MAC CNÁIMHÍN, Séamus (1903-1993) Séamus MAC CNÁIMHÍN 1903 1993 Cluain Dúlais, Co. na Gaillimhe M Coláiste Ghearrbhaile, Béal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe Ollscoil na hÉireann, Gaillimh múinteoir ollamh Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

An eolaíocht ab ábhar dá chuid leabhar nuair is beag má bhí aon údar eile ag soláthar a léithéidí don ghnáthléitheoir. Bhí feirm mhaith ag a mhuintir i gCluain Dúlais, Cill Íomair, Co. na Gaillimhe, agus ann a rugadh é 5 Feabhra 1903. Ba dhuine é den seisear a rugadh do Patrick Nevin, feirmeoir, agus a bhean Ellen Ryan. I nDaonáireamh 1911 bhí Patrick 43 bliain d’aois agus 39 a bhí ag Ellen. Bhí ceathrar de na leanaí beo: Michael (11), James V. (8), Mary Ellen (5) agus John M. (3). Béarla amháin a bhí ag na tuismitheoirí ach bhí Gaeilge ag Séamus agus a dheartháir mór Micheál. Bhí spéis mhór ag an athair sa réalteolaíocht agus ceann de chuimhní Shéamuis a bheith ag faire amach do Chóiméad Halley i mBealtaine 1910. Tar éis bunoideachais i gCill Íomair cuireadh é go Gearrbhaile, Béal Átha na Sluaighe. Bhain sé BSc amach san eolaíocht agus sa mhatamataic i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe; d’imir sé iomáint le foireann an Choláiste a bhuaigh corn Mhic Giobúin i 1922 agus mhair a spéis i gcónaí sa chluiche. Sa choláiste ullmhúcháin a bhí ag Bráithre de La Salle in aice le Mala a thosaigh sé ag múineadh. Bhí post aige ina dhiaidh sin i mbaile Shligigh. Tá fianaise in Ó Thrá Anoir, 1985 le Dónal Ó Flannagáin [q.v.] go raibh sé ag múineadh i gColáiste Éinde le linn don choláiste sin a bheith tamall i mBaile Átha Cliath agus deir an Flannagánach faoi aistriú an choláiste sin go Gaillimh i 1937: ‘Ghoill sé go mór orainn, agus orm féin go mór mór, go raibh Séamas Mac Cnáimhín ar iarraidh. . . . Ach mar sin féin. . . níor thréig sé muid ar fad, mar tháinig sé go Gaillimh seachtain nó mar sin roimh oscailt don choláiste gur eagraigh sé an seomra eolaíochta nua don fhear a bhí le teacht ina dhiaidh.’ Faoi 1937 bhí sé ina ollamh le matamaitic agus le heolaíocht i gColáiste Oiliúna Dhún Chéirí, áit a dtugtaí an t-ainm ceana ‘Paddy Maths’ air, agus bhí sa phost sin go ndeachaigh ar pinsean. Bhí sé fostaithe ar feadh tamaill ina dhiaidh sin mar mhúinteoir matamaitice i gClochar Chnoc Síon sa Charraig Dhubh.

Is iad na leabhair a scríobh sé: Teas, 1940; Cá ndéanfad mo nead, 1954; Éireannaigh san Eolaíocht, 1966; Uisce, 1974; Aer, 1978 (a roghnaíodh mar cheann de na leabhair ab fhearr dearadh i 1978-79). Chraoladh sé nuachtchainteanna ar Radio Éireann sna 1950idí agus sna 1960idí. Bhí spéis ar leith aige in William James MacNeven (1763-1841) [B6], an tÉireannach Aontaithe ar tugadh ‘The Father of American Chemistry’ air, agus d’fhéach sé chuige go n-ainmneofaí bóthar ina dhiaidh i mBéal Átha na Sluaighe, agus scríobh an cuntas is cuimsithí dá bhfuil ar fáil air in Éireannaigh san Eolaíocht; tá sa leabhar sin freisin cuntas ar mhuintir Mhic Cnáimhín in oirthear na Gaillimhe ó timpeall 1150. Bhuaigh sé Duais na Comhdhála ag Oireachtas 1951 ar aistí eolaíochta agus bhuaigh Duais an Chlub Leabhar i 1964. Phós sé Áine Loddick ón Móta, Co. na hIarmhí, céimí sa tráchtáil de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i 1932 agus bhí ceathrar iníonacha acu; ba í an Ghaeilge príomhtheanga an teaghlaigh. A iníon Bláithín, ealaíontóir a raibh clár seasta teilifíse aici i mblianta tosaigh RTÉ, a dhearaigh a chuid leabhar. Bhí sé ina chisteoir ag an Frescati and Blackrock Protection Society agus rinne gach dícheall ar feadh 1971-83 chun nach scriosfaí ‘Frescati’, teach an Tiarna Edward Fitzgerald. D’éag sé 12 Nollaig 1993. Ní raibh ach trí mhí idir sin agus bás Áine agus dheonaigh siad beirt a gcoirp do Choláiste na Máinlianna mar mhaithe le taighde; cuireadh iad ina dhiaidh sin i Seangánach, Co. Bhaile Átha Cliath.