Ó LIATHÁIN, Annraoi (1917–1981)

In aice Phort Omna, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 15 Deireadh Fómhair 1917. Michael Lyons, maor seilge as Gleann Fearna, Co. Liatroma, a athair agus Annie McKee as Port Chluain Eoghain, Co. Aontroma, a mháthair. Faoi 1922 bhí an chlann ina gcónaí i nGleann Doimhin, Lios Mór, Co. Phort Láirge. Chaith Annraoi na blianta 1922–1931 sa scoil náisiúnta ann agus tréimhse trí bliana i nóibhíseacht Bhráithre Phádraig sa Tulach, Co. Cheatharlach. I ndiaidh dhá bhliain eile i Scoil na mBráthar in Eochaill chuaigh sé isteach sa státseirbhís i 1936. San Oifig Luachála a bhí sé bunáite an ama gur cheangail sé le Foireann an Fhoclóra sa Roinn Oideachais i 1964. Ar 1 Nollaig 1949 phós sé Margaret Fox as Baile an Mhóta. Ochtar clainne a rugadh dóibh.

Cheangail sé le Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. In Aibreán 1941 (go dtí Iúil 1942) ba é an chéad eagarthóir é ar An Glór, iris an Chonartha. Timpeall an ama chéanna chuaigh sé isteach i gCraobh na hAiséirí. Nuair a tharla scoilt ansiúd bhí sé ar an mbeagán daoine a bhunaigh Glún na Buaidhe ach ba ghairid gur fhág sé é chun luí isteach go hiomlán ar an scríbhneoireacht. Le linn dó bheith sa ghluaiseacht thabhaigh sé clú mar óráidí cliste sráide.

I 1946 bhí sé ina eagarthóir ar an iris Resurgence a cháin an Rialtas mar gheall ar bhás truamhéalach Sheáin Mhic Eachaigh (11 Bealtaine). Chaill sé a phost agus chaith cúpla bliain ag timireacht do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Nuair a tháinig an Comhrialtas i gcumhacht i 1948 d’éirigh leis dul ar ais sa státseirbhís. Toghadh ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge é don tréimhse 1950–1952. Le linn a uachtaránachta a cuireadh Eagar, ráitheachán dátheangach, ar fáil. Rosc (1951– ) a tugadh air nuair a rinne coicíseán de.

Bhí cáil na scríbhneoireachta air riamh ón uair a bhuaigh sé duais Oireachtais i 1943 lena ghearrscéal ‘Ceithre peacaí a ghlaodhann ar Neamh’. Foilsíodh timpeall 100 gearrscéal leis in Comhar, An Glór agus irisí eile. Tá a rogha féin díobh le fáil in Gleann an leasa (1973). Deir sé sa réamhrá: ‘Scríobhnóirí irise ab ea sinn. Ní raibh uainn ach scéalta a scríobh le haghaidh gnáthphobal léitheoireachta na Gaeilge ... an scéal a bheith inléite agus inspéise. Ba é sin ár n-aidhm. Ní rabhamar ag dréim le clasaiceacht ná le hardlitríocht’.

Scríobh sé cúig leabhar do dhéagóirí: Laochra na machairí (1958), Claíomh an díoltais (1961), Pící Loch Garman (1964), An tíogar daonna (1966), agus Dún na cinniúna (1966). I gcomhpháirt le Séamas Mac Ualghairg scríobh sé An bradán agus iascaireacht an bhradáin (1970). Baineann Buíon Éireannach in Albain (1975) leis an stair agus is úrscéalta Luaithreach an bhua (1969) agus Nead na gcreabhar (1977). Faoi dhá phríomhabhainn oirthear na Mumhan scríobh sé Cois Móire (1964) agus Cois Siúire (1982). Bhuaigh scríbhinn leabhar na Siúire an chéad duais ag Oireachtas 1981. Chraol Annraoi cuid mhaith cainteanna sa chlár raidió Aeriris (1959–1968) agus mar aisteoir bhíodh sé páirteach go rialta sa chlár Idir shúgra is dáirire. Ba mhinic freisin é ar ardán Halla Damer. D’éag sé ar 27 Iúil 1981 go luath i ndiaidh dó éirí as a phost sa státseirbhís agus cuireadh é i Reilig Naomh Fionntan, Cill Fhionntain, Co. Bhaile Átha Cliath.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú