Ar 28 Lúnasa 1884 a rugadh é i gCróchán, Cill Bheathach, Co. an Chláir. Seán Phait a thugtaí ar a athair. Feirmeoir agus iascaire ba ea é. Ba í Máire CrotaMáire Phaidí Caola a mháthair. Ba é Annraoi an t-ochtú duine de 13 clann: deichniúr buachaillí agus triúr cailíní. Ní raibh Gaeilge ar bith i Scoil Chill Bheathach fad a bhí Annraoi ann. Gaeilge ar fad a bhíodh ar siúl cois teallaigh ag an gclann.

Nuair a bhí sé sna déaga nó fiú fiche bliain d’aois, b’fhéidir, tharla timpiste dó a rinne dochar dá radharc. Bhí sé ag dul a spraeáil prátaí lá, é ina sheasamh sa charr. Ní raibh aon tarrghad ar an asal agus bhí an barraille róthrom don charr. Nuair a d’imigh an t-asal chun scaoill air caitheadh Annraoi siar ar an talamh. Ach is de réir a chéile a d’éirigh sé dall agus faoi 1940 bhí an radharc caillte ar fad aige.

In aois 13 bliana dó chuaigh sé ag obair mar bhuachaill aimsire ag gaolta leis (muintir Ghríofa) in Inis Cathaigh agus chaith ceithre bliana ann. Ansiúd agus sa bhaile a d’éirigh leis bheith ina rinceoir den scoth. Chuaigh sé ansin ag obair d’fheirmeoir i gCluain Lára, Co. Luimnigh. Ann a phós sé Margaret Blake ó Charraig an Chabhaltaigh. Bhí triúr mac acu.

Gur theip an radharc ar fad air chaith sé tamall dá shaol ag obair ar long a théadh go dtí an Bhreatain Bheag. Bhí an dubhspéis aige i gcúrsaí loingseoireachta timpeall Chill Rois agus Cill Bheathach agus seanchas aige i dtaobh na bpíolótaí.

Thug an scoláire Ioruach Nils M. Holmer cuairt air agus é ag déanamh taighde dá The Dialects of Clare (1962). Scríobh sé an méid seo i dtaobh Annraoi: “A very good speaker”.

Ceapadh an tAthair Séamus Ó Deá ina shagart cúnta i gCill Bhaile Eoghain i 1960 agus is nuair a bhí sé ag tabhairt seanmóra i nGaeilge Lá Fhéile Pádraig 1962 a fuair sé amach gur chainteoir dúchais Gaeilge é Annraoi. Thóg sé go leor seanchais síos uaidh ar téip, ar chuid de stair shóisialta an Chláir mórán de. Ba bhall de choiste Choláiste Charraig an Chabhaltaigh Ó Deá. Bhunaigh siad Cathaoir Uí Chomhraí ar 19 Aibreán 1962 mar chuid de cheiliúradh iubhaile órga an Choláiste agus chun go bhféadfadh na scoláirí óga nasc leis an gComhraíoch a fheiceáil lena súile féin. Ba é Annraoi de Blác a ceapadh chun an chathaoir a líonadh. Ansin nuair a léigh an tAthair Ó Deá leabhar Holmer rith sé leis daoine a raibh spéis acu i nGaeilge bheo an Chláir a thabhairt le chéile. Is ar an gcuma sin a bunaíodh Foras Uí Chomhraí ar 29 Meán Fómhair 1965. Bhí Annraoi sa láthair agus ceapadh é mar Ollamh Gaeilge ag an bhForas.

Sna blianta a lean sin bhíodh sé ag craoladh ar raidió RTÉ, rinneadh clár Féach faoi, thug sé léacht ar Fhíníní Chill Bheathach in Óstán Wynn i mBaile Átha Cliath agus i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, i mí an Mhárta 1969. Bhuaigh sé an chéad duais sa scéalaíocht ag Oireachtas 1971.

Rinne an tAthair Ó Deá agus Jim Connolly, dealbhóir, scannán daite 16 mm i dtaobh Annraoi sula bhfuair sé bás ar 13 Aibreán 1974. Bhí cuntas ar a shaol i gcló ar Inniu 21 Márta 1969. Scríobh an tAthair Séamus Ó Deá cuntas air in Dál gCais Uimh. I agus san Clare Champion ar 26 Aibreán 1974.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú