I mBuaile an Mhóintín, Béal na Molt, Co. Phort Láirge, a rugadh é ar 20 Márta 1875. Oibrí feirme a athair Daniel Kiely agus ba í Bridget Connery a mháthair. Deir Brendan Kiely, Ceapach Choinn, garnia le Pádraig, gurbh as Buaile an Mhóintín do mháthair Phádraig, Bridget Connery, agus gurbh as Comairghlinn dá athair, Daniel Kiely, agus gur chliamhain isteach ba ea eisean sa ghabháltas beag i mBuaile an Mhóintín. Seachtar mac agus triúr iníonacha a bhí ag Daniel agus Bridget. D’éirigh le triúr de na mic agus le hiníon amháin a bheith ina múinteoirí. Tá Buaile an Mhóintín i bparóiste Thuar an Fhíona. Rinne monatóir de i scoil Thuar an Fhíona, mar a raibh sé ag múineadh ar feadh cúig mbliana. Cé is moite de na blianta 1899–1900 nuair a bhí sé ag cáiliú mar mhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, is ina mhúinteoir i Scoil na mBuachaillí i nGleann na hUidhre i bparóiste Thuar an Fhíona a chaith sé an tréimhse 1896–1902. Scríobh sé sa tsraith d’aistí (1922–24) in An Sguab: “Bhí an-rud agam leis an nGaeilge riamh agus i gcónaí. B’fhada go bhfuair mé aon cheart a bhaint den léamh ach gach aon ghiota Gaeilge, gach aon phíosa amhráin, gach aon phaidir agus gach aon leabhar Gaeilge a thagadh i m’ líon bhí sé de bhéas agam iad a bhailiú liom agus gan iad a leagan i leataobh go mbeinn ábalta ar iad a léamh. Ar feadh na haimsire a chaith mé ag dul ar scoil tugadh aon leathbhliain amháin dúinn ag léamh na Gaeilge aon leathuair amháin sa tseachtain agus is beag an croí a cuireadh ann dúinn. Ach mar sin féin lá breá éigin d’éirigh liom an léamh a thabhairt liom agus shíl mé nuair a bhí an méid sin déanta agam nach mbeadh lá bocht go deo agam”. I gColáiste Phádraig bhí sé cairdiúil le hÉnrí Ó Muirgheasa a raibh ardspéis sa teanga aige cheana féin.

Bhí sé ina bhall de Choiste Ceantair na nDéise de Chonradh na Gaeilge agus ar 25 Deireadh Fómhair 1902 fógraíodh in An Claidheamh Soluis go raibh sé ceaptha ina thimire i gContae Phort Láirge. Tá an chéad tuarascáil ar a chuid timireachta i gcló san uimhir chéanna. Thug sé a chéad chuairt oifigiúil ar an Rinn i 1903. Tá cuntas cuimsitheach ar an obair a bhí ar siúl aige ann anuas go 1915 ag Micheál Ó Domhnaill in Iolscoil na Mumhan ris a ráidhtear an tan seo Coláiste na Rinne: gearrstair (1988) agus aige féin in An Sguab. Thug an sagart paróiste (An tAthair John McCann) cead dó labhairt leis an bpobal i ndiaidh an Aifrinn agus chuir Pádraig rang ar siúl i dteach na scoile do dhaoine fásta. Ach ina dhiaidhsean bhí an sagart go mór in aghaidh an teanga a mhúineadh.

Um Cháisc 1905 shocraigh an Dr Micheál Ó Síocháin agus Pádraig le chéile go gcuirfeadh siad rang ar bun an samhradh sin ní hamháin do mhuintir na háite ach do chuairteoirí. Chuireadh siad clár dubh le falla tí an Bhácaera ar an gcalafort agus amuigh faoin aer a bhíodh an rang acu. Sé sheachtain a lean “Scoil an Chalaidh”. I dtosach Iúil 1906 chuir siad tús leis arís ach an uair seo is i mboth adhmaid le hais an phríomhbhóthair a bhíodh sé agus bhí an Dr de Hindeberg, “An Fear Mór” agus Diarmaid Stóice tagtha chun cabhrú leo.

Theastaigh ó Phádraig agus ón gConradh go mbeadh bunscoil lán-Ghaeilge sa Rinn. Ach ní thabharfadh easpag na deoise cead ach le haghaidh meánscoile. D’fhág an Conradh Pádraig sa Rinn ar thuarastal £120 sa bhliain chun bheith i mbun na scoile nua. Osclaíodh é i Meán Fómhair 1906 agus tháinig cuid bheag de bhuachaillí is de chailiní na Rinne in ainneoin gur chros an sagart paróiste orthu é. “Scoil na Soupers” a thugadh sé ar an áit. I 1908 ceannaíodh seanfhothrach i Maoil an Chóirnigh ó Villiers Stuart agus gléasadh é mar scoil chónaitheach. Osclaíodh é ar 7 Meán Fómhair 1909. Bhí Pádraig ina rúnaí ag an gcéad choiste bainistíochta d’Ollscoil na Mumhan agus ina phríomhoide sa mheánscoil. Dúnadh an mheánscoil i Meitheamh 1915 toisc nach raibh go leor scoláirí ag freastal air.

Casadh Bríd Ní Dhochartaigh, múinteoir as Lúbán Díge i gContae an Chláir, ar Phádraig le linn cúrsa samhraidh sa Rinn. Phós siad i 1912. Níor theastaigh ó Bhríd bheith ag cur fúithi sa Rinn agus chas Pádraig arís ar an mbunmhúinteoireacht. Bhí sé i scoil Lúbán Díge ó 1 Meán Fómhair 1915 go dtí 31 Nollaig 1918 agus i scoil Thuaim Gréine ó 1 Eanáir 1919 go ndeachaigh sé amach ar pinsean ar 31 Nollaig 1941. Ligeadh dó fanacht thar aois an phinsin chun an tamall a chaith sé ag timireacht a chúiteamh leis. Ó 1941 go dtí 1947 bhíodh sé ag teagasc ag na cúrsaí samhraidh sa Rinn. D’éag sé ar 2 Eanáir 1948.

Foilsíodh a aistriúchán ar Alice in Wonderland faoin teideal Eachtradh Eibhlís i dTír na nIongantas i 1922. Sa bhliain chéanna sin bhunaigh sé féin agus Éamonn Mac Giolla Iasachta an iris An Sguab (1922–31). Cara mór dó ba ea Eamonn agus thug Pádraig cainteoirí dúchais Gaeilge ó na Déise chun bheith ag obair i bplandlanna Mhic Ghiolla Iasachta sa Ráithín in oirthear an Chláir agus d’eagraíodh se ranganna Gaeilge ar an eastát. Bhí sé ag aistriú The call of the wild le Jack London ach níor lig an bás dó é a chríochnú.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú