Bhí sé ar dhuine de shagairt mhóra ghluaiseacht na teanga i gCúige Uladh. I gCoilleach Eanach, Ard Mhacha, mar a raibh a athair, Michael Devlin, ina phríomoide sa scoil áitiúil, a rugadh é 22 Bealtaine 1912. B’as Co. Dhoire don athair agus dhearbhaigh sé ar fhoirm Dhaonáireamh 1911 go raibh Gaeilge aige. Ní raibh ach 17 mbliana d’aois ag a bhean Violet Cecilia McPhelimy oíche an Daonáirimh agus is i gContae Ard Mhacha a rugadh í. Chaith Éamonn an tréimhse 1925–9 i gColáiste Phádraig, Ard Mhacha, agus ó 1929 go 1936 bhí sé i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad. Rinneadh sagart de i Meitheamh 1936. Bhí sé tamall gairid ina shagart cúnta i mBaile an Doire agus dhá bhliain ina churáideach i mBaile Uí Dhálaigh. Ó 1940 go 1969, bhí sé ag obair i nDomhnach Mór agus ansin ceapadh é ina shagart paróiste sa Tiarnas (Ravensdale) i gContae Lú. Scríobh sé dráma dar teideal ‘Eoghan Rua’ a léiríodh i nDún Geanainn ar dtús i 1946. Léiríodh é ag an gcomórtas náisiúnta in Amharclann an Gheata an bhliain chéanna agus bhain sé an chéad duais. Scríobh Ó Doibhlin dráma faoi Art Mac Cumhaidh freisin. Thug sé Léacht an Oireachtais i 1951. Ba é ba mhó a chuimhnigh ar Seanchas Ard Mhacha a bhunú i 1952. Bhí sé tamall ina eagarthóir ar An tUltach, ina uachtarán ar Chomhaltas Uladh ó 1948 go 1952, ina ardmháistir ar Choláiste Bhríde, Rann na Feirste, agus ina uachtarán ar Choláiste Theilinn. D’éag sé san otharlann i nDún Dealgan 26 Samhain 1972 agus tá sé curtha i nDúlearga. Dúradh in Irish Times 2 Nollaig 1972. ‘His History of Donaghmore is regarded by historians as a model of its kind’. Chuir Cumann na Sagart ‘Ómós do Éamonn Ó Doibhlin’ ar siúl in Óstán Mhic Scanláin ar 27 Nollaig 1972. Labhair an Déan Seán Ó Coinne, Tomás Ó Fiaich agus Pádraig Mac Conmidhe agus tá a gcainteanna i gcló in Seanchas Ard Mhacha 1972. Dúirt Ó Fiaich: ‘Sagart gnaíúil cráifeach dúthrachtach a bhí san Athair Éamonn, Gaeilgeoir líofa dícheallach, scríbhneoir cumasach, óráidí spreagúil, tírghráthóir láidir, compánach aoibhinn gealgháireach’. Dúirt sé i dtaobh an leabhair úd ar Dhomhnach Mór: ‘Ní stair pharóiste é ó cheart. Tá stair iomlán na hÉireann sa leabhar sin don té a thuigeann cad a bhí an tAthair Éamonn a dhéanamh, mar ní raibh i nDomhnach Mór ach microcosm d’Éirinn go hiomlán, nó go háirithe den Tuaisceart go hiomlán’. Labhair Ó Coinne ar an gcumas cuimhne cinn a bhí aige agus ar an méid d’fhilíocht Oirialla, de dhrámaí Shakespeare agus de ódanna Horace a bhí de ghlanmheabhair aige. Dúirt Mac Conmidhe agus é ag cuimhneamh ar a shaothar i gCumann Lúithchleas Gael: ‘Eisean an chéad duine a chuir an Ghaeilge chun cinn taobh amuigh de ghluaiseacht na teanga féin. . . . Ag Comhdháil Chúige Uladh, 1942, mhol seisean rún go ndéanfaí obair an Chumainn i gComhairle Uladh trí Ghaeilge feasta. . . . Sin an chéad dream taobh amuigh de ghluaiseacht na teanga féin a ghlac leis an riail sin a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú