Chaith sé 20 bliain ina mhúinteoir taistil. I mBéal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí a rugadh é 28 Nollaig 1879. Ba é Éamonn Ó hArgáin a athair agus ba í Julia Herlihy a mháthair. Eugene a tugadh go botúnach ar an athair sna taifid bhaiste. Bhí dáréag clainne acu agus chuaigh cúigear díobh ar imirce go Butte, Montana. Bhí cónaí orthu anseo is ansiúd sa cheantar ach ag am éigin roimh Dhaonáireamh 1911 shocraigh siad síos ar fheirm i Ladhar na Gaoithe. Cuireadh síos nach raibh Béarla ag Éamonn ná ag Julia.

Bhí Conchubhar ina mhonatóir i mBéal Átha an Ghaorthaidh, agus ag Oireachtas 1901 bhuaigh sé duais ar aiste i dtaobh ‘Na Francaigh i gCuan Bheanntraí’. Go luath sa chéad, tuairim 1902, chuaigh sé ag obair mar mhúinteoir taistil go ceantar Chaisleán an Chumair i gCill Chainnigh. Toghadh é ina bhall coiste de Chumann na Múinteoirí Taistil (An Claidheamh Soluis 16 Mean Fómhair 1904). Timpeall an ama seo cuireadh an dlí air faoi bheith ag gríosú siopadóirí Chaisleán an Chumair chun a n-ainmneacha a bheith i nGaeilge acu os cionn a siopaí. Bhí baint aige le bunú agus forbairt Fheis Chill Chainnigh agus ina dhiaidh sin le Feiseanna Carman agus Osraí.

Faoi 1912 bhí sé ag múineadh i mbaile Loch Garman agus in Inis Córthaidh. Tá grianghraf de in An Claidheamh Soluis 18 Bealtaine 1912 in éineacht lena mhótar-rothar nua agus tugtar le tuiscint go mba thimire é faoin am sin. Théadh sé abhaile go Béal Átha an Ghaorthaidh gach samhradh chun bheith ag teagasc i gColáiste na Mumhan agus ba é an chéad ghluaisrothar dá bhfacthas riamh ansin é. Ag moladh ‘sheanfhondúirí’ an Choláiste go hard dúirt Peadar Ó hAnnracháin: ‘Agus bhíodh Conchubhar Ó hArgáin ina measc—duine eile a raibh stuaim ann agus bua an chruinnis’ (Fé bhrat an Chonnartha, 1944)

Bhí sé ina theachta ó Chaisleán an Chumair ag Ard-Fheis 1916. Toghadh ina bhall de Choiste GnóChonradh na Gaeilge é i 1914 agus gach bliain go 1923. Bhí sé ina bhall de Chomhairle an Fháinne ó 1918 go 1923. Faoi 1922 bhí sé ag múineadh Gaeilge sa cheardscoil i gCill Chainnigh agus do mhúinteoirí náisiúnta an chontae. Tuairim 1924 phós sé Máire Ní Mhurchadha, oide scoile as Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe. I scoil Bhaile Mhic Fhloinn i bparóiste Chonachaidh a bhí sí ag múineadh. Bhí beirt mhac agus ceathrar iníonacha acu. Timpeall bhliain an phósta d’éirigh Conchubhar as an mhúinteoireacht taistil agus chaith an chuid eile dá shaol le feirmeoireacht ar thalamh in eastát Swifts Heath a cheannaigh sé ó Choimisiún na Talún. D’aistrigh sé péire leabhar: An Múindín: scéal ar shaoghal braighdeach san Astráil, 1931 (Moondyne, le John Boyle O’Reilly); Fabiola, 1939 (ó Bhéarla an Chairdinéil Wiseman).

D’éag sé 24 Aibreán 1954 agus tá sé curtha i gConachaidh, Co. Chill Chainnigh.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú