MAC CNÁIMHÍN, Séamus (1903–1993)
Le caoinchead ó Bhláithín Uí Chíobháin

An eolaíocht ab ábhar dá chuid leabhar nuair is beag má bhí aon údar eile ag soláthar a leithéidí don ghnáthléitheoir. Bhí feirm mhaith ag a mhuintir i gCluain Dúlais, Cill Íomair, Co. na Gaillimhe, agus ann a rugadh é 5 Feabhra 1903. Ba dhuine é den seisear a rugadh do Patrick Nevin, feirmeoir, agus a bhean Ellen Ryan. I nDaonáireamh 1911 bhí Patrick 43 bliain d’aois agus 39 a bhí ag Ellen. Bhí ceathrar de na leanaí beo: Michael (11), James V. (8), Mary Ellen (5) agus John M. (3). Béarla amháin a bhí ag na tuismitheoirí ach bhí Gaeilge ag Séamus agus a dheartháir mór Micheál. Bhí spéis mhór ag an athair sa réalteolaíocht agus ceann de chuimhní Shéamuis a bheith ag faire amach do Chóiméad Halley i mBealtaine 1910. Tar éis bunoideachais i gCill Íomair cuireadh é go Gearrbhaile, Béal Átha na Sluaighe. Bhain sé BSc amach san eolaíocht agus sa mhatamataic i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe; d’imir sé iomáint le foireann an Choláiste a bhuaigh corn Mhic Giobúin i 1922 agus mhair a spéis i gcónaí sa chluiche. Sa choláiste ullmhúcháin a bhí ag Bráithre de La Salle in aice le Mala a thosaigh sé ag múineadh. Bhí post aige ina dhiaidh sin i mbaile Shligigh. Tá fianaise in Ó Thrá Anoir, 1985 le Dónal Ó Flannagáin go raibh sé ag múineadh i gColáiste Éinde le linn don choláiste sin a bheith tamall i mBaile Átha Cliath agus deir an Flannagánach faoi aistriú an choláiste sin go Gaillimh i 1937: ‘Ghoill sé go mór orainn, agus orm féin go mór mór, go raibh Séamas Mac Cnáimhín ar iarraidh. . . . Ach mar sin féin. . . níor thréig sé muid ar fad, mar tháinig sé go Gaillimh seachtain nó mar sin roimh oscailt don choláiste gur eagraigh sé an seomra eolaíochta nua don fhear a bhí le teacht ina dhiaidh.’ Faoi 1937 bhí sé ina ollamh le matamaitic agus le heolaíocht i gColáiste Oiliúna Dhún Chéirí, áit a dtugtaí an t-ainm ceana ‘Paddy Maths’ air, agus bhí sa phost sin go ndeachaigh ar pinsean. Bhí sé fostaithe ar feadh tamaill ina dhiaidh sin mar mhúinteoir matamaitice i gClochar Chnoc Síon sa Charraig Dhubh.

Is iad na leabhair a scríobh sé: Teas, 1940; Cá ndéanfad mo nead?, 1954; Éireannaigh san Eolaíocht, 1966; Uisce, 1974; Aer, 1978 (a roghnaíodh mar cheann de na leabhair ab fhearr dearadh i 1978-79). Chraoladh sé nuachtchainteanna ar Radio Éireann sna 1950idí agus sna 1960idí. Bhí spéis ar leith aige in William James MacNeven (1763-1841), an tÉireannach Aontaithe ar tugadh ‘The Father of American Chemistry’ air, agus d’fhéach sé chuige go n-ainmneofaí bóthar ina dhiaidh i mBéal Átha na Sluaighe, agus scríobh an cuntas is cuimsithí dá bhfuil ar fáil air in Éireannaigh san Eolaíocht; tá sa leabhar sin freisin cuntas ar mhuintir Mhic Cnáimhín in oirthear na Gaillimhe ó timpeall 1150. Bhuaigh sé Duais na Comhdhála ag Oireachtas 1951 ar aistí eolaíochta agus bhuaigh Duais an Chlub Leabhar i 1964. Phós sé Áine Loddick ón Móta, Co. na hIarmhí, céimí sa tráchtáil de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i 1932 agus bhí ceathrar iníonacha acu; ba í an Ghaeilge príomhtheanga an teaghlaigh. A iníon Bláithín, ealaíontóir a raibh clár seasta teilifíse aici i mblianta tosaigh RTÉ, a dhearaigh a chuid leabhar. Bhí sé ina chisteoir ag an Frescati and Blackrock Protection Society agus rinne gach dícheall ar feadh 1971-83 chun nach scriosfaí ‘Frescati’, teach an Tiarna Edward Fitzgerald. D’éag sé 12 Nollaig 1993. Ní raibh ach trí mhí idir sin agus bás Áine agus dheonaigh siad beirt a gcoirp do Choláiste na Máinlianna mar mhaithe le taighde; cuireadh iad ina dhiaidh sin i Reilig Sheangánaí, Co. Bhaile Átha Cliath.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú