Bhí sé ar dhuine den chúigear is mó a shaothraigh an t-úrscéal bleachtaireachta agus eachtraíochta do dhéagóirí. Tá agallamh a chuir Risteárd Ó Glaisne air in Inniu 15 Deireadh Fómhair 1971. In Camden Town, Londain, a rugadh é 15 Bealtaine 1902. Ba í Mary Anne Collins ón nGóilín, Co. Chorcaí, a mháthair agus b’as Ros Comáin dá athair Patrick Grady; rugadh triúr eile don lánúin. Ba é Eoghan an duine ab óige agus is amhlaidh a maraíodh a athair i dtionóisc sular rugadh é. Bhí siopa in Camden Town ag Mary Anne. Roimh dhul go dtí an bhunscoil in aon chor bhí na gasúir ag foghlaim Gaeilge ó Mháire Ní Fhlannghaile [B3:165] i gcraobh de Chonradh na Gaeilge. Tar éis na bunscolaíochta cuireadh Eoghan chuig na hÍosánaigh i gColáiste Iognáid, Stamford Hill, Londain Thuaidh; duine dá chomhscoláirí ansiúd ba ea Reginald Dunne, an tÓglach a crochadh in éineacht le Joseph O’Sullivan i ngeall ar fheallmharú Sir Henry Wilson 22 Meitheamh 1922. Bhí sé sa státseirbhís ar feadh bliain go leith i rith 1917-19 agus chaith tamall ina oibrí bainc ach d’fhill ar an státseirbhís; cheana féin bhí Reg Dunne i ndiaidh é a thabhairt isteach sna hÓglaigh agus dúirt Eoghan leis an nGlaisneach gur ‘clúdach maith ab ea é a bheith sa státseirbhís an uair sin’. Chuir sé aithne mhaith ar státseirbhíseach eile arbh Óglach é, Sam Maguire (1879-1927), oifigeach ceannais Óglaigh Londan, fear Chorn Chraobhchomórtas na Peile.

Bhí sé in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh agus cuireadh i bpríosún Mountjoy é a luaithe a tháinig sé chun cónaithe in Éirinn i dtús 1923. Ba é Sam Maguire, a bhí ar son an tSaorstáit, faoi deara gur ligeadh saor é i gceann cúpla mí agus go bhfuair sé post sa státseirbhís. Ba bhall den Fháinne é agus bhí sé ina oifigeach ann i gceann tamaill. I gColáiste Laigheanchuir sé lena eolas ar an nGaeilge agus d’éirigh leis i scrúduithe mháithreánach Ollscoil na hÉireann. Chaitheadh sé laethanta saoire i gceantair Ghaeltachta agus thugadh mí gach samhradh sa Bhlascaod. Tá tagairt bharrúil ag Seán Sheáin Í Chearnaigh [Ó Cearnaigh q.v.] d’Eoghan agus do thriúr eile in An tOileán a Tréigeadh, 1974: ‘Bhíodar ina bhfearaibh óga láidre an uair sin agus iad ag faire ar mhná an Oileáin, mar bhí cruithneacht na mban ar an Oileán ...’. Duine de na mná sin ba ea Bríd Ní Chatháin, a rugadh 30 Nollaig 1907 agus a bhí tagtha abhaile ar cuairt chuig a tuismitheoirí, Pats Muiris Ó Catháin agus Neans Ní Dhálaigh ó Inis Mhic Aoibhleáin, tar éis di cúig bliana a chaitheamh i Meiriceá. Phós siad i 1930. Chaith siad cuid mhór dá saol pósta ina gcónaí sa tSeanchill, Co. Bhaile Átha Cliath, agus thóg siad le Gaeilge an buachaill agus an cailín a rugadh dóibh. Bhí tamall caite ag Eoghan sa Roinn Oideachais ach is sa Roinn Tionscail agus Tráchtála a thug sé formhór a sheirbhíse; ag obair sa Chúirt Oibreachais a bhí sé ó 1952 go 1962 nuair a chuaigh sé ar pinsean.

Bhí ailt ghairide agus litreacha i gcló aige ach ba é an dianghá a bhí ann le leabhair do dhéagóirí a chuir i mbun pinn é dáiríre. Clólucht an Talbóidigh a d’fhoilsigh a chéad leabhar bleachtaireachta, Gunnaí Bagair, 1944 agus mhol Roddy the Rover (Aodh de Blacam) go hard é ina cholún in Scéala Éireann. An Gúm a d’fhoilsigh I Seirbhís an Impire, 1954 agus An Spiorad Dochloíte, 1952. Thug Seán Ó hÉigeartaigh misneach dó agus ba iad Sáirséal agus Dill a d’fhoilsigh An Fear Fada Caol, 1959, Ruathar Anall, 1962, An Masc, 1966, Triúr don Chómhargadh, 1968, Dúmhál, 1968 agus An Siondacáit, 1969. Bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais ar ghearrscéalta agus chraol Radio Éireann tuairim tríocha dá scéalta. Fear mór iascaireachta ba ea é. Rinne RTÉ scannán faoi sna 1970idí agus craoladh é sa tsraith Fáilte 15 Nollaig 1982; Pádraig Ó Catháin a chuir agallamh air. D’éag Bríd 7 Márta 1984. D’éag Eoghan 14 Feabhra 1987. Tá siad curtha i nGráinseach an Déin, Co. Bhaile Átha Cliath.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú