Amhrán na Sméar

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00
Eisithe ar Glór Mhaigh Eo (1997). Le caoinchead Cló Iar-Chonnacht.

Le linn dó a bheith ina Aire na Gaeltachta bhí baint mhór aige le bunú Údarás na Gaeltachta agus chaith sé seal ina chathaoirleach air. Tá cuntas air: in Irish Times 10 Samhain 2001; in Foinse 11 Samhain 2001 ag Colmán Ó Raghallaigh; agus in The Magill Book of Irish Politics, 1981 in eagar ag Vincent Browne. Le hómós dó tugadh amach an leabhrán Fear Stiúrach an Chorráin in Iúil 2002. Ag Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge sa Chorrán, Acaill, 4 Iúil 2002, thug Seán Ó hÉalaí caint ar shaothar a shaoil. Sa Chorrán, Gob an Choire, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é ar 23 Samhain 1922. Bhí siopa sa Chorrán agus ceithre húicéir ag a athair Johnny Eoin Bhidí Ó Gallchóir agus ba í Catherine Ní Ghallchóir (Catherine a’ Mháistir) a mháthair. Bhí beirt deirfiúracha agus seisear deartháireacha aige. Cuireadh meánoideachas air i gColáiste Éinde, coláiste ullmhúcháin i nGaillimh, agus cháiligh sé mar mhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Tar éis dó a bheith ina mhúinteoir i nDroimeanach, Baile Átha Cliath, le tamall de bhlianta d’fhill sé ar Acaill agus bhí ag múineadh san Aisléim go dtí gur ceapadh é ina phríomhoide i Scoil an Chorráin i 1960. Tuairimítear i gcuntas an Irish Times gurbh é an chaoi ar chaith rialtas Fhianna Fáil leis na múinteoirí náisiúnta le linn stailc fhada 1946 a thiomáin i dtreo na polaitíochta é. Is ar son Chlann na Poblachta a sheas sé i ndáilcheantar Mhaigh Eo Thuaidh i 1954. Bhí sé ina bhall de Shinn Féin sna 1950idí le linn fheachtas an IRA, scéal atá pléite aige in agallamh le Liam Ó Muirthile in Comhar, Nollaig 1988; d’admhaigh sé go dtugadh sé dídean d’fhir an IRA agus gur fritheadh ciontach é in airgead a bhailiú do Shinn Féin gan ceadúnas a bheith aige. Bhí bád aige ar bhaist sé ‘Seán South’ uirthi.

Chaith sé na deich mbliana 1967-77 mar chomhairleoir contae de chuid Fhianna Fáil . Theip air suíochán Dála a bhuachan i Maigh Eo Thiar i 1969 ach d’éirigh leis in olltoghchán 1973 agus i ngach aon toghchán eile gur éirigh sé as an Dáil i 1989. Dar le Seán Ó hÉalaí gurbh é an chéad iarrthóir as Acaill é ar éirigh leis suíochán Dála a bhuachan. Ba é urlabhraí Fhianna Fáil i dtaobh na hiascaireachta é le linn don pháirtí a bheith sa bhfreasúra 1973-77. Bhí spéis aige sa chúram sin tharla bád iascaireachta aige féin. Bhí sé ina bhall de Bhord Iascaigh Mhara agus bhí sé ar Bhord Turasóireachta an Iarthair. Bhí sé ina uachtarán ar an Galway-Mayo Marine Resources Advisory Board. Ba é Aire na Gaeltachta é i rialtas 1977 ach chaill sé an post nuair a toghadh Cathal Ó hEochaidh mar Thaoiseach i 1979; le Seoirse Ó Colla a thacaigh sé tar éis do Sheán Ó Loingsigh éirí as. ‘He was regarded as a very successful Minister for the Gaeltacht and it was local constituency pressure on Charles Haughey, during the course of his trip to the Castlebar area for the unveiling of a plaque on the house where he was born, that led to his decision to re-appoint Gallagher to the Government’ (Magill). Post Aire Stáit sa Roinn Tionsclaíochta, Tráchtála agus Turasóireachta a tugadh dó. Thug sé tacaíocht do Chathal Ó hEochaidh nuair a rinneadh iarrachtaí ceannas Fhianna Fáil a bhaint de i 1982 agus 1983. Chaith sé Márta-Deireadh Fómhair 1982 mar Aire Stáit sa Roinn Leasa Shóisialaigh. Bhí sé ar ais mar Aire na Gaeltachta ar feadh Deireadh Fómhair-Samhain 1982. Tugadh aireacht shóisearach i Roinn na Gaeltachta dó nuair a tháinig Fianna Fáil i gcumhacht arís i 1987. Dhá bhliain ina dhiaidh sin d’éirigh sé as. ‘Déarfadh go leor go raibh sé ar dhuine de na hAirí Gaeltachta ab fhearr a bhí ann sular fágadh an post sin in áit na leathphingine faoi réimeas Uí Eochaidh agus ó shin .... Fianna Fáileach traidisiúnta ab ea é agus níor cheil sé riamh a mhíshástacht faoi leagan amach an pháirtí sin le tamall de bhlianta anuas maidir le drochchleachtais ag an leibhéal is airde, rud nach samhlófaí riamh ina chás féin .... Thar rud ar bith eile d’fhéadfá a rá go mba fhear mór Gaeilge é a bhí gníomhach i gConradh na Gaeilge agus a raibh dlúthbhaint aige leis an Oireachtas. Dúradh faoi nár chaill sé Oireachtas le breis agus tríocha bliain’ (Ó Raghallaigh). Ceapadh é ina Uachtarán ar Oireachtas 1996 i nGaoth Dobhair. Thugtaí suas dó go raibh sáreolas aige ar amhráin Ghaeilge Mhaigh Eo. Sheinneadh sé bosca ceoil, bhí ina bhall de Bhanna Céilí Naomh Colmán in Acaill, agus bhí baint aige le Cleamairí an Chorráin. Fear mór ba ea é i gCumann Lúthchleas Gael ní hamháin in Acaill ach go náisiúnta; bhí sé tamall ina chathaoirleach ar Bhord Chontae Mhaigh Eo, ina chathaoirleach ar Chomhairle Chonnacht agus ina Leas-Uachtarán ar an gCumann féin. I 2000 bronnadh an gradam ‘Pearsa Mhaigh Eo na bliana’ air.

‘Bhí dlúthbhaint ag Donncha leis an athnuachan atá tagtha ar spiorad agus ar mheanma mhuintir Acla le tamall anuas’, a deir Colman Ó Raghallaigh. Bhunaigh sé Coiste Forbartha Acla agus d’éirigh leis cabhair airgid a fháil ón rialtas chun teaichín Heinrich Boll (1917-85) a chaomhnú. Rinne sé a dhícheall áiseanna pobail a chur ar fáil d’imircigh aosta a d’fhill ar Acaill. Phós sé Hannah Nic Aodha i 1948 agus bhí cúigear mac agus seachtar iníonacha acu. Dúirt sé le Liam Ó Muirthile i 1988 nach raibh an tsláinte rómhaith ag Hannah le 15 bliana anuas. Bhí cónaí orthu sa Chorrán. D’éag sé ar 3 Samhain 2001.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú