Ó hÉINIRÍ, Seán (1915–1998)
Le caoinchead ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Scríobh Séamas Ó Catháin cuntas air in Béaloideas 66, 1998 agus thug ‘fear de sheanchaithe móra na hÉireann’ air; sa réamhrá le The living landscape, Kilgalligan, Erris, Co. Mayo, 1975 le Séamas Ó Catháin agus Patrick O’Flanagan, deirtear gurbh é a thug an chuid is mó den eolas atá ann faoi logainmneacha agus faoin mbéaloideas a bhaineann leo. I gCill Ghallagáin i nGaeltacht Mhaigh Eo thiar thuaidh a rugadh é 26 Iúil 1915. Scéalaí iomráiteach ba ea a mháthair, Bríd Mhór Ní Choineóil (Conole). Feirmeoir ba ea a athair, Micheál. Bhí deirfiúr aige. Deir Ó Catháin: ‘As a fisherman and a farmer he has an intimate knowledge of his own townland and its coastline, and also the coastline of neighbouring townlands. He is a storyteller—a seanchaí—and his repertoire consists mainly of ghost lore and fairy lore.’ D’fhoilsigh Comhairle Bhéaloideas Éireann Scéalta Chois Cladaigh/ Stories of sea and shore (1983) agus tá glór Mhichíl le cloisteáil sa chaiséad atá ag dul leis. Bhain Tomás de Bhaldraithe leas as ‘lear mór focal agus leaganacha cainte a breacadh síos uaidh’ agus é i mbun fhoclóir Acadamh Ríoga na hÉireann. ‘Gan mórán coinne, d’éirigh le Seán gradam réalta a bhaint amach i bhfóram níos nua-aimseartha fós… cúrsaí teilifíse, nuair a ghlac sé páirt lárnach i gcláir sna sraitheanna cáiliúla sin a rinne an BBC—In Search of the Trojan War (1985) agus The story of English (1985). Ina eiseamláir den chaoi a dtáinig traidisiún na scéalaíochta anuas ó bhéal go béal gona chuid córaithe catha agus eile a bhí sé sa chéad cheann acu seo, agus ina fhinné go maireann an Ghaeilge sin atá ina cloch choirnéil faoi chuid mhaith de Bhéarla na hÉireann slán, an ról a bhí aige sa dara ceann’ (Ó Catháin). Ní ghlacadh sé páirt san Oireachtas ná in aon chomórtas scéalaíochta. ‘Ba fear ciúin modhúil é nár theastaigh aon cheannlíne mhór uaidh faoina ealaín bhéil nó stádas mairnéalachta bíodh is go raibh sin tuillte agus tuillte go maith aige.’ D’éag sé 26 Iúil 1998 agus tá sé curtha i dTeampall na Cille, Cill Ghallagáin. Bhí sé pósta ar Molly Ní Chuirleáin agus bhí iníon agus triúr mac acu.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú