Sa Dúinín, Mainistir na Corann, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 10 Feabhra 1902. Cáit Ní Liatháin (Lane) ab ainm dá mháthair. Feirmeoir agus tábhairneoir a athair Michael Henry Tatton agus bhaineadh sé duaiseanna lena chuid capall ag taispeántais i mBaile Átha Cliath agus ar fud na Mumhan. Bhí capall fiaigh ag Micheál féin agus théadh ag fiach leis an United Hunt Club. Seisear a bhí sa chlann, ceathrar buachaillí agus beirt chailíní. Ba é an mac ba shine é agus an dara duine sa teaghlach. Ba iad an t-ochtú glún de mhuinir Thatháin a rugadh sa Dúinín. Ní luaitear an Ghaeilge sa chur síos a dhéantar ar an teaghlach i nDaonáirimh 1901 agus 1911. Bhí sean-Ghaeilgeoirí san áit go fóill nuair a bhí Micheál ag éirí suas agus bhí an múinteoir sa scoil náisiúnta, Séamas Ó Achaoirn, an-tugtha don Ghaeilge. I gColáiste Mheilearaí a fuair sé meánoideachas agus bhí Muiris Ó Faoláin ina ab sa mhainistir sin ag an am. Ann a fuair Micheál an Fáinne. D’imríodh sé le foireann sinsearach iomána Charraig Tuathail nuair a bhíodh sé ar a laethanta saoire. Dhéanadh sé teachtaireachtaí do na hÓglaigh le linn Chogadh na Saoirse. Chuaigh sé isteach sna Bráithre Críostaí ar 4 Deireadh Fómhair 1921 agus ba shine é ná na gnáthearcaigh i mBaile Dúill. Rafael an t-ainm crábhaidh a tugadh dó.

Bhí Gréigis agus Laidin go maith aige faoin am seo agus d’fhoghlaimeodh ar ball Gearmáinis, Fraincis agus Spáinnis. Chaith sé tamaill ag múineadh i bhFionnradharc, Scoil Uí Chonaill, Baile Dúill, Dún Garbhán, Sráid Synge, Glas Naíon, Dún Dealgan, Luimneach, i gCaisleán Droimeanaigh, agus sa Ráth. Bhí sé ar an gcéad dream de na Bráithre a fuair ollscolaíocht: bhain sé MA amach sa Ghaeilge i 1932. Le Dáibhí de Barra, file de chuid oirthear Chorcaí, a bhain a thráchtas. Ceapadh é ina ardmháistir ar Choláiste Mhuire nuair a osclaíodh é 4 Deireadh Fómhair 1931 ag 6 Sráid Fhearchair. Scríobh sé leabhar gramadaí Laidine i nGaeilge le húsáid mar théacsleabhar sa choláiste: níor cuireadh i gcló é riamh. Bhíodh foirne an-mhaithe drámaíochta aige i gColáiste Mhuire agus is minic a bhuaigh sé an chéad duais ag Féile Drámaíochta na Scol. Bhailíodh sé scéalta le linn dó a bheith ar saoire i nGaoth Dobhair. Óráidí an-mhaith é. Iarradh air Feis Bhaile Átha Cliath a oscailt bliain amháin. Ba é a roghnaíodh ina chathaoirleach nuair a thug Domhnall Ó Corcora léacht ag an gcéad Oireachtas athbhunaithe i 1939.

Dúirt Earnán de Blaghd ina thaobh: ‘Ag féachaint siar ar bhlianta anacracha tosaigh an choláiste [Coláiste Mhuire] dom, cuirim in iontas é ó uair go chéile go mbeadh an buan-rath agus an síormhéadú ar an Choláiste dá mbeadh Ard-mháistir eile seachas an Bráthair Ó Tatháin againn’. Is cosúil go raibh fadhbanna sláinte ag cur air go hóg ina shaol nuair a bhí sé i gColáiste Mhuire agus i Luimneach. Fuair sé bás 4 Bealtaine 1961 i dTeach Phádraig, Baile Dúill. Tá caint Ruairí Brugha ar Radio Éireann tar éis a bháis i gcló in Inniu, chomh maith le beagán dár scríobh Colmán Ó hUallacháin.

Ag múineadh in éineacht leis i gColáiste Mhuire bhí duine de scoláirí Gaeilge aitheanta na mBráithre, an Br Micheál Sabas Ó Flaitile (1 Samhain 1902 -5 Deireadh Fómhair 1986), fear a rugadh sa Ghoirtín Mór, Béal Átha hAmhnais. ‘Flat’ a thugtaí air. Bhíodh foirne an-mhaithe drámaíochta aige i gColáiste Mhuire agus is minic a bhuaigh sé an chéad duais ag Féile Drámaíochta na Scol.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú