Am

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00
Eisithe ar Blaiseadh (1995). Le caoinchead Cló Iar-Chonnacht.

File, scríbhneoir, péintéir. ‘Duine de phearsain mhóra liteartha Uíbh Ráthaigh’ a thugann Mícheál de Mórdha air (Foinse 17 Aibreán 2005). B’fhéidir a rá gur dhuine é a bhain leis an seansaol ach nár thosaigh a shaol poiblí go dtí 1984 nuair a d’fhoilsigh Coiscéim a chéad leabhar, Cliathán na Sceilge. Tá eolas air le fáil i gcuid dá leabhair: An gabhar sa Teampall (1986); Skelligside (1990); Skelligs calling (2003). Tá iontrálacha ina thaobh in Eolaire Chló Iar-Chonnachta de Scríbhneoirí Gaeilge (1998) agus ag Seán Ó Cearnaigh in Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995 (1995). Gheofar cuntais freisin in Irish Times 16 Aibreán 2005 agus ag Pádraig Ó Cofaigh in Comhar, Meitheamh, 2006.

I mBaile an Sceilg, i bparóiste na Priaireachta (‘Is fearr seachtain sa Phriaireacht ná bliain ar scoil’), Co. Chiarraí, a rugadh é ar 31 Bealtaine 1906. Ba iad a thuismitheoirí John Kirby, iascaire agus feirmeoir a raibh gabháltas beag aige, agus Mary Cremin; mar Sheán Ua Ciarmhaic agus Máire Ní Chreimín a ainmníonn sé iad in Feasta, Meán Fómhair 1989 (‘Beatha, Iascaireacht agus Scríbhneoireacht’). Cainteoirí dúchais an bheirt acu agus bhí go leor dá leithéidí sa cheantar ag an am sin agus ar feadh tamaill fhada ina ndiaidh. Tar éis bunscolaíochta bhí sé ag cabhrú lena athair ar dtús agus ar ball d’fhaigheadh sé obair ar thrálaeir, é ag obair ar feadh ochtó uair sa tseachtain ar chaoga scilling. Bhí a dheartháir Tadhg in Connecticut agus chuir seisean airgead an ticéid go Meiriceá chuige. Faoin am seo bhí meath tagtha ar eacnamaíocht Mheiriceá agus obair gann ach d’éirigh leis post a fháil ag coinneáil caoi ar bhóthar iarainn Nua-Eabhrac-New Haven-Hartford. Ba ghairid, áfach, nach raibh le fáil aige ach pá trí lá sa tseachtain. Chuir sé an tsaoirse chun tairbhe dó féin ag cur eolais ar an dúlra i Músaem Peabody in Ollscoil Yale. Tá cuntas inspéise ar a thamall ar deoraíocht in Skelligs calling faoin teideal ‘Voyage to America’.

Tar éis trí bliana thall chuir a mháthair costas a thicéid abhaile chuige toisc a athair a bheith ag saothrú an bháis. ‘Cé go raibh ceadúnas faoi uimhir dhleathach imirce agam dul isteach ins na Stáit Aontaithe arís, agus mé ullamh chun dul, bhris an tarna cogadh domhanda amach agus dúnadh doras na himirce ar gach éinne ach amháin saoránaigh na tíre sin’ (Feasta, Meán Fómhair 1989). Anuas go 1951 bhí sé ar ais ag obair ar thrálaeir ach bheartaigh sé gurbh ar a chonlán féin a bheadh sé feasta, ag iascaireacht, ag feirmeoireacht, ag deisiú tithe do Bhord na nOibreacha Poiblí. In 1943 bhí 26 acra aige in áit an sé acra a bhí ag a athair agus phós sé Peigí Ní Shúilleabháin, iníon feirmeora sa chomharsanacht, agus rugadh cúigear dóibh.

Casadh Pádraig Ó Maoileoin air i gClub Chonradh na Gaeilge sna 1970idí deireanacha agus ba é a mhisnigh é chun tabhairt faoin scríbhneoireacht. Is iad a chnuasaigh filíochta: Íochtar trá (1985); Barra taoide (1988); Ceol madaí rámha (1990); Chuireas mo líonta (1993). Roghnaigh Gréagóir Ó Dúill trí dhán dá dhéantús ina dhuanaire Fearann pinn: filíocht 1900 go 1999 (2000). Bhronn Poetry Ireland an gradam ‘Rí-Éigeas Éireann’ air. In 2006 d’fhoilsigh Coiscéim Duanaire Mhaidhcí ina bhfuil 27 dán, chomh maith le scór dán a scríobh filí le hómós dó. Eachtra i gcomhair daoine sna déaga is ea Iníon Keevack (1996) agus bhain sé duais Oireachtais leis. Leabhair faoin dúlra is ea Ríocht na dTonn (1989) agus Guth ón Sceilg (2000). Is go deireanach ina shaol freisin a thosaigh sé ag péintéireacht. Is é a deirtear in Irish Times: ‘He was also a painter, painting with acrylics on canvas. He did not exhibit his work in commercial galleries but sold it privately. Shortly before his death he completed a commission of eight paintings for a local inn.’ D’éag sé ar 6 Aibreán 2005 agus tá sé curtha i gCinn Aird. Deir an Mórdhach: ‘Bhí sé i gceist an leabhar deireanach dá chuid Skelligs Sunset a fhoilsiú ar dháta a chéadú breithlá – 31 Bealtaine 1906.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú