Bhí sé ar dhuine den seisear sagart de chuid Eaglais na hÉireann ba mhó a raibh cáil na Gaeilge orthu sna chéad deicheanna den 20ú haois. Sa Tulach Mhór i gceantar Rinn Mhaoile, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 2 Eanáir 1884 agus ba é an mac ab óige é ag Festus Quigley agus a bhean Mary Murray. Bhí naonúr eile clainne ag an lánúin. Airíoch (‘caretaker’) an tslí bheatha a bhí ag an athair dar leis an teastas beireatais.

Mar bhuachaill, d’fhreastail Festus ar an scoil áitiúil a bhunaigh The Society for the Irish Church Missions to the Roman Catholics of Ireland (ICM). Tar éis dó bheith ag obair i Sasana agus in Albain, d’fhill sé ar Rinn Mhaoile agus phós sé in1865. Tamall ina dhiaidh sin, de réir a chuntais féin, tháinig sé i dteagmháil le léitheoir scrioptúir de chuid an ICM, duine a thugadh cuairt air go minic. Tuairim agus bliain ina dhiaidh sin d’iompaigh an teaghlach ina mbaill d'Eaglais na hÉireann. Chuir sé sin as do chuid de na daoine áitiúla, agus chuir a ról mar aoire agus airíoch, é fostaithe ag an tiarna talún, Blake, tuilleadh feirge orthu. Dódh cró bó Fhestus ach dhiúltaigh na cúirteanna a éileamh ar chúiteamh i leith damáistí mailíseacha. (Nóta a chuir William Wood, garmhac Phóil Uí Choigligh, chuig údair na beathaisnéise seo).

Bhí Pól tamall i Scoil Ghramadaí na Gaillimhe. Sadhsóireacht a thug go Coláiste na Tríonóide é. Scoláire Bedell ba ea é i 1908 agus an bhliain chéanna fuair sé a chéim ollscoile. Is cosúil go ndearna sé staidéar ar an nGaeilge sa Choláiste faoin Ollamh J.E.H. Murphy. Rinne deagánach de i 1909 agus oirníodh ina shagart é an bhliain dár gcionn. Ó 1909 go 1912 bhí sé ag obair i bparóiste Naomh Eoin i Sligeach, in Inis Mhic Chraith ina dhiaidh sin go 1916, agus ansin go dtí 1917 i bparóiste Naomh Seoirse i mBaile Átha Cliath, agus uaidh sin go 1921 in Sandfor, Baile Átha Cliath. Bhí sé ina reachtaire i gCairbre, Co. Chill Dara sa tréimhse 1921–29, i Lusca agus Ceann Iúir ó 1929 go 1945 agus ina dhiaidh sin i dTobar an Choire.

I réamhrá a Graimeur riaghlach na Nuadh-Ghaedhilge. The standard grammar of modern Gaelic, (1924) tá an méid seo: ‘The author had the great advantage of knowing the language from infancy and especially in having heard the words from the lips of an intellectual class of native speakers who took a pride in the heritage of sweet sounds and elegant expressions. As a disciple of such folk and an inheritor of their guarded treasure he has arranged this grammar and proposes its teaching as a standard in these days of the language’s true decay’. Is ar an mbonn go príomha gur thug an leabhar seo cothrom na Féinne do Ghaeilge Chonnacht a mhol An Stoc é. Dar le tuairisc a bháis in Church of Ireland Gazette 9 Aibreán 1948 gur shíl sé claonadh a bheith ag an rialtas i leith Ghaeilge na Mumhan sna 1920idí agus sna 1930idí agus gur chuir sin díomá air.

Bhí baint aige le Cumann Gaelach na hEaglaise, é ina shéiplíneach acu tamall agus ina leasuachtarán ar ball. Bhí sé ar dhuine de na baill a rinne tréaniarracht ar sheirbhísí Gaeilge a chur ar fáil i mBaile Átha Cliath. Thagadh sé aniar as Cairbre chun na chéad seirbhísí a stiúradh, agus ní iarradh aon táille. Chuir sé eagar ar [Leabhar] na hUrnaighe Comhchoitchinne agus miniostrálachta na comaoineach naomhtha de réir úsáide Eaglaise na hÉireann, 1928. As Ciste Cuimhneacháin Neilí Ní Bhriain [BI] a íocadh costas a fhoilsithe agus is di a tiomnaíodh é. Nuair a thug sé léacht i 1932 i dtaobh stair aistriú an Bhíobla agus Leabhar na nUrnaithe ComhChoiteann ba é Osborn Bergin a bhí sa chathaoir.

D’éag sé ar 29 Márta 1948. Bhí sé pósta ar Meta Roe, bean as Co. na Mí, agus bhí mac agus iníon acu. Fuair an mac bás ina naíonán. Tá Pól curtha i reilig Cheann Iúir, Lusca. Dúradh in Sligo Independent 3 Aibreán 1948 go raibh sé ina eagarthóir ar irisleabhar deoise Thuama, Chill Ala agus Achadh Conaire agus go raibh baint aige óna tús le Féile Drámaíochta an Iarthair agus go ndéanadh sé moltóireacht ar na drámaí Gaeilge.

Bhí duine dá dheartháireacha ina oifigeach in arm na Breataine san India agus bhí deartháireacha eile ina ministrí, duine díobh ina Reachtaire i mBéal Easa i gContae Mhaigh Eo agus an fear eile ina reachtaire i gCalraí, Co. Chill Mhantáin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú