Bhí ceathrar den ainm seo a raibh cáil orthu: Micheál, múinteoir na Rinne (faoi NÍ FHOGHLÚDHA, Áine); Micheál, uachtarán Chraobh an Chéitinnigh, ba dheartháir do Fhiachra Éilgeach; Micheál a bhí ina rúnaí ag ‘ceardchumann’ na múinteoirí taistil, agus Micheál seo thuas, an timire a scríobhadh faoin ainm ‘Déaglán’.

I Móin Aodha, Aird Mhór, Co. Phort Láirge, a rugadh é ar 26 Meitheamh 1879. Feirmeoir ba ea a athair John agus ba í Mary Duggan a mháthair. Ní le Gaeilge a tógadh é. D’imigh sé go Glaschú in 1899, dar le hagallamh atá i gcló in The Irish Peasant 15 Nollaig 1906. Deirtear ansiúd nach raibh an Ghaeilge go líofa aige. Ní raibh aon mhúinteoir ceart i gCraobh Ghlaschú. Is amhlaidh a mhúin daoine Gaeilge dá chéile. Nuair a tháinig fás an-mhór ar líon na mball iarradh ar Mhicheál craobh eile a bhunú, Craobh na nIománaithe. Bhí sé ina uachtarán ar an gCraobh sin agus é i gceannas an ranga do na cainteoirí dúchais. Ba ghairid go raibh gach aon duine acu in ann rang a stiúradh. Nuair a cuireadh drámaí Gaeilge ar an stáitse i nGlaschú den chéad uair riamh dúradh in An Claidheamh Soluis 31 Márta 1906: ‘The remarkable success of the venture is in a large measure due to the energy, organising ability and popularity of the Craobh chairman, Micheál Ó Foghlú’. Ag Feis Ghlascú ghnóthaíodh sé duaiseanna san amhránaíocht agus sa scríbhneoireacht ó 1902 ar aghaidh. Ba spéis leis go háirithe ealaín na scéalaíochta a theagasc do fhoghlaimeoirí. Théadh sé abhaile go hÉirinn gach bliain ar saoire chun bheith ag bailiú seanamhrán. Ba bhall é de chlub iomána na Rapairí, seaimpíní na hAlban, agus bhí sé ina leasuachtarán ar Chumann Liteartha na nGael thall.

Dar le Donncha Ó Súilleabhain (Na timirí i ré tosaigh an Chonartha 1893–1927, 1990) gur fhostaigh an Conradh é i nDeireadh Fómhair 1908 nuair a cheap siad é ina thimire sna Déise, sa phost a d’fhág an An Seabhac folamh. Bhí an tuairisc seo in An Claidheamh Soluis 4 Nollaig 1909, i dtaobh a chuid oibre: ‘The Ardmore Branch is about the best in Ireland, in the organiser’s opinion. They have about 150 members reading An Lóchrann and other literature, all native speakers of Irish. The branch has also started a pipers’ band’. Deir Cáit Ní Leighin in Ardmore Journal, Uimhir 4 1987 gur thall i nGlaschú a d’fhoghlaim Micheál an phíob mhór agus gurbh é a bhunaigh an banna sin.

I 1910 cuireadh chun na Breataine é chun airgead a bhailiú trí chruinnithe agus ceolchoirmeacha a eagrú. Le linn dó bheith sa Bhreatain Bheag is ea d’éirigh sé cairdiúil le Pádraig Ó Mileadha. Nuair a bhí cúrsaí go dona ag an bhfile i 1922 ba é Micheál ba mhó faoi deara gur fhill sé ar Éirinn agus go ndeachaigh sé le múineadh na Gaeilge.

Sna Déise is mó a bhí Micheál ag obair ó 1911 amach. Bhí sé broidiúil i rith 1915 ag fréamhú na heagraíochta Crann Déagláin mar ghléas le tacú le teaghlaigh Ghaelacha, aithris, b’fhéidir, ar Chrann Eithne a bhunaigh an tEaspag Pádraig Ó Domhnaill i nDún na nGall.

Nuair a beartaíodh Oireachtas 1916 a bheith i gCathair Phort Láirge ceapadh é ina chomhrúnaí ach b’éigean é a chur ar siúl i mBaile Átha Cliath ag deireadh thiar. Bhí baint aige leis an bhFáinne tuairim an ama seo agus ba é a chuir ar bun an gasra i gCeapach a raibh Percy [Arland] Ussher ina rúnaí acu. Ach nuair a scríobh Ussher litir i mBéarla chuig An Claidheamh Soluis faoin obair sin tharraing sé fraoch Phiarais Béaslaí, bunaitheoir an Fháinne, anuas air féin agus ar Mhicheál.

I 1924 phós sé Mary Cowley ó Bhaile na Móna agus bhí beirt iníonacha acu. Bhí feirm ag Mary agus is aici a bhí a cúramsan fad a bhíodh Micheál gnóthach timpeall Choláiste Dhéagláin.

Ba é a d’eagraigh an coláiste sin in Aird Mhór. Tá cur síos air in Ardmore Journal Uimhir 2 1985 ag Siobhán Lincoln. Osclaíodh é samhradh 1920 agus lean sé go dtí lár na 1940idí. Ar feadh an ama sin go léir ba é Micheál an rúnaí. Nuair a theip ar an bhfiontar tugadh cead do Mhicheál ranganna lae a bheith aige faoin gCoiste Gairmoideachais i rith an tsamhraidh sa Ghrianán, mar a thugtaí ar halla céili an tseancholáiste. Cé gur shroich sé aois an phinsin i 1944 lean sé air go dtí bliain a bháis ag múineadh ranganna Gaeilge i dteach na cúirte in Aird Mhór agus i dtithe agus siopaí príobháideacha sa cheantar. D’éag sé ar 13 Nollaig 1952 agus d’éag a bhean trí lá ina dhiaidh.

Faoina ainm pinn ‘Déaglán’ bhí aistí agus scéalta i gcló aige in An Claidheamh Soluis, Fáinne an Lae, An Branar, The Leader. Chuir sé péire cnuasach amhrán amach: Cuisle ceoil, 1924 – fiche amhrán agus ceol leo; Saothar na mbeach, aithriseoireacht agus amhráin ghreannmhara... Micheál Ua Foghludha timthire na n-Déise do chuir in eagar [g.d.].

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú