Bhí se ina theachta Dála ag Cumann na nGaedheal agus ag Fine Gael i gContae Dhún na nGall ó 1927 go 1951, cé is moite de bhliain amháin. ‘Gael de fhíor-threibh Gael’ a thug Cathal Ó Tuathail air in Sunday Independent 13 Meán Fómhair 1934. Ceannaí agus ceantálaí ba ea é. I gCill Charthaigh, Co. Dhún na nGall, a rugadh é ar 31 Deireadh Fómhair 1884. As an Tamhnaigh, Cill Charthaigh, dá athair Micheál agus bhí siopa grósaeireachta agus crua-earraí aige nuair a rugadh Micheál óg. Ba í Cáit Ní Bheirn ó Cheann Mucrois a mháthair. Bhí an t-athair ag obair mar pheidléir sna Stáit Aontaithe ó 1867 go 1876 agus tá cuntas air in Micheál óg 1884-1958 ó’n a pheann féin agus cuid dá dhánta, (1983) in eagar ag Pádraic Mac Seáin S.P. Bhí triúr leanaí ag Micheál agus Cáit. Fuair sise bás agus phós an t-athair arís. Ceathrar a bhí sa dara muirín aige.

‘Díorfach beag faonlag’ ba ea Micheál óg nuair a bhí sé ag freastal ar Scoil an Chaonacháin i gCill Charthaigh. B’fhéidir gurbh in an fáth a raibh sé tugtha don léitheoireacht: Dickens, Scott, Trollope, Stevenson agus a leithéidí a léadh sé. In 1898 thosaigh sé ag cabhrú lena athair sa tsiopa. D’fhoghlaim sé léamh agus scríobh na Gaeilge as leabhairíní Eoghain Uí Ghramhnaigh agus nuair a bunaíodh craobh de Chonradh na Gaeilge san áit toghadh é ina rúnaí agus bhíodh rang aige. Chabhraigh sé le drámaí agus ceolchoirmeacha a chur ar siúl. Deirtear go raibh sé ina bhall den chumann a léirigh an chéad dráma Gaeilge i dTír Chonaill. Lean a spéis sa drámaíocht agus tuairiscíodh in Ar Aghaidh, Nollaig 1935: ‘Ar 30 Deireadh Fómhair chuir Micheál Óg Mac Pháidín ceist ar Aire an Airgid muran féidir leis smacht a choinneál feasta ar an Abbey Theatre an smaoinfeadh sé faoin deontas atá á fháil acu a choinneáil uatha le go dtabharfaí an t-airgead sin le cuidiú le drámaí sa Ghaeltacht’.

Bhí baint aige leis na hIbeirnigh agus chabhraíodh sé leis an Easpag Pádraig Ó Domhnaill i gcúrsaí teanga sa deoise. Bhí sé ina leaschathaoirleach ar Fheis Thír Chonaill agus ina mholtóir go minic. Chumadh sé Óid na Feise uaireanta. I 1908 fuair sé post i siopa troscán i Sráid Camden i mBaile Átha Cliath. Bailiú fiacha ó dhaoine bochta is mó a bhíodh ar siúl aige, obair nár thaitin leis. D’fhill sé abhaile an bhliain dár gcionn toisc a athair a bheith an-bhreoite. Ag cruinniú i mBealach Féich ar 4 Lúnasa 1914 toghadh é ina rúnaí contae ar na hÓglaigh Náisiúnta. Tugadh cuireadh dó a bheith ina iarrthóir thar ceann an Pháirtí Éireannaigh in olltoghchán 1918 ach níor ghlac sé leis. Bhí sé ina bhall de Chumann na nGaedheal ina dhiaidh sin agus fuair sé an vóta is airde nuair a sheas sé sa toghchán don chomhairle chontae nua i 1925. Toghadh é ina chathaoirleach ag an gcéad chruinniú. Toghadh don Dáil é in olltoghchán earrach 1927. É féin agus Martin Conlan TD a chuir chun cinn an bille príobháideach lena chur d’iachall ar lucht an dlí Gaeilge a bheith acu. Chaill sé a shuíochán i 1932 ach ghnóthaigh arís í i 1933. 24 bliana a chaith sé sa Dáil. Bhí sé ina bhall den Seanad ó 1951 go 1954. D’éag sé ar 28 Lúnasa 1958.

Chum sé dánta. Is dán grá ceann díobh, ‘Mo chailín bán’. Bhí sé i ngrá le Máire Nic a’ Bhaird a d’éag ar 1 Bealtaine 1913. B’fhéidir go raibh sin ar cheann de na fáthanna nár phós sé. Foilsíodh roinnt dá chuid dhánta in Bonaventura. Bhuaigh sé Duais an Mhairtínigh [ Martyn, Edward] ar aiste (‘Tionscail tuatha sa Ghaeltacht’) i gcomórtas a bhí teoranta do mhuintir na Gaeltachta ag Oireachtas 1940, agus an chéad duais arís i 1947 sa chomórtas ‘Aiste tuarascálach ar phearsa éigin nach maireann a bhaineann le ceantar dúchais an iarrthóra’. Bhíodh ábhar i gcló aige in An Tír agus The Star idir 1928 agus 1934. Chuala Éamon Ó Ciosáin (An t-Éireannach 1934-1937 páipéar sóisialta 1993) gur chum sé amhrán ag moladh na Léinteacha Gorma. ‘Duine den bheirt monoglot Gaeilge a bhí sa Dáil agCumann na nGaedheal’ a thugann an Ciosánach air agus is dóigh gur mar ghreann nó mar shearús é; ní fhéadfadh go raibh Micheál Óg ar bheagán Béarla agus é ina chathaoirleach ar chomhairle chontae fiche bliain as a chéile, gan trácht in aon chor ar a bheith ina uachtarán ar Íbeirnigh Dhún na nGall! Luaitear é a bheith ar choiste Chumann Cosanta na Gaeltachta (Fáinne an Lae, Aibreán 1930). Thugtaí suas dó go ndéanadh sé gach dícheall déantúsaíocht a chur ar siúl agus obair a sholáthar sa Ghaeltacht. Bhí sé tamall ina stiúrthóir ar Iontaobhas na nOspidéal.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú