Iníon deirféar le Micí Sheáin Néill Ó Baoill ba ea an scéalaí seo; scéalaí maith freisin ba ea a máthair Áine. Tá cuntas ar mhuintir seo Mhicí ag Cathal Póirtéir in Micí Sheáin Néill: scéalaí agus scéalta, 1993 agus tá cuntais iarbháis ar Bhidí ag Pádraig Ó Baoighill agus Máire Mhic Niallais in Anois 13-14 Aibreán 1991 agus ag Pádraig Ua Cnáimhsí in An tUltach, Aibreán 1992. I Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall, a rugadh í agus is ann a bhí sí ar scoil. Chaith sí tamall in Albain. Phós sí Pádraig Ó Baoill agus iníon leo is ea Bríd Anna Ní Bhaoill. Bhuaigh Bidí agus Bríd Anna araon duaiseanna Oireachtais ar scéalaíocht. D’éag Bidí 7 Aibreán 1991 agus cuireadh í i Reilig Anagaire.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú