Múinteoir taistil ón Rinn, Co. Phort Láirge. Le haghaidh Oireachtas 1917 scríobh Port Láirge agus na Déise—a Gaelic guide to Waterford and the Déise country. Chuir sé eagar ar Ladhar den lus mór, 1919 agus chuir foclóir leis. Aistriúchán a rinne sé ar Clashmore, úrscéal le Edmond Downey, is ea Tiarna na claise móire, 1926. Luaití é mar údar Eachtra na mbróg, 1918: ba é Micheál Ó Síocháin a scríobh ach a chuir ainm Sheáin leis d’fhonn dallamullóg a chur ar an Athair Peadar. Scríobhadh sé colún in Waterford News. An fliú mór ba thrúig bháis dó 1 Samhain 1918.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú