Tá cuntais ar an bhfile seo: ag Rita E. Kelly in Innti 12, 1989 (‘Suaimhneas ort—Conleth Ellis 1937-1988’); ag Seán Ó Cearnaigh in Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995, 1995; ag Cathal Ó hÁinle in Comhar, Meitheamh 1988. In Comhar, Aibreán 1987 (‘Filíocht Ghaeilge Chonleth Ellis’) pléann Cathal Ó hÁinle a dhéantús. Bhí a athair Liam ina chléireach san ospidéal meabhairghalair i gCeatharlach—b’as an gcontae sin dó—agus is sa bhaile sin a rugadh Conleth 24 Feabhra 1937; tá dán grá i nGaeilge a chum Liam i 1921 i gcló ag Conleth in Fómhar na nGéanna. Ba í Brigid Croke ón mBáinseach, Co. Thiobraid Árann, a mháthair. Bhí deartháir agus beirt deirfiúracha aige. Bhí sé ar scoil i Meánscoil na mBráithre i gCeatharlach agus bhí baint aige féin agus ag a dhlúthchara Pádraig Ó Snodaigh le grúpa liteartha ann. Sagart sa Chéinia ba ea a dheartháir Oliver (1933–2000) agus bhí beartaithe aige féin dul le sagartacht in Ord Chumann an Spioraid Naoimh. I rith an ama a chaith sé i gcliarscoil an chumainn i mBaile Átha Cliath bhain sé BA amach i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath. I gColáiste Ollscoile na Gaillimhe ghnóthaigh sé MA, le tráchtas ar Gerald Manley Hopkins, agus M.Ed.

I gCill Chainnigh bhí sé ag múineadh i scoil na mBráithre 1958–59. Chaith sé tamall ag múineadh i scoileanna i mBéal Feirste (Meánscoil Naomh Gaibréil 1959-60; ina cheann ar roinn an Bhéarla i Meánscoil Naomh Labhaoise 1960-65; Scoil Ghramadaí Maolmhaodhóig 1966-69) ach ní rómhór a thaitin an chathair sin leis. D’aistrigh sé go meánscoil Bhráithre Mhuire i mBaile Átha Luain i 1972. Sa bhaile sin a casadh Eoghan Ó Tuairisc air i 1973. Deir Rita Kelly go raibh tionchar mór aigesean air. Tá an méid seo ag Máirín Nic Eoin in Eoghan Ó Tuairisc: beatha agus saothar, 1988: ‘Tháinig an file Conleth Ellis go mór faoina anáil, agus léiríonn an dán “Éigse” a chum sé do Ó Tuairisc agus Rita Kelly an chaoi ar bhreathnaigh sé ar an mbeirt fhilí mar thaiscéalaithe cróga is mar fhoinsí misnigh agus slánaithe, a chónaigh “Ar imeall miotasach / Ár dtaibhreamh”.’ Deir Rita Kelly freisin gurbh iad Ó Tuairisc agus Pádraig Ó Snodaigh a spreag é chun a bheith ag scríobh i nGaeilge; is i mBéarla a bhí an dá chnuasach tosaigh aige, This ripening time, 1966 agus Under the stone, 1971. Deir Ó hÁinle: ‘Ní móide go bhfuil sé dleathach ar fad saothar Gaeilge Chonleth Ellis a scaradh óna shaothar Béarla, arae is mar fhile Béarla is túisce a chuir an pobal aithne air… agus tá sé tar éis a dhearbhú le deireanas arís (After Doomsday, 1982 agus Age of Exploration, 1985) nach bhfuil an teanga sin séanta aige.’ Ba é Fómhar na nGéanna, 1975 a chéad bhailiúchán Gaeilge. Cnuasaigh eile is ea: Aimsir Fháistineach, 1981; Nead lán sneachta, 1982; Táin, 1983; Seabhac ag guairdeall, 1985. Leabhar do pháistí is ea An canáraí pinc, 1990. Ba é an cnuasach deireanach i mBéarla uaidh Darkness blossoming, 1989. Roghnaigh Seán Ó Tuama agus Louis de Paor dán leis in Coiscéim na hAoise, 1991 agus roghnaigh Declan Kiberd agus Gabriel Fitzmaurice ceithre dhán leis in An crann faoi bhláth: The flowering tree: contemporary Irish poetry with verse translations, 1991.

Deir Rita Kelly faoina úrscéal Aoibhinn an Galar, 1986: ‘Ní dhearna sé aon mhaitheas dó mar scríbhneoir nó mar dhuine’. Is amhlaidh a cheap sé go raibh sé de dhualgas air an obair a fhoilsiú toisc sparánacht a bheith faighte aige ón gComhairle Ealaíon chun úrscéal a scríobh agus chun an taighde ba ghá a dhéanamh sa Chéinia. Bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais don Dán Fada sna blianta 1979, 1981, 1983. Bhí sé ina chathaoirleach ar chomhairle Éigse Éireann (Poetry Ireland). Bhuail taom croí é agus d’éag sé 10 Bealtaine 1988. Phós sé Christine Gallagher in Aibreán 1962 i mBéal Feirste agus bhí beirt mhac agus beirt iníonacha acu. Tá sé curtha i reilig Chuasáin i mBaile Átha Luain.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú