‘... and the present president of the six branches of the Gaelic League in Belfast, Dr Boyd, is a strong Unionist and a strong Protestant’. B’in é a dhearbhaigh Dubhghlas de hÍde os comhair an Choimisiúin um Oideachas Meánach in 1899 sa bhfreagra a thug sé ar John Pentland Mahaffy nuair a dúirt seisean: ‘The study of Irish can serve no other practical purpose than to widen separation’.

Ar feadh dhá bhliain déag go dtí gur theip ar a shláinte in 1907 bhí an Dr Boyd ar dhuine de na ceannairí ba ghníomhaí sa Chonradh i mBéal Feirste agus, b’fhéidir, ar an duine ba mhó in Éirinn a thugadh cúnamh airgid don eagraíocht. I dTeach Chúl Trá (mar a bhfuil Daonmhúsaem Uladh inniu) in Ard Mhic Nasca, Co. an Dúin, a rugadh é 9 Nollaig 1858. Ba é an t-aon mhac é ag John Kane Boyd, comhúinéir an Blackstaff Mill. D'fhág a athair £900,000 le huacht aige cé go bhfuair a sheisear deirfiúracha cuid di. Baill d’Eaglais na hÉireann ba ea é féin agus a mhuintir.

Cháiligh sé mar dhochtúir in Ollscoil na Ríona in 1886 agus bhí ag obair in ospidéal in Birmingham sular thosaigh sé ag obair mar mháinlia cúnta in Ospidéal na Leanaí mBreoite i mBéal Feirste (The Hospital for Sick Children) in 1888. Ceapadh é ansin ina mháinlia san Ulster Hospital for Sick Children agus faoi 1889 bhí sé ina lia ban san Ulster Hospital for Women and Children. As sin chuaigh sé go hOspidéal na Samárach mar mháinlia sinsearach. D’éirigh sé as obair in 1907.

Ní dóigh go raibh labhairt na Gaeilge go maith aige riamh. Dúirt Seán T. Ó Ceallaigh: ‘Bhí daoine ar an gCoiste Gnó féin an uair úd―daoine ar nós J. St Clair Boyd ó Bhéal Feirste, Edward Martyn agus Canon Hannay―nach raibh labhairt na Gaeilge go maith acu, measaim’ (Seán T., 1963).

Faoi na luathnóchaidí bhí spéis á cur aige sa teanga. Mhol sé in United Ireland 18 Bealtaine 1895 go mbeadh leabhair Uí Ghramhna ar fáil sna seomraí i dtithe ósta na Gaeltachta agus dar le tuairisc in Irisleabhar na Gaedhilge, Iúil 1895, gurbh eisean a d’fhéach chuige go raibh fáil orthu i dtithe ósta sna Cealla Beaga agus i bPort an tSalainn. Tuairiscíodh san iris chéanna Meán Fómhair na bliana sin: ‘A provisional committee with Dr St Clair Boyd as president ... has been formed in Belfast for the purpose of starting an association for the cultivation of the study of the Irish language amongst the people of the city and district’ agus in uimhir na Nollag fógraíodh é bheith tofa ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge sa chathair. Gan mhoill bhí meas duine thábhachtaigh air sa ghluaiseacht. Bhí sé ar dhuine díobh sin a bhí ag mórchruinniú i gCill Chainnigh um Cháisc 1897 agus bhí i measc lucht an ardáin ag an gcéad Oireachtas. Bhí sé ina bhall de Choiste an Oireachtais in 1899 agus ó 1900 amach bhí sé ina bhall den Choiste Gnó.

Bhí litir dar dáta 30 Meán Fómhair 1900 aige (An Claidheamh Soluis 6 Deireadh Fómhair 1900) ag tairiscint £20 do Chiste na Teanga ach go dtabharfadh iomlán na hÉireann £80 i rith Dheireadh Fómhair, agus ag gealladh go dtabharfadh sé £10 arís um Shamhain agus um Nollaig ar choinníoll go mbaileofaí £90 gach mí den dá mhí sin. Cheana féin an bhliain sin bhí £10 tugtha aige do Fheis Uladh (ibid 21 Iúil 1900). Ba mhór an méid airgid £50 in imeacht leathbhliana an t-am sin.

Chabhraíodh sé le heagraíochtaí eile: Cumann na Scríbheann Gaeilge, Belfast Natural History and Philosophical Society, Cumann na bPíobairí, Cumann Ólséanta na hÉireann.... In 1901 thairg sé duais trí ghiní don seamsúr ab fhearr de dhéantús na hÉireann. Bhí sé ina uachtarán ar Chumann na bPíobairí.

Thug sé £10 don Oireachtas in 1907 agus ní minic a ainm le feiceáil ina dhiaidh sin. D’éag sé 10 Iúil 1918. Bhí sé pósta ar Helen Stevenson ó Dhún Éideann. Bhí cónaí air ag 19 Plás Victoria, Béal Feirste (69 Sráid Victoria anois) agus ina dhiaidh sin ag Chatworth House, Malone Road. Tá aiste ag Roger Blaney ar a shaol in Ulster Local Studies IX 18 Meán Fómhair 1984 arb í an abairt thosaigh inti: ‘That the subject of this account was a Protestant, a strong Unionist, and also President of the Gaelic League in Belfast, is a combination which might be said to constitute a sure recipe for oblivion in contemporary Northern Ireland. Yet the interests and activities of this most attractive person serve to remind us that culture, politics and religion are essentially independent of each other and that this reality was more widely appreciated in the Ireland of a century ago than it is today’. D'éag sé i mBéal Feirste ar an 10 Iúil 1918.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil sa Dictionary of Ulster Biography anseo »

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú