Duine de scríbhneoirí an Bhlascaoid. Mar ‘Seán Sheásaí’ a bhí aithne air ar an oileán. Creidtear gurbh iad muintir Chearnaigh an chéad dream a chuir fúthu sa Bhlascaod. Is leabhair dhírbheathaisnéise an dá shaothar leis: An tOileán a tréigeadh, 1974 agus Iar-Blascaodach ina dheoraí, 1978. Tá cuntas iarbháis air ag Ríonach uí Ógáin in Foinse 13 Aibreán 1997. Sa Bhlascaod a rugadh é; is í an chéad abairt in An tOileán a tréigeadh: ‘I measc na n-éan agus na róinte a rugadh mise in oileáinín mara mar a mbíodh radharc ar an ngréin ag éirí agus ag dul fé ann’. Bhí triúr deartháireacha agus triúr deirfiúracha aige. Ba dheirfiúr le Tomás Ó Criomhthain a sheanmháthair Máire agus ba iad a thuismitheoirí Eilís Ní Shúilleabháin, iníon le Máire, agus Seán Ó Cearnaigh, iascaire. Thart ar 1933 ceapadh an t-athair mar fhear an phoist. Tar éis dó freastal ar scoil an Oileáin chuaigh sé féin leis an iascaireacht.

Chaith sé bliain i rith 1936-37 i nGaillimh, mar a raibh a dheirfiúr pósta. Le cur lena chuid Béarla rinne sé freastal ar cheardscoil ann ar feadh leathbhliana. Chaith sé mí i bhfochair Mhuiris Uí Shúilleabháin ar an gCeathrú Rua. D’fhill sé ar an mBlascaod agus i 1941 ba é a ceapadh ina mháistir poist ann, post a bhí aige go dtí gur tréigeadh an t-oileán i 1953. Deir Ríonach uí Ógáin: ‘Ní deacair a shamhlú a mhéid a bhí muintir an Oileáin ag brath ar an bhfear seo agus ar a chuid oibre i gcúrsaí cumarsáide le saol na míntíre agus níos faide i gcéin.’ Chaith sé tamall ag obair i mBaile Átha Cliath mar shórtáilí litreacha in oifig an phoist i Sráid An Phiarsaigh. D’fhill sé ar Chiarraí agus bhí cónaí air féin agus a mháthair ar an Muiríoch. Thosaigh sé ag bailiú béaloidis uaithi, lán 3,000 leathanach de, do Roinn Bhéaloideas Éireann. Is é atá ann, deir Uí Ógáin, ‘fianaise ann féin ar a mheas agus a thuiscint ar an traidisiún béil agus fianaise ar a dhúthracht féin chomh maith’. I lár na 1950idí chuaigh siad chun cónaithe sa Daingean. D’éag Seán in ospidéal an Daingin 29 Márta 1997. Bhuaigh an dá leabhar a scríobh sé duaiseanna Oireachtais.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú