Nuair a d’éag sé ní raibh le rá ag An Claidheamh Soluis ach gurbh é Ollamh na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide é agus go mba as Béarra dó. I nDaonáireamh 1901 chuir sé síos go raibh 50 bliain d’aois aige agus gurbh i gCiarraí a rugadh é. B’fhéidir gurbh é an t-aon ollamh amháin sa 20ú haois in Éirinn é ar deacair teacht ar aon eolas ina thaobh. Is beag eolas a thug Vendryes san obit in Revue Celtique XXXVIII 1919. Ní raibh dada ina thaobh i bpáipéir Chiarraí. Thug an tOllamh Máirtín Ó Murchú an t-eolas breise seo dúinn: ‘Ba mhac feirmeora (Edward Murphy) ó Bhun Áth, Co. Chiarraí, é. D’fhreastail sé ar Scoil Pharóiste Dhá Dhrom i gContae Chorcaí. [Tá an dá áit aistear maith ó chéile ar an gcósta thuaidh de leithinis Bhéarra, ach is dócha gurbh í sin an t-aon scoil Phrotastúnach a bhí sa cheantar.] Fuair sé cáilíocht na Máithreánachta ó Choláiste na Tríonóide ar an 18 Meitheamh 1873, agus bhí sé 24 bliana d’aois san am sin. [Dhealródh gur sa bhliain dár gcionn a thosaigh sé ar chúrsa fochéime, déanach go maith ina shaol]. De réir faisnéise atá ar fáil i gcló, ba sa bhliain 1875 a dhein Scoláire Bedell de.] Cé go mba shaghsóir é, bhí sciar de na táillí á dhíol aige. Ghnóthaigh sé an chéim BA sa bhliain 1878.’

Fuair sé sadhsóireacht na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide toisc nach mbeadh ar acmhainn aige cúrsa léinn a dhéanamh gan é. Bhain sé an M.A. amach in 1881. I ndeoise na Mí a chaith sé tús a shaoil oibre, é ina churáideach i Maigh Bolg agus ansin ina shealbhóir i bparóiste Ráth Cuair. Phós sé san áit sin Emmeline Annie Lennon ar 3 Eanáir 1883. Deirtear sa teastas pósta gur Edward ab ainm dá athair ar ‘gentleman’ an cur síos atá ar a shlí bheatha. Tá cuntas ar a cheapachán mar ollamh in Dúbhglas de hÍde (1860–1949): ceannródaí cultúrtha 1860–1910 ag Risteárd Ó Glaisne. Deir Declan Kiberd (Synge and the Irish language) gurbh é Murphy an sadhsóir a scríobh litir uair in The Irish Times ag lochtú leabhairíní beaga Gaeilge Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge; ‘iarracht ar iad a mharbhú agus a mhúchadh’, mar a dúirt de hÍde in Mise agus an Connradh. Is cosúil gurbh é an freagra a thug de hÍde air an chéad phíosa i gcló riamh uaidhsean. Chosain Seán Pléimeann na leabhairíní i gcúpla litir freisin.

Bhí de hÍde ag cur isteach ar an bpost ollúnachta i gColáiste na Tríonóide mar chomharba ar Shéamus Goodman in 1896 ach ba é J.E.H. Murphy a ceapadh. Bhíodh sé ag léachtóireacht i scoil na Gaeilge sa Choláiste mar fhear ionaid ag Goodman ar feadh tamaill de bhlianta. Is léir gur chuir an ceapachán leis an teannas idir Conradh na Gaeilge agus an Coláiste.

Deir R.B. McDowell agus D.A. Webb in Trinity College 1592–1952, [1982]: ‘Up to 1919 all the professors were clergymen and their interest in the Irish language, although real enough, was as a means to an end.... James Goodman and J.E.H. Murphy who held the office from 1879 to 1919 seem to have achieved little’. Cibé rud faoi Goodman é, níor fhoilsigh Murphy ach Tiomna Nuadh ár dTighearna agus ár Slánaightheóra Íosa Críost..., 1910 agus soiscéal Naomh Lúcás in eagar ag Goodman agus é féin. Ní mór a mheabhrú nár phost lánaimseartha an ollúnacht agus go raibh gnó sagairt á dhéanamh aige i Ráth Cuair ar feadh an ama. Agus níl fianaise go raibh sé in aghaidh na teanga mar a bhí cuid dá chomhghleacaithe i gColáiste na Tríonóide. Rinne sé moltóireacht ag an gcéad Oireachtas.

Rinne Lil Nic Dhonnchadha tagairtí dó sa chomhrá a bhí aici le Risteárd Ó Glaisne (Feasta, Meitheamh 1989): ‘“ministir eile, Séamus Ó Murchadha, a bhí ina ollamh Gaeilge. Seanfhear amaideach—cainteoir dúchais ó Chontae Chiarraí, sílim’, dúirt Lil. Ní thaitníodh aon ní leis-sean ach Scéalta ó ChéitinnEachtra Lomnachtáin. Bhí fáth eile ar leith ag Lil le gan barraíocht ar bith measa a bheith aici ar Ó Murchadha. Thugtaí eisean aníos ón Bhóthar Buí i gContae na Mí... chun dul i mbun seirbhísí Gaeilge a bhíodh in Eaglais Naomh Caoimhín ar an Chuarbhóthar Theas uaireanta thart faoin am sin ar chostas nár shuarach. “Bhímis cráite aige ag na seirbhísí, oiread den teaghlach ríoga aige iontu agus ab fhéidir” arsa Lil liom’.

Ag cruinnithe den Choimisiún Ríoga ar Oideachas Ollscoile i 1901 chosain sé cathaoir na Gaeilge ar an gcúiseamh a rinne de hÍde agus daoine eile: go raibh smacht uirthi ag an Irish Society a bunaíodh breis is trí scór bliain roimhe sin chun cainteoirí Gaeilge a iompú chun an chreidimh bhunaithe. Dhearbhaigh sé nach bhfuair sé pingin riamh ón gcumann sin.

Taispeánann foirm Dhaonáireamh 1911 gurbh i mBaile Átha Cliath a rugadh a bhean, gur rugadh deichniúr leanaí dóibh ach nár mhair ach ochtar. Ní raibh Gaeilge ag aon duine sa teach ach ag an athair.

D’éag sé ar 7 Aibreán 1919.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú