I mBaile Átha Cliath a rugadh é ar 20 Bealtaine 1886. 2 Brookline, Bóthar Thír an Iúir, Baile Átha Cliath seoladh na clainne ag am na breithe. Robert Hewitt Woods, abhcóide ó Dhroim Mór i gContae an Dúin, a athair agus Mary Catherine Kirwan, gariníon leis an Thomas Kirwan úd, an ceannaí i mBaile Átha Cliath a bhí ina bhall gníomhach de Choiste na gCaitliceach, a mháthair. Bhí aon deirfiúr amháin ag Seán. Phós Maighréad Woods (d’éag 1890), deirfiúr le Robert, Micheál Cíosóg, bunaitheoir Chumann Lúthchleas Gael. Cailleadh Robert in 1891. Liostaíodh Seán ar lucht caointe an Chíosógaigh nuair a fuair sé bás ar 28 Samhain 1906.

Bhí Seán ar scoil i St Mary’s, Ráth Maonais, i gColáiste na Carraige Duibhe agus i gColáiste Thír an Iúir. Bhí sé ag gabháil don innealtóireacht ar dtús sular chas sé ar an dlí. Cháiligh sé mar aturnae. I 1914 chuaigh sé i bpáirtíocht le P. J. Little agus Ernest W. Proud chun comhlacht dlí a bhunú. Chaith sé tamall ina uachtarán ar an Incorporated Law Society agus dúradh in Scéala Éireann ar 26 Eanáir 1959 gurbh é a bhí ann “Doyen of the Faculty of Notaries Public”.

Bhí sé sna déaga nuair a thosaigh sé ar an nGaeilge a fhoghlaim i gCraobh Shliabh Arguis. Chuaigh sé siar ar a rothar go Conamara á foghlaim. Is cosúil gur beag tuiscint a bhí ag a mháthair don dúil a bhí aige sa teanga.

Cheangail sé le Bráithreachas na Poblachta go hóg ina shaol. Faoi 1910 bhí sé ina rúnaí ar an Wolfe Tone Club a raibh baint ag Tomás Clarke leis. I 1918 bhí sé ina ghníomhaire ag George Gavan Duffy in olltoghchán 1918 i mBaile Átha Cliath Theas. Nuair a bhí triail á cur ar Chaoimhín de Barra ag cúirt airm ba é a bhí sa láthair thar ceann a mhuintire. I mbliain 1920 freisin scrios na Dúchrónaigh a oifig i Sráid Eustace agus ghabh é féin agus P. J. Little mar ghialla. Chaith sé tamaill ghéibhinn i gCill Mhaighneann agus i Mountjoy.

Bhí sé ar thaobh na bPoblachtach sa Chogadh Cathartha.

Sna 1920idí agus sna 1930idí ghlac sé páirt an-ghníomhach i gcúrsaí na hathbheochana. Nuair a tháinig an córú nua i bhfeidhm sa Chonradh i 1925 is é an ball den Choiste Gnó é a bhí i gceannas na rannóige a bhain le riarachán poiblí. Bhí sé ar phríomhbhunaitheoirí Choiste na bPáistí i 1933 agus ina uachtarán air go dtí lá a bháis. Eagraíocht eile a raibh sé ina uachtarán air an Comhar Drámaíochta.

Ba é dlíodóir an Chonartha é. Bhí sé ina bhall de choiste an Oireachtais ar feadh na mblianta, toghadh é ina uachtarán i 1952 agus lean air ina leasuachtarán ar feadh a raibh fágtha dá shaol.

Pearsa mhór é i stair na heitleoireachta in Éirinn. Bhí sé ina bhall den Aero Club agus ba dhuine é den triúr a thug an chéad eitleán go hÁrainn. Ba é an chéad chathaoirleach ar Aer Lingus é agus bhí sé ina stiúrthóir ag Aer Rianta ó 1937 go 1944 agus arís ó 1946 ar aghaidh. Dúradh faoi i dtuarascáil bhliantúil Aer Lingus 1959: “Among the pioneers of civil aviation he made an outstanding contribution to its development in Ireland”.

Is dó a thugtar an chreidiúint is mó faoin obair a bhain le hathrú ainm Kingstown go Dún Laoghaire. Bhí sé ina bhall de bhailechomhairle na háite i 1920 agus ba é a mhol an t-athrú. Is inspéise gur athraigh sé a ainm is a shloinne féin ó “John Kirwan Woods” go dtí “Seán Ó hUadhaigh” trí ghníomhas aonpháirtí roimhe sin.

Bhí sé pósta ar May Dixon, bean mhór le rá i gCumann na mBan, agus bhí beirt mhac agus beirt iníonacha acu. I gCill Iníon Léinín, Co. Bhaile Átha Cliath, a bhí cónaí air ar feadh píosa fhada dá shaol. D’éag sé ar 24 Eanáir 1959. Cuireadh é i reilig Ghráinseach an Déin.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú