus théadh chun cainte le cibé cainteoirí dúchais Gaeilge a bhí fós beo i ndeisceart Ard Mhacha. Bhí fillte aici ar an gColáiste Ollscoile i 1938-41 agus cúrsa i stair phéintéireachta na hEorpa faoi Francoise Henry á dhéanamh aici. Ó 1961 ar aghaidh chaitheadh sí féin agus a fear céile gach samhradh in aontíos le Francoise sa Fhrainc agus chabhraíodh Máirín léi nuair bhí a mórshaothar, L’Art Irlandais, 1965-70 á scríobh aici. I 1941 bhronn Coláiste na Tríonóide Dioplóma Purser–Griffith sa Stair agus i Stair Phéintéireacht na hEorpa uirthi. Scríobhadh sí le haghaidh Comhar anuas go 1950 agus foilsíodh aistí tábhachtacha léi faoin ealaín in Father Mathew Record agus in Capuchin Annual. Scríobhadh sí freisin in Irish Digest agus in Standard. Bhí sí páirteach lena fear céile san obair a dhéanadh seisean mar chomhfhreagraí ealaíne i bpáipéir Independent.

I rith 1943-52 bhí sí ag feidhmiú mar rúnaí eagraíochta i ngnó a hathar. Phós sí an dealbhóir Domhnall Ó Murchadha i 1952. Bhí mac amháin acu, Giollamuire. Ba í an Ghaeilge ghnáth-theanga an teaghlaigh (nóta in Capuchin Annual, 1963) agus bhí sí féin agus Domhnall gníomhnach sna Teaghlaigh Ghaelacha. Bhí baint acu freisin leis an Réalt, eagraíocht faoi scáth Léigiún Mhuire. Nuair a ceapadh Thomas McGreevy (1893-1967) mar stiúrthóir ar an Dánlann Náisiúnta d’fhéach sé chuige go mbeadh léacht i nGaeilge ann gach mí. Ar feadh timpeall 35 bliana ó 1952 amach ba ghnách gurbh iad Máirín agus Domhnall a thugadh na léachtaí sin. Bhí sí ag léachtóireacht faoi stair na healaíne sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne anuas go 1987. San Oireachtas athréimnithe ba í cláraitheoir an Taispeántais Ealaíon í (tá aiste aici faoin tionscnamh mór seo in Feasta, Samhain 1951).

Deir Turpin: ‘One of the most informed writers to promote a general theory of art and religion in Ireland was Máirín Allen, a graduate of University College Dublin and lecturer in the history of art at the National College of Art, Dublin. Her ideas, published in 1943, sprang from a well-educated Catholic and culturally nationalist background. She pointed, as did so many Irish scholars and critics, to the richness of early Christian art in Ireland, with its absorption of earlier abstract pre-Christian forms.’ D’éag sí 31 Márta 1988.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú