An sagart seo a scríobh Toraigh na dTonn, 1971. Tugadh eagrán nua amach i 1995. In Ard Beag i gceantar Ghort an Choirce, Co. Dhún na nGall, a rugadh é ar 18 Lúnasa 1917. Dar le litir a scríobh an Cláraitheoir i Leitir Ceanainn 27 Samhain 1995 gurbh iad a thuismitheoirí James Columb agus Mary Columb agus gur Owen an t-ainm a tugadh air. Bhí cúigear deartháireacha aige agus triúr deirfiúracha. Tar éis bunoideachais i nDoire Chonaire fuair sé meánoideachas i gColáiste Adhamhnáin, Leitir Ceanainn, agus oirníodh é i Maigh Nuad i 1945. Chaith sé aon bhliain déag i Sasana agus i 1956 ceapadh é ina churáideach i mBaile na Finne. Ceapadh é i dToraigh an bhliain chéanna agus bhí ann go 1962 nuair a cuireadh go paróiste Fhánada é. Chaith sé tamaill freisin i gCarraig Airt agus i mBaile na Finne. Ceapadh ina shagart paróiste in Anagaire é i Meitheamh 1975. Bhí sé breoite le tamall fada sular cailleadh é in Ospidéal Réigiúnach na Gaillimhe 13 Feabhra 1981. Cuireadh in Anagaire é.

Bhí cáil air mar shaor báid agus d’eagraigh sé ranganna i Rann na Feirste agus i mBaile na Finne. Bhunaigh sé miontionscal bád sa bhaile deireanach sin. Tuairiscíodh in Inniu 20 Feabhra 1981 go raibh bailiúchán de ghearrscéalta scríofa aige agus le linn dó a bheith in ospidéal go raibh úrscéal dar teideal Palach Ó Dochartaigh á scríobh aige. Ag Oireachtas 1960 bhuaigh sé duaiseanna ar aiste eolais agus ar ghearrscéal.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú