Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 165
Rinne sé a chomhrá le Risteárd Ó Glaisne in Inniu 18 Meitheamh 1971 ··· Bhunaigh siad an páipéar Inniu i 1943; míosachán ba ea é go dtí go ndearna seachtanán de um Meitheamh 1945 ··· ‘De réir a chéile bhain an páipéar tús tábhachta de gach rud eile dá raibh idir lámha againn go dtí sa deireadh gur bheag ná gurbh ionann Inniu agus Glúin na Buaidhe féin’ (Téid Focal le Gaoith) ··· Shíl sé nár thug Tuarascáil an Choimisiúin cothrom na féinne do Inniu; tá scéal iomlán léanmhar dheireadh an pháipéir inste aige in I dTreo na Gréine ··· Nuair a cuireadh deireadh leis an nGaeilge mar ábhar riachtanach le haghaidh na hArdteistiméireachta um Shamhain 1974 agus nuair a tugadh ísliú céime di sa státseirbhís, ní hamháin gur laghdaíodh díolaíocht Inniu ach samhlaíodh dó go raibh cúl á thabhairt le haidhm na hAthbheochana
Tá eolas air in: Inniu 4 Aibreán 1983; in I dTreo na Gréine, [g.d.] le Proinsias Mac an Bheatha[q.v.]; ina leabhar féin Óige an Dearthár, 1973; ag Dorothy Ní Uigín in Irisleabhar Má Nuad, 1995 (‘Craobh na hAiséirí, Glúin na Buaidhe agus Bunú Inniu’); ag Seán Ó hUrmoltaigh [q.v.] in Agus, Aibreán 1992 (‘Fear Bunaithe INNIU’) ··· Foilsíodh an chéad uimhir de Inniu, míosachán, 17 Márta 1943 ··· D’fhág sé a lorg ar iriseoireacht agus ar scríbhneoireacht na Gaeilge agus ar Ghaeilge ár linne’ (Inniu 4 Márta 1983) ··· Ag dul ar saoire do dhuine againn ní ghuíodh an duine eile dea-aimsir dó agus ag filleadh dó is “Cad é mar atá cúrsaí?” an chéad rud a déarfadh sé—cúrsaí uimhir na seachtaine sin de Inniu ar ndóigh!’ Dhéanadh Seán Ó hUrmoltaigh iontas den bheirt: ‘Is dócha go mbíodh comhrá idir Ciarán agus Tarlach uaireanta, agus má bhíodh níor chuala a leithéid riamh ··· Sna blianta fada atá imithe tharainn is minic a dhéanaim ionadh den mbeirt fhear seo a choimeád nuachtán spéisiúil ar siúl gan cabhair dá laghad ó na Gaeilgeoirí proifisiúnta agus in ainneoin naimhdis nimhnigh polaiteoirí áirithe.’ Nuair a d’éirigh sé as eagarthóireacht Inniu ba é an t-eagarthóir liteartha é
Tá cuntas ag Caoimhín Ó Góilidhe [q.v.] sa cholún ‘Comhaimsirigh’ (Inniu 9 Márta 1957). In Weston-super-mare, Somerset, Sasana, a rugadh é ar 15 Iúil 1922 ··· Bhí sé ina bhall de Chraobh Moibhí de Chonradh na Gaeilge agus ina dhiaidh sin ina bhall de Ghlúin na Buaidhe, a bpáipéar Inniu á dhíol aige agus fógraí á mbailiú aige ··· Nuair a cuireadh deireadh leis an roinn sin chuaigh sé isteach sa tSeirbhís Chustaim agus Máil agus bhí ag obair i gceantar Chairlinn i Lú, post a thug deis dó aithne a chur ar sheancainteoirí Gaeilge in Ó Méith agus i ndeisceart Ard Mhacha. Laistigh de shé mhí díoladh 20,000 cóip de phaimfléad Béarla a scríobh sé do Ghlúin na Buaidhe, Tusa agus an Ghaedhilg: A word to the worker, 1944 (Inniu 1 Nollaig 1950), ach níor cuireadh ainm údair leis ··· In alt in Inniu 15 Bealtaine 1953 mhaígh sé go raibh tuairim 1,500,000 focal scríofa aige go nuige sin ··· Sholáthraíodh sé lán leathanaigh do Inniu gach seachtain agus i measc an ábhair bhí an tsraith An tEiteallán Dofheicthe, an chéad ghreannán Gaeilge, dar le Mac Aonghusa
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Tá cuntas air: ag Tarlach Ó hUid in Inniu 19 Meán Fómhair 1957 (‘Comhaimsirigh’); ag Risteárd Ó Glaisne in Inniu 10 Nollaig 1971 (‘Tomás Tóibín ag comhrá le Risteárd Ó Glaisne’); in Irish Times 7 Meitheamh 2002 ag Liam Ó Muirthile (‘An Peann Coitianta’) ··· Dúirt Tomás in Inniu (1971): ‘Ní cheadófaí Béarla sa teach ··· D’fhéadfá a rá go raibh an dá theanga sin agam ó thús, agus cómháistreacht agam ar an dá cheann acu, dhátheangachas ceart, rud is annamh.’ Bhí sé ar scoil ag na Bráithre sa Mhainistir Thuaidh agus ina dhiaidh sin sa Scoil Tráchtála mar a raibh post ag a athair. Bhí sé ag obair i siopa bróg Saxone i Sráid Phádraig, Corcaigh, in aois a 16 bliain agus tamall gairid ina dhiaidh sin ‘bhí sé ina chléireach ag tógálaí tithe sa chathair ag déanamh luathscríbhneoireachta agus clóscríbhneoireachta dó’ (Inniu 1971) ··· Dúirt Tomás faoin tréimhse 1945-47 i gContae Chill Chainnigh: ‘Idir an obair agus an saol sóisialta a bhí á chaitheamh agam, chuirinn 200 míle slí díom ar an rothar gach seachtain an uair úd’ (Inniu 1971) ··· As sin amach is ag déanamh eagarthóireachta d’fhoilsitheoirí, ag aistriú, ag múineadh—go páirtaimseartha i ngairmscoileanna agus go príobháideach—a bhí sé. ‘Thosnaigh sé sa bhliain 1940 ag cur focla grinn le bailéadaí do Na Rabhchánaithe i gCorcaigh’ (Inniu 1957); cuimhnítear go háirithe ar an leagan Gaeilge den ‘Limerick Rake’ a chuir sé ar fáil
Tá cuntas air in: Inniu 18 Meán Fómhair 1953; Forty Years of Irish Broadcasting, 1966 le Maurice Gorham; Inniu 24 Márta 1972 le Risteárd Ó Glaisne; Irish Times 31 Nollaig 1984 le Seán Mac Réamoinn ··· Bhí beirt oidí sa scoil a bhí ceanúil ar an nGaeilge agus thosaigh sé á foghlaim nuair nach raibh sé acht seacht mbliana d’aois’ (Inniu ··· Tá cuntas ar an gcaoi ar tharla sin in Inniu 24 Márta 1972: toisc dhá bhliain a bheith caite aige ina leaseagarthóir ar an mbliainiris Capuchin Annual agus ábhar aige inti ar fhealsúnacht na n-ealaíona is ea a shocraigh na Caipisínigh go dtuillfeadh sé céim ollscoile ··· Dar leis féin (Inniu gur roghnaíodh é mar stiúrthóir toisc gurbh fhile a theastaigh ó Fred Higgins (1896-1941), gur Ghaeilgeoir a theastaigh ó Earnán de Blaghd [B5] agus gur dhuine óg a theastaigh ó na stiúrthóirí go léir ··· Theip air smaointe fhear cathrach a nochtadh go sásúil i nGaeilge Chiarraí’ (Inniu 18 Meán Fómhair 1953)
Tá eolas ina thaobh sa cholún ‘Comhaimsearaigh’ in Inniu 29 Lúnasa 1957 agus i gcuntais iarbháis: ag Pádraig Ó Snodaigh in Comhar, Bealtaine 1996 agus in History Ireland, samhradh 1996; ag Gearóid Ó Tuathaigh in Connacht Tribune 8 Márta 1996; agus ag Nollaig Ó Gadhra in Feasta, Aibreán 1996 ··· Desmond Williams; tuairiscíodh i 1957 (Inniu) go raibh leabhar á scríobh aige faoi. Is léir go raibh a iúl cheana féin aige ar an leabharlannaíocht scolártha ··· Níor fhill sé ar an Leabharlann Náisiúnta go dtí 1953 agus ceapadh ina Choimeádaí Cúnta é (Inniu, 15 Bealtaine 1953 sa cholún ‘Ar an Nuacht’) ··· Thuairiscigh Inniu i 1957: ‘Tamall gairid ó shin tháinig sé ar bhunchóip den chonradh a síníodh i 1643 idir Chomhghuaillithe Chill Chainnigh agus Iarla Urmhumhan nárbh fheasach do lucht na Leabharlainne í a bheith ann in aon chor ··· Níor leanadh leis is trua, ach a bhfuil déanta tá sé thar a bheith cuiditheach—agus is mó príosúnach a bhí buíoch as an deis: duine amháin ar a laghad ar a shaoradh a chuaigh chuig Tom ag gabháil buíochais leis as an obair a choimeád ó Theach na nGealt é’ (Ó Snodaigh); is é a bhí san innéacsáil sin ná cuid den chur chuige a bhí ar siúl chun foclóir beathaisnéise náisiúnta a ullmhú, agus is ar Thomás a cuireadh cúram bhailiú an eolais (tuairisc Inniu i 1953); níor leanadh ar aghaidh le scéim na beathaisnéise, áfach
Bhí agallamh fada ag Risteárd Ó Glaisne leis in Inniu 14 Iúil 1972 ··· Scríobh sé gearrscéalta agus drámaí raidió go leor timpeall an ama sin agus nuair a d’aistrigh sé go Baile Átha Cliath bhí an clár grinn raidió Ruaig ar Roicne á scríobh aige. Gairid roimh Bhealtaine 1948 a thosaigh sé mar iriseoir in Inniu (a bunaíodh 1943) agus bhí fostaithe ann gur cuireadh deireadh leis an bpáipéar i 1984, é ina eagarthóir ó 1972 ··· Deir Proinsias Mac An Bheatha[q.v.] faoi: ‘Scríbhneoir agus iriseoir cumasach a bhí ann agus bhí sé i ndán dó bheith ina eagarthóir cúnta ag Ciarán Ó Nualláin ar Inniu ar feadh na mblianta agus ina eagarthóir ina dhiaidh sin go dtí gur básaíodh an páipéar’ (I dTreo na Gréine, 1987) ··· Agus sin uilig ráite caithfear aitheantas a thabhairt do Tharlach Ó hUid mar go raibh sé ar thús cadhnaíochta ar scríbhneoirí eile ina iarrachtaí cuntas ionraic mar a chonaic sé féin é a thabhairt ar an saol agus ar an timpeallacht inar mhair sé.…Réitigh Tarlach Ó hUid an bealach don ghlúin úr.’ Nochtann sé an tuairim nárbh aon chabhair sa saothar cruthaitheach an sclábhaíocht a chaitheadh sé a dhéanamh chun Inniu a thabhairt amach, ach in Faoi Ghlas tugann Tarlach le fios gur ag síorfhoghlaim deismireachtaí na teanga a bhíodh sé agus é ag obair le Ciarán Ó Nualláin ··· Taispeánann Dorothy Ní Uigín gurb í sin an ‘Eilís’ a scríobhadh ‘Trí Shúile na mBan’ go rialta in Inniu agus go dtugadh Tarlach cabhair di ó thaobh na Gaeilge de
In Inniu 27 Iúil 1973 rinne Liam comhrá le Risteárd Ó Glaisne [q.v.] agus is ann is mó atá eolas ar a óige agus ar a shaothar ar son na teanga. In Janesville, baile beag in Wisconsin, a rugadh é ar 3 Aibreán 1917 ··· Bhí borradh nua ag teacht faoi ghluaiseacht na teanga faoin am ar aistríodh é go Baile Átha Cliath: an tOireachtas athbhunaithe i 1939, Craobh na hAiséirí den Chonradh, bunú Ghlúin na Bua agus Inniu, bunú Comhar... ··· Cuirtear béim san agallamh sin in Inniu ar a chuid oibre ar son an Chomhchaidrimh: ‘Ghlac Liam páirt ghníomhach in obair an Chomhchaidrimh, go háirithe i dtosach, mar stiúrthóir, eagarthóir agus iriseoir ar iris an Chomhchaidrimh, Comhar, tar éis dó teacht ar an obair sin ar chuireadh ó Sheán Ó hÉigeartaigh[B5].’ Tá aistí, léirmheasanna, gearrscéalta agus dán i gcló aige san iris sna blianta luatha sin agus níl aon amhras ach go raibh baint aige leis an eagarthóireacht ··· Níl amhras ach go raibh aistí agus tuairiscí aige in Inniu ach b’fhéidir gur shíl sé, mar státseirbhíseach sinsearach, gurbh fhearr ainmneacha pinn a tharraingt chuige féin de réir mar ba ghá ··· Thagadh moll mór scríbhinní isteach chucu le léamh, cuid acu doléite (Inniu)
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Tá cuntas ar uachtarán seo Chonradh na Gaeilge in Inniu 22 Meitheamh 1951 agus sa nuachtán céanna 18 Bealtaine 1972 sa tsraith ‘Risteárd Ó Glaisne ag comhrá le ...’ ··· I gcaitheamh na tréimhse sin fuair Liam caoi ar a lán léitheoireachta agus smaointe a dhéanamh… agus chum sé roinnt dánta Béarla a moladh go mór’ (Inniu) ··· Toghadh é ina uachtarán ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge i 1956 mar chomharba ar Earnán de Blaghd[B5] (Inniu 13 Eanáir 1956)—an Blaghdach a mhol gurbh é a thoghfaí ··· Bhí an colún ‘Mar a Fheictear dom’ aige in Inniu agus foilsíodh roinnt de na míreanna in Is Aisteach liom: ábhar agus toradh machnaimh, 1963
Scríobh Tarlach Ó hUid[q.v.] cuntas iarbháis in Inniu 13 Eanáir 1984 ach is beag buneolas atá ann ··· Scríobhadh sé go rialta in Inniu: ‘Ba oide (ardmháistir) agus ba staraí é an Dr ··· Is é a chuir tús leis an cholún seachtainiúil “Comhaimsirigh” ar Inniu 27 Deireadh Fómhair 1950 agus is iomaí alt, aiste agus léirmheas a scríobh sé dúinn fosta’ (Inniu)
Dúirt sé le Risteárd Ó Glaisne (Inniu 3 Márta 1972) go raibh sé ag obair i siopa tar éis dó scoil a fhágáil ··· I 1953 fuair sé sparántacht chun sé mhí a chaitheamh in Árainn (‘Ar an Nuacht’, Inniu 10 Iúil 1953) ··· Timpeall an ama sin bhíothas ag beartú coicíosán a dhéanamh de Feasta (Inniu 13 Márta 1953) ··· Tuairiscíodh in Inniu 10 Iúil 1953 go raibh stair an chló in Éirinn á scríobh aige
Ó Cathasaigh, i measc na nÓglach a throid i monarcha Jacob in Éirí Amach 1916 agus bhí baint ag a shinsirsean leis na Fíníní; foilsíodh a chuimhní ar eachtraí úd na Cásca in Inniu, Aibreán-Meitheamh 1946 agus ag am a bháis 9 Aibreán 1947 bhí cónaí air in Ardán Windsor, an Cuan Aoibhinn, Baile Átha Cliath (Inniu 18 Aibreán 1947). Bhí Séamus óg ar scoil ag na Bráithre Críostaí, Sráid Synge ··· Cléireach cúirte sna Ceithre Chúirt ba ea é ina dhiaidh sin, buanphost a d’fhág sé i 1952 le bheith ina bhainisteoir ar Inniu ar thuarastal beag ··· Thairis sin ar fad bagraíodh an dlí ar iontaobhaithe Inniu, ar dhuine díobh Séamas, mar gheall ar fhiacha a bhí carnaithe suas sna blianta deireanacha ...
Mhaigh Eo; ann a chlóbhuailtí leabhair Fhoilseacháin Náisiúnta Tta, chomh maith leis an The Mayo News féin agus an seachtanán Inniu; ar Phádraig a thiteadh sé profaí deireanacha Inniu a léamh gach Céadaoin ··· Chaith sé tamall ag obair in oifigí Inniu i mBaile Átha Cliath sular thosaigh sé ag obair do mhuintir Folens, foilsitheoir téacsleabhar scoile ··· Tháinig deireadh le Inniu i 1984 agus le FNT i 1988 agus bhí sé fostaithe tamall ag Clódóirí Lurgan i gCois Fharraige
22 a bhí Christine agus dar le tuairisc in Inniu 2 Feabhra 1979 gurbh amhránaí aitheanta í ··· Tugtar de thuairisc uirthi sa teastas pósta (19 Deireadh Fómhair 1910) go mba iníon í le William Swanzy, oibrí coitianta, 43 St Mary’s Road, An Trá Thuaidh, Baile Átha Cliath. Bhí Seán ar Scoil Naomh Seosamh i bhFionnradharc (Inniu 4 Deireadh Fómhair 1957) ··· Ó Conghaile in Inniu 23 Lúnasa 1957) ··· Deir cuntas Inniu go raibh sé ina chónaí go haonraic in árasán uaigneach
Tarlach Ó hUid [q.v.] a scríobh an cuntas iarbháis in Inniu 22 Bealtaine 1970 agus tá cuntais freisin in Cork Examiner 18 Bealtaine 1970, in Irish Independent 18 Bealtaine 1970, agus in Agus, Meitheamh 1970; gheofar tagairtí dó i scríbhinní Mhic an Bheatha, in I dTreo na Gréine, 1987, agus in Téid Focal le Gaoith, 1967 go háirithe ··· Tosaíodh ar Inniu a chlóbhualadh ann um Nollaig 1948 ··· Bhí sé ar ais in Inniu sa phríomhchathair tuairim 1959 ··· Ag pointe éigin, i 1963, b’fhéidir, d’éirigh sé as an bpost tar éis easaontais éigin; ‘cúiseanna pearsanta’ atá luaite in Inniu agus Agus. Ar feadh tamaill de bhlianta bhí sé ina eagarthóir ar Gaelic Weekly; leis na cluichí Gaelacha a bhain an páipéar sin go príomha ach i 1964 sholáthraíodh Máirtín Ó Cadhain ailt
Tá ‘Proinsias Mac Cana ag comhrá le Risteárd Ó Glaisne’ [q.v.] i gcló in Inniu 3 Nollaig 1971, agus tá cuntais iarbháis in Irish Times 29 Bealtaine 2004, in Independent (Londain) ag W.J ··· Mar, deir sé “Is beag suim a chuir daoine a bhí tugtha don Íbeirneachas agus don Doibhlineachas [Joe Devlin 1871-1934], fiú cuid mhaith den chléir, i gcúrsaí cultúir na tíre…”.’ (Inniu). Cuireadh bunscolaíocht air i Scoil Naomh Antaine i bPáirc na Saileán sular thosaigh sé ag freastal ar Choláiste Maolmhaodhóg, mar a raibh an Dr William Conway (1913-77), a bheadh ina chairdinéal ar ball, mar mhúinteoir maith Béarla aige ··· ‘Bhí de thuiscint ag Muiris Ó Droighneáin[B2], a bhí ina mhúinteoir Gaeilge sa choláiste, ligean do Phroinsias agus do thriúr nó ceathrar eile sna ranganna sinsearacha leabhair a léamh le linn oibre in áit a bheith á gcasadh ar ghramadach, rud nach raibh dúil ar bith ag Proinsias ann’ (Inniu)
Bhí Donn ábalta ar Ghaeilge chomh taitneamhach a scríobh agus a buaileadh ariamh ar phár,' a dúirt a chara Seán Ó Lúing faoi in Inniu i ndiaidh a bháis. Ar 13 Feabhra 1905 a rugadh Donn Piatt ag 23 Bóthar Ráth Loirc, Ráth Maonais, Baile Átha Cliath ··· Roghnaigh Seosamh Mac Domhnaill aistí a bhí i gcló in Inniu le foilsiú faoin teideal Cois Life fadó agus ábhair eile (1985) ··· D’éag sé ar 8 Aibreán 1970. Dúirt Ciarán Ó Nualláin in Inniu i ndiaidh a bháis: 'Ar feadh a shaoil bhí sé ag spairn go cróga le aicíd análaithe
I gCill Ria i 1903 a cheangail sé le Conradh na Gaeilge (agallamh in Inniu 15 Márta 1957 agus nóta in Feasta 1956) ··· Thuairíscigh Inniu 20 Deireadh Fómhair 1978 go raibh stair na comhdhála sin scríofa aige ··· Bhí ailt i gcló aige in Feasta, Inniu, Capuchin Annual, Dublin Historical Record, Journal of the Royal Society of Antiquaries in Ireland, Reportorium Novum, Breifne...
Scríobh Tarlach Ó hUid in Inniu 30 Eanáir 1976: ‘Ach thug sé dúil mhór don Ghaeilge ón chéad lá sin sa phríosún a chuala sé á labhairt í ··· Ó 1968 go 1975 bhí sé ag cur faoi i mBaile Átha Cliath agus bhíodh ag obair go seasta don seachtanán Inniu ··· Bhí an tsláinte ag teip air ach lean sé air ag soláthar ‘Tuairisc ón Tuaisceart’ gach seachtain do Inniu
Bhronn an Club Leabhar a phortráid le Seán Ó Súilleabháin air (tuairiscí in Inniu 19 agus 26 Nollaig 1958) ··· Scríobh Ciarán Ó Nualláin fúthu (Inniu 28 Feabhra 1975): ‘Bhí blas ar a nótaí polaitíochta nár mhothaigh mé ar ailt den tsórt ó shin ··· Thosaigh sé ar aistí a scríobh freisin in Inniu faoin ainm ‘Beann Madagáin’
I bhfad ina dhiaidh sin bhí aiste aige, ‘Athchuairt Mhuimhnigh ar Ghaeltacht Thír Chonaill’, in Inniu 21 Deireadh Fómhair 1962 ··· Tá tagairt in Inniu 1 Bealtaine 1959 don choirm cheoil Ghaelach a chuir sé féin agus Duncan Morrison as Barra ar bun in Londonderry House, Park Lane, Londain ··· Níor phós sé, cé go raibh sé i ngrá uair; thuig sé féin gur dhuine leithleach é. Scríobh Tarlach Ó hUid cuntas air in Inniu 19 Feabhra 1982: ‘Is saoithiúil an duine ar a lán dóigheanna a bhí i Seán Ó Ciosáin agus duine cineál achrannach, ainneoin an-chiall don ghreann a bheith aige
Scríobhadh cuntas ar a shaol in Inniu 19 Feabhra 1954 agus bhain colún ‘An Mhuintir seo Againne’ le S.Ó D ··· ‘Tá leabhar urnaí Gaeilge-Béarla ina sheilbh a d’úsáideadh athair a mháthar ach ní raibh aon Ghaeilge aige féin go ndeachaigh sé ar scoil’, a dúradh in Inniu ··· Dúradh in Inniu : ‘
Tá cuntas freisin in Inniu 24 Iúil 1953 (‘Comhaimsirigh’) agus ag Eibhlín Ní Chathailriabhaigh[q.v.] in Inniu 16 Márta 1984 ··· Deir Ó Glaisne: ‘Riamh is choíche, is leis na Poblachtaigh a bhí croí Lil, ach mar sin féin chreid sí riamh go fuineadh a saoil gur thábhachtaí bua a bhaint amach don Ghaeilge ná bua polaitíochta ná bua míleata dá fheabhas.’ ‘Tá clú agus meas ar Lil Nic Dhonnchadha as an obair a rinne sí ar son na Gaeilge sa choláiste sin, agus is iomaí Protastúnach óg Éireannach a labhrann Gaeilge agus a chleachtann a chreideamh inti de bharr na hoibre sin’ (Inniu 24 Iúil 1953)
Dúirt Dónall le Risteárd Ó Glaisne (Inniu 14 Bealtaine 1971): ‘B’as Luimneach m’athair, b’as Gort na hUamha a athair sin, agus bhí mo shin-sheanathair ag múineadh scoile (cois claí!) i gContae Thiobraid Árann—rud nach bhfuair mé amach gur thosaigh fear uasal i Londain ag scríobh stair na Mic Amhlaigh cúpla bliain ó shin agus gur thosaigh mé ag cur tuairisce mo shinsear féin ··· Bhí colún aige in Feasta 1985-87, an colún ‘Litir Shasana’ in Amárach, agus aistí in Inniu, Irish Times, Irish Press, Anois, Irish Post ··· na Gaillimhe, dá bhanchéile Bríd agus bhí mac agus iníon acu; deirtear in Inniu 14 Bealtaine 1971 go raibh gaol gairid ag Bríd leis an seanchaí Tomás Ó Lócháin [B5]
Bhunaigh Risteárd an chéad iris riamh ag scoláirí na scoile, The Rooster, agus cheana féin bhí ‘Risteárd Ó Glaisne’ á thabhairt aige air féin san iris; ghlac sé chuige an t-ainm sin go dlíthiúil trí ghníomhas aonpháirtí 5 Aibreán 1950 (Iris Oifigiúil 21 Aibreán 1950) agus bhí an t-alt ‘D’athraíos m’ainm’ i gcló in Inniu 23 Márta 1951 ··· Ó 1946 amach bhí aistí agus léirmheasanna i gcló aige in Comhar, An tUltach, Inniu, Feasta, Amárach, Agus, Déirdre, Scéala Éireann, Cork Examiner, Mayo News ··· Bhí tionchar nach beag air ag iriseoirí Inniu, Ciarán Ó Nualláin[B8], Earnán de Blaghd[B5], Pádraig Ó Drisceoil[B8] agus Tarlach Ó hUid[B8]
Tá cuntas air in Inniu 4 Meitheamh 1954 (‘Comhaimsirigh’) ··· Deirtear in Inniu gur fhoghlaim sé Spáinnis i bpríosún tar éis gur thairg gaol saibhir post dó i Meiriceá Theas ··· Is féidir a rá gurb uaidh a tháinig Clann na hÉireann agus Brú na Mí’ (Inniu 4 Meitheamh 1954)
Chomh luath le 1973 chuir Risteárd Ó Glaisne agallamh air in Inniu 9 Feabhra 1973 a bhfuil eolas ann ar a óige nach bhfuil i gcuntais eile ··· Tháinig an dara heagrán amach in 1971 agus díoladh 3,000 cóip de sin’ (Inniu ··· I ndiaidh a chúrsa ollscoile chaith sé tamaill ag múineadh dianchúrsaí Gaeilge – in RTÉ, ar an gCurrach, i Luimneach, i gCorcaigh agus ar an gClochar i gCiarraí (Inniu)
In Inniu 17 Nollaig 1971 tá ‘Seán Ó Coistealbha ag Comhrá le Risteárd Ó Glaisne’ ··· Shuigh sé síos agus scríobh sé Pionta amháin uisce (Inniu) ··· Is iad na drámaí leis a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta: An cruastóir agus An mhéar fhada (1995); Mar a chéile muid sa chnuasach Gearrdhrámaí an chéid (2000) in eagar ag Pádraig Ó Siadhail, ar dhúirt sé leis an nGlaisneach ina thaobh gurbh é an dráma ba fhearr leis féin é de na drámaí aonmhíre a bhí scríofa aige. Dar leis an agallamh sin in Inniu gurbh ó thosach deireadh an Charghais a bhíodh na drámaí á léiriú aige sa Spidéal, An Cheathrú Rua, Carna, Cill Rónain, Inis Oírr agus Inis Meáin, agus ba mhinic 400 duine sa láthair
Bhí cuntas air in Scéala Éireann (‘An Mhuintir s’againne’) 11 Aibreán 1959 agus in Inniu (‘Comhaimsirigh’) 26 Eanáir 1962 ··· Dhealródh ón alt sin in Inniu go raibh gnó riartha an Chlub Leabhar ar cheann dá dhualgais ansiúd. Thagadh sé os comhair an phobail mar stiúrthóir ar na céilithe Domhnaigh a bhí á reáchtáil ag Gael Linn i dTeach an Ard-Mhaoir
Tá agallamh a chuir Risteárd Ó Glaisne[q.v.] air i gcló in Inniu 7 Bealtaine 1971 ··· Sholáthraíodh sé ábhar i rith a shaoil do Scéala Éireann, Feasta, Capuchin Annual, North Munster Studies, Inniu, agus An Sagart....Bhí colún Gaeilge aige in Limerick Leader 1949-55 ach d’éirigh sé as chun seans a thabhairt do Thomás Ó Conbá[B6] a chuimhní cinn a fhoilsiú sa pháipéar sin
Tá eolas ar a shaol anuas go 1972 ar fáil in ‘Proinsias Mac Aonghusa ag Comhrá le Risteárd Ó Glaisne’ in Inniu 21 Aibreán 1972 ··· ‘Aisteoir den chúigiú grád’ a bhí ann, dar leis féin (Inniu)
Is é is dóichí go mbíodh sé ar iasacht ag an bpáipéar seachtainiúil Inniu anois is arís ··· Deir Mac Con Iomaire, agus é ag tagairt do bhanchéile Thomáis, Teresa Brennan as Dúthamhlacht in aice le Baile na Lorgan: ‘Dhíoladh an bheirt acu trí dhosaen cóip sa tseachtain de Inniu nuair a tháinig an nuachtán sin amach ar dtús.’ Chaith Tomás tréimhse i gCathair na Mart mar a gcuirtí an páipéar i gcló ó 1949 amach
Anois níl oiread is aon chainteoir dúchais amháin fágtha ann: cailleadh an bhean deireanach tuairim is ceithre bliain ó shin’ (‘Seán Ó Súilleabháin ag comhrá le Risteárd Ó Glaisne’ in Inniu 17 Márta 1972) ··· Dúirt sé le Risteárd Ó Glaisne (Inniu 17 Márta 1972) go bhfuair sé an dara háit i gcomórtas aistriúcháin a chuir an Roinn Oideachais ar siúl nuair a bhíothas ag téisclim chun an Gúm a bhunú
Chuir Risteárd Ó Glaisne agallamh air in Inniu 14 Meitheamh 1971 ··· Gheofar tuairim dá mhinicí a thugadh sé cuairt ar Chorca Dhuibhne sa rud a dúirt a mhac Finín le Risteárd Ó Glaisne: ‘Bhíos i gCorca Dhuibhne sarar rugadh mé, agus táim ag dul ann riamh ó shin, idir Samhradh, Cáisc, Nollaig agus eile ...' (Inniu 9 Márta 1973). Ní foláir nó bhí cuid sin na hathbheochana dá shaol ag baint dá sholáthar scríbhneora
Dúirt sé le Risteárd Ó Glaisne (Inniu 11 Feabhra 1972) go mba chainteoir dúchais Gaeilge ó cheantar na Scoile duine dá sheanmháithreacha agus gur labhair sé féin Gaeilge léi ··· Dhéanadh sé freastal ar phobail Ghaeltachta i Sasana gach samhradh. Bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais ar dhánta agus aistí agus foilsíodh ábhar Gaeilge leis in An Glór, Feasta, Comhar, Christus Rex, Inniu, Scéala Éireann, The Maynooth Union Record, Irish Monthly, Ríocht na Mí, Kildare Archaeological Society Journal
Bhíodh ailt aige go minic in Comhar, Inniu, Agus, An Glór, Feasta ... ··· Bhí colún raidió aige in Inniu sna 1950idí agus i measc na n-alt a scríobh sé sa seachtanán sin bhí an tsraith thábhachtach ‘James Joyce agus an Ghaeilge’ a foilsíodh ar feadh fiche heagrán
Tá gearrchuntais air in Inniu 1 Lúnasa 1952 agus 24 Iúil 1953 agus is leis a bhaineann ‘An Mhuintir s’againne’ in Scéala Éireann 26 Meán Fómhair 1959 ··· Léirigh An Comhar Drámaíochta dráma trí ghníomh leis, Ceithre géaga glasa, sa Phéacóg 25-29 Márta 1941; dúirt Gearóid Ó Lochlainn[B3] go mb’fhéidir ‘gurbh é sin an bundráma Gaeilge is fearr dár scríobhadh fós’ (Inniu 1952)
Thug sé beagán eolais air féin in Inniu 1 Meitheamh 1973 agus é ag comhrá le Risteárd Ó Glaisne ··· I mBaile Átha Cliath dó bhí deis aige taighde a dhéanamh sa Leabharlann Náisiúnta agus scríobhadh sé in Inniu agus Deirdre
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Tá cuntas uirthi sa cholún ‘Comhaimsirigh’ in Inniu 1 Lúnasa 1952 ··· ‘Is féidir a rá gur tógadh Nuala Ní Mhóráin agus The Leader i gcuideachta a chéile….Ó bhí sí seacht mbliana déag d’aois bhí sí ag cuidiú leis [a hathair], ag caitheamh a ham fóillíochta ag scríobh altanna agus léirmheastaí, agus ó fuair sé bás tá sí ina heagarthóir ar an tréimhseachán a bhunaigh sé’ (Inniu). Bhí sí ina ball de Léigiún Mhuire ó 1933
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Tá cuntas ar an scríbhneoir seo in Inniu 31 Deireadh Fómhair 1952 (‘Comhaimsirigh’) agus sa pháipéar céanna 22 Meán Fómhair 1972 tá an t-alt ‘Risteárd Ó Glaisne ag comhrá le Micheál Ó Siochfhradha’ ··· Sholáthraigh Micheál a lán de na sceitseanna a léirigh an Compántas—“Dlí agus Ceart”, “Bás no Beatha”, etc.’ (Inniu 31 Deireadh Fómhair 1952)
D’éag sé i 1948 i mBaile Átha Cliath; is ag an bpointe sin a d’iompaigh Pádraig ar an sloinne Gaeilge. Tar éis tamaill ghairid ar scoil ag na Bráithre Críostaí sa Mhainistir Thuaidh (Inniu 29 Márta 1963) chaith Pádraig tréimhsí i gColáiste na gCaipisíneach i mBaile an Róistigh agus i gColáiste Fhearann Phiarais i gcathair Chorcaí agus an tsagartacht ar intinn aige ··· Deirtear in Inniu: ‘Is nuair a phós sé agus a chuaigh siad a chónaí i Ráth Fearnáin i 1932 a tháinig sé faoi thionchar an Phiarsaigh agus a thosaigh ag obair ar son na Gaeilge.’ D’fhaigheadh sé ceachtanna ó Phroinsias [Feargus] de Búrca[q.v.]
Thug sé eolas air féin in Inniu 11 Eanáir 1952 (‘Comhaimsirigh’) agus in Who’s Who, What’s What and Where in Ireland, 1973 ··· Uaidhsean is ea a thóg a mhac an dúil sa gceol’ (Inniu)
Bhí agallamh leis i gcló ag Risteárd Ó Glaisne ar Inniu, 25 Meitheamh 1971 ··· Scríobh Ciarán Ó Nualláin aiste fhada air i ndiaidh a bháis in Inniu, 14 Nollaig 1979, agus in Comhar, Márta 1987, tá cuntas ar a shaol agus a shaothar ag Fidelma Ní Ghallchobhair. Rugadh é ar 24 Deireadh Fómhair 1891 ag 391, An Cuarbhóthar Thuaidh, Baile Átha Cliath
Tá cuntas air in The Magill Book of Irish Politics, 1981, in eagar ag Vincent Browne, in Irish Times 19 Meán Fómhair 1983 agus ag Proinsias Mac an Bheatha[q.v.] in Inniu 30 Meán Fómhair 1983 ··· Tugann Nollaig Ó Gadhra (Inniu 30 Deireadh Fómhair 1983) cuntas ar a thionchar ar chúrsaí na Gaeilge lena linn: ‘Rinne Ó Colla obair fhiúntach sa Roinn Oideachais chomh maith agus sheas sé an fód don Ghaeilge ar bhealach dána oscailte nach ndearna aon Aire rialtais eile ó shin.’ Deir sé gurb é ba mhó a chuir bunú Raidió na Gaeltachta chun cinn, gurbh é a d’fhéach chuige go mbeadh an Tuarascáil ón gCoiste Um Thaighde ar Dhearcadh an Phobail i dtaobh na Gaeilge ar fáil agus gur chuidigh sé go mór le Donncha Ó Gallchóir[q.v.] i mbunú Údarás na Gaeltachta
Tá eolas le fáil faoi in ‘An tAthair Donncha Ó Corcora ag labairt le Risteárd Ó Glaisne’ in Inniu 12 Samhain 1971 ··· Bhí colún seachtainiúil aige in Inniu agus scríobhadh sé in Feasta agus in Scéala Éireann
Mhínigh sé do Risteárd Ó Glaisne (Inniu 23 Meitheamh 1972) gurbh as an áit sin dá mháthair Elizabeth Moore ach nárbh ann a bhí cónaí ar a thuismitheoirí ag am na breithe ··· Dhéanadh sé léirmheastóireacht ar leabhair in Inniu
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Tá eolas ar shaol agus ar shaothar an fhoclóirí mhóir seo: in Inniu 17 Samhain 1950 sa tsraith ‘Comhaimsirigh’; in Amárach 18 Nollaig 1981 ag Séamus Mac an Rí; in agallamh le Liam Ó Muirthile in Comhar, Aibreán 1989; ag Dónall Ó Baoill in Scríbhneoireacht na gConallach (1990) in eagar ag Nollaig Mac Congáil; ag Éamonn Ó hÓgáin (‘Niall Ó Dónaill 1908-1995’) agus ag Risteárd Ó Glaisne (‘Niall Ó Dónaill: cuimhní pearsanta’) in Anois 18-19 Feabhra 1995; in ‘Tuarascáil’ in Irish Times na Céadaoine i ndiaidh a bháis ··· Without them the work would have been impossible, and to them above all the chief credit for its value is due.’ Timpeall an ama sin ghnóthaigh sé an chéad áit i scrúdú státseirbhíse (Inniu), agus fuair post seasmhach
Chuir sé snas ar a chuid Gaeilge i mBéal Átha an Ghaorthaidh agus i mBaile Bhuirne (‘Comhaimsirigh’ in Inniu 21 Bealtaine 1954) ··· agus bhí an caighdeán léirmheastóireachta an-ard’ (Inniu 21 Bealtaine 1954). Sna 1950idí deireanacha bhí sé ar dhuine de na moltóirí don Prix d’Italia
Is mar seo a bhí a mhuintir i nDaonáireamh 1911 sa tSráidbhaile: Thomas Flynn (40), ‘brick and stone layer’, a bhean Mary (30), Béarla agus Gaeilge acu beirt agus iad pósta le ceithre bliana; a dtriúr mac, ar duine díobh Tomás a bhí trí mhí d’aois, agus iníon. Thug sé le fios in Inniu 13 Lúnasa 1971 (‘Tomás Ó Floinn ag comhrá le Risteárd Ó Glaisne’) go raibh a lán cainteoirí dúchais Gaeilge sa chomharsanacht nuair a bhí sé óg agus go raibh ‘a bheagán nó a mhórán’ di ag a athair ··· Tuairiscíodh in Inniu 19 Márta 1965 go raibh sé ceaptha ina Phríomh-Chigire Meánscoile in áit Mhichíl Uí Shiochfhradha a bhí ag dul ar pinsean
Scríobh Seán agus Seoirse Mac Aodhagáin (a phós a dheirfiúr Máire ar ball) dráma éadrom Na Reachtairí Rógaireacha (bhí an bheirt acu ina reachtairí ar an gCumann Gaelach) a léiríodh in Amharclann na Péacóige (Inniu 5 Eanáir 1951) ··· I measc na ndaoine eile a mhol go hard é bhí Breandán Ó hEithir in Feasta, Iúil 1967, Mac Liammóir agus Earnán de Blaghd [q.v.] in Inniu 23 Meitheamh 1967 agus Eric Mac Fhinn in Ar Aghaidh, Iúil 1967. Ba í a bhean chéile Bríghid a bhí freagrach go príomhdha ó thús i ngné na heagarthóireachta de shaothar Sháirséal agus Dill
Scríobhadh sé go rialta in Inniu, agus i mBéarla agus i nGaeilge in Scéala Éireann ··· Scríobh a sheanchara Ciarán Ó Nualláin in Inniu 10 Iúil 1981: ‘Mar shampla, bhí dearcadh an-láidir aige faoin mhíshlachtmhaireacht, an nós seo atá ag Éireannaigh páipéir agus paicéid a chaitheamh ar an tsráid ...
D’éirigh leis rún a chur i bhfeidhm go mbeadh cláir oibre na gcruinnithe i nGaeilge, gurbh i nGaeilge a bheadh ainmneacha agus seolta na mball ar chlúdaigh litreacha agus nach gceapfaí feasta aon chléireach nach mbeadh déanamh a ghnó i nGaeilge ar a chumas (Inniu 24 Márta 1961). Gearradh fíneáil air i ngeall ar a ainm a bheith i nGaeilge ar a chairt (An Claidheamh Soluis 16 Meán Fómhair 1905) ··· D’fhan baintreach Sheáin Uí Chonghaile [faoi Ó CONGHAILE, Caoimhín B3] agus a leanaí ann ar feadh i bhfad (Inniu 23 & 30 Lúnasa 1957)
Deir sé gurbh é Piaras a thug isteach ar fhilíocht na Gaeilge é; go dtí sin mheas sé gurbh é Tom Moore ardfhile na hÉireann (Inniu 8 Eanáir 1965) ··· B’é príomhfhealsamh agus smaointeoir Ghluaiseacht na Gaeilge é’ (Inniu 15 Eanáir 1965). Bhíodh a phictiúir i dTaispeántas Ealaíne an Oireachtais agus ceapadh ina bhall é den Chomhairle Ealaíne 1952-56 ach níor fhreastail ach ar bheagán de na cruinnithe
Dúradh in Inniu 6 Lúnasa 1948: ‘Rud nach eol dona lán daoine .. ··· What a pity Jim Larkin wasn’t an Irish speaker and what a pity Pearse died in Easter week. Dúirt Ciarán Ó Nualláin in Inniu 4 Aibreán 1980 go léadh sé an páipéar sin go rialta.
Bhíodh aistí aige go minic in Inniu idir 1955 agus 1958 faoin ainm ‘Melius na gCapaillín’ agus sholáthraíodh sé colúin a bhí go maith faoi bhun a chumais sna nuachtáin chúigeacha ··· In Inniu 8 Aibreán 1966 dúirt Séamus Ó Néill [B3] go raibh sé riamh ar son na Gaeilge
Scríobh Micheál de Mórdha in Inniu 3 Bealtaine 1974: ‘Thuas cois cnoic, i mBaile Bhiocáire, Dún Chaoin, a bhí a phluais scríbhneoireachta—bothán beag le ceann peilte ··· Imreoir maith fichille a bhí ann mar shampla (Micheál de Mórdha in Inniu)
D’éag sé 18 Bealtaine 1983. In Inniu 27 Bealtaine 1983 scríobh Proinsias Mac an Bheatha[q.v.] gurbh ‘é Proinsias Mac Aogáin an t-aon Aire riamh a thuig tábhacht na hiriseoireachta sa Ghaeilge agus a cheadaigh deontas fial do INNIU nuair a bhí sé ina Aire Airgeadais
Dúirt Proinsias Ó Conluain in Inniu 29 Iúil 1970: ‘Ba dá thréithe é a chuid tallana a chur ar fáil do dhaoine eile, á roinnt go fial le pé duine a bhainfeadh tairbhe astu agus gan cuimhniú ar an ghlóir a d’fhéadfadh sé a bhaint amach dó féin ach a shaothar a dhéanamh ina aonar ··· Bhíodh ábhar aige go rialta in The Kerryman, Inniu, Scéala Éireann. Phós sé Eistir Ní Éalaithe, oide scoile ó Chill Gharbháin i 1952 agus rugadh ceathrar leanbh dóibh
Dúradh in Inniu 18 Meitheamh 1976: ‘Fuair sé a chéad cheachtanna sa Ghaeilge ó na cainteoirí dúchais thart fá Ó Méith agus i ndeisceart Ard Mhacha’. Cháiligh sé mar mhúinteoir náisiúnta i gColáiste de la Salle, Port Láirge ··· Tuairiscíodh in Inniu 18 Meitheamh 1976 gur nocht Tomás Ó Fiaich leacht i gcuimhne air i Rann na Feirste. Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.
Garmna a deirtear in Inniu 20 Márta 1953 ··· Scríobh Séamus Ó Néill [B3] cuntas ar an gcaidreamh a bhí aige air ansiúd in Inniu 8 Aibreán 1980. Go luath ina shaol d’éirigh sé an-tugtha don drámaíocht
Bhí an t-athair ina cheannasaí ciorcail ag Bráithreachas na Poblachta agus ghlac Gearóid an mionn nuair a bhí sé 18 mbliana d’aois (Inniu 8 Nollaig 1956). Bhí sé i láthair i Halla Naomh Treasa i Sráid Clarendon nuair a léirigh Willie agus Frank Fay Kathleen Ní Houlihan in Aibreán 1902 agus thosaigh sé ag freastal ar an rang aithriseoireachta a bhí ag Frank Fay i seomraí an Chumainn Liteartha Cheiltigh ··· Tugtar le tuiscint san aiste úd in Inniu 8 Nollaig 1956 gur chuid den scéim a bhí ag Art Ó Gríofa chun chonsalachtaí a bhunú ar an Mór-Roinn i gcóir na huaire a bheadh féinrialtas ag Éirinn ba ea tréimhse Ghearóid sa Danmhairg
In aiste in Inniu 22 Bealtaine 1953 deirtear go raibh ceathrar deartháireacha ag Liam agus luaitear Seosamh a fuair bás agus é ina pháiste
In Inniu 23 Márta 1951 dúradh ina thaobh: ‘Más beatha teanga í a labhairt, thug seisean beatha di, an méid is féidir le fear aonraic
Níor phós sé riamh. Ag scríobh ar Inniu ar 26 Feabhra 1982 dúirt Ciarán Ó Nualláin faoi: ‘Taobh amuich den Phiarsach ní féidir go raibh aon duine ba daingne a sheas in aghaidh an-smacht Shasana agus ba bhuaine a thug dílseacht dochloíte don Ghaeilge ná é’. Foilsíodh i 2007 An Béaslaíoch: beatha agus saothar Phiarais Béaslaí (1881-1865) (2007) le Pádraig Ó Siadhail
Bhí lear mór scéalta aige’, a dúirt Proinsias Mac an Bheatha, duine den lucht foghlama (Inniu, 20 Samhain 1959)
I léirmheas in Inniu, 13 Lúnasa 1948, dúradh: ‘Is breá amach an Ghaeilg a bhí aige—simplí gan truailliú ach saibhear nuair a bhí gá leis agus go minic chomh snasta le rud ar bith a léifeá ag na seanscríobhnóirí’.
Deirtear san aiste ‘Risteárd Ó Glaisne ag comhrá le Liam Ó Luanaigh’ (Inniu 18 Bealtaine 1972) nach raibh focal Gaeilge aici. Bhí aithne agus meas ag Eoghan Ó Comhraí ar a chomh-Chláiríneach chomh fada siar le 1851
Bhí cuntas ar a shaol i gcló ar Inniu 21 Márta 1969
I am related, I fear, to every man, woman and child in the three islands so that if I were to ‘cut’ I could not get married to a virgin or widow in the whole community.” Tá a thuilleadh eolais ar a shinsir agus ar an mbéaloideas ina thaobh ag Seán Ó Conghaile[q.v.] (Cnoc na hAille) in Inniu 23 Aibreán 1976 in aiste dar teideal ‘An tAthair Peadar C
B’in é an cinnlíne a roghnaigh Ciarán Ó Nualláin dá thuairisc ar bhás Mhuiris in Inniu 6 Iúil 1979
D’éag sé i mí an Mhárta 1979 agus tá cuntas ar a bheatha ag Pádraig Ó Baoighill ar Inniu 23 Márta 1979
Bhí sraith alt i gcló aici in Inniu (8 Márta, 26 Aibreán, 24 Bealtaine, 26 Iúil 1974) ar Thomás Ó Criomhthain, ar Pheig Sayers agus ar shaol an oileáin. Fuair sí post cúntóra i Scoil Naomh Erc ansin
Mura raibh ardchlú air mar riarthóir is cinnte go raibh cion mór agus ardmheas air agus gurbh fhéidir teacht timpeall ar cibé fadhbanna a d’éiríodh. Dúirt sé féin in Inniu 30 Eanáir 1953 gur fhoghlaim sé an Ghaeilge i gConamara agus in Árainn
Dúirt Brian Mac Giolla Phádraig (Inniu 6 Lúnasa 1954) gurbh i mBriotáin na Fraince a rugadh é agus go maíodh sé gurbh ón Duc d’Albe a bhí sé síolraithe
D’éag sé 10 Feabhra 1945 agus tá sé curtha i nGlas Naíon. Baintreach ba ea é i ndeireadh a shaoil, é ina chónaí i dteach dheartháir a chéile, Micheál Ó Gríofa, ag 14 Sráid Naomh Uinseann, Bóthar Berkeley, Baile Átha Cliath. Tá cur síos ar a shaol is a shaothar ag Gearóid Ó Broin i dtrí alt in Inniu 5, 19, 26 Márta 1982, agus ag Seán Neeson in The Capuchin Annual 1943
Bhí aistí i gcló aige in An tUltach, Inniu, Capuchin Annual, Donegal Annual, An Síoladóir, An Phoblacht
In Inniu 6 Márta 1953 maíodh gaol i bhfad amach a bheith aige le Theobald Wolfe Tone.
Bhí aiste fhada ar a shaol ag Liam Ó Cuinneagáin in Inniu 3 Márta 1978
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 ‘An fear ba bhinne Gaeilge dár chuala mé riamh’, a dúirt an Craoibhín in Mise agus an Connradh i dtaobh an chlódóra seo a bhí ar dhuine de bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge. Feirmeoir i bhFaill na Muc (dar le Inniu, 13 Meán Fómhair 1957) i gceantar Bhéal an Dá Chab, Co
Dúirt sé le Inniu 3 Samhain 1958 gur bhuail an Piarsach é uair faoi gur ghoid sé canta den cháca milis a bhí á choinneáil do chuairteoirí! Bhí sé ar an gcéad duine riamh i ról Sheana-Mhaitiais nuair a chuir buachaillí Scoil Éanna dráma Iosagán ar siúl in Amharclann na Mainistreach
Bhí cuntas ar Lil i gcló in Inniu 24 Iúil 1953.
D’éirigh sé as ceird na múinteoireachta toisc drochshláinte in Eanáir 1973. In Inniu 26 Márta 1982 scríobh Proinsias Mac an Bheatha: ‘Tá cúpla céad dá chuid scoláirí anois ina múinteoirí agus i ngairmeacha léannta eile’
Cheangail Seosamh leis na Bráithre i mBaile Dúill, Baile Átha Cliath, 8 Nollaig 1894 (Inniu 9 Meán Fómhair, 1960)
Scríobh a chara Pádraig Ó Baoighill tuairisc air in Inniu 23 Márta 1979
Is é an t-eolas céanna beagnach a chuir sé chuig Muiris Ó Droighneáin[B2] dá Taighde i gcomhair stair litridheachta na Nua-Ghaedhilge ó 1882 anuas (1936) agus a d’fhoilsigh sé in Enter a goldfish: memoirs of an Irish actor, young and old (1977). Ghlactaí leis go forleathan gur sa Charraig Dhubh i gCorcaigh a rugadh é (féach mar shampla Inniu 17 Aibreán 1954), go dtí gur foilsíodh The importance of being Micheál: a portrait of Mac Liammóir (1990) le Micheál Ó hAodha
Col ceathar dó an file Micheál Ó Tuama (‘George Curtin’) dar le Pádraig Ó Tuathaigh (Filí an tSuláin, 1993). In alt in Inniu 10 Deireadh Fómhair 1976 i dtaobh bhéaloideas Bhaile Bhuirne scríobh an tAthair Donncha Ó Corcora: ‘Bhí Conchubhar ina sheanfhear cheana féin nuair a bhíos i m’ ghasúr bheag
Tá cuntais air in Sunday Independent 17 Meitheamh 1934 ag Cathal Ó Tuathail [q.v.] agus in Inniu 11 Lúnasa 1950. Bhí a mhac Con Lehane, aturnae, ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge i 1934 agus gníomhach i ngluaiseacht an phoblachtánachais sna 1930idí
Tá tagairt in Inniu 4 Bealtaine 1952 do cheann díobh: ‘Scríobh sé dráma a léiríodh ag Oireachtas i gCill Airne
Chraol Aindrias Ó Muimhneacháin an méid seo ar Radio Éireann (i gcló in Inniu 2 Márta 1956): ‘Cúig bliana is daichead ó shin ag gabháil dó i mbun poist mar oide scoile i mBaile Átha Cliath ba leis nár leasc a rothar a ghabháil chuige um thráthnóna agus aghaidh a thabhairt ar an mbóthar fada amach go Cill Mhantáin chun an oíche a chaitheamh ag teagasc Gaeilge do mhuintir Chonradh na Gaeilge ansin’
Is dóigh gurb é aighneas an chló atá i gceist in eireaball na habairte seo in Inniu 8 Iúil 1949: ‘Fear lách dea-mhúinte nach raibh claon ar bith ann Cathal Ó Tuathail ach fuair sé íde nár thuill sé’. Bhí sraith de bheathaisnéisí Gaeilgeoirí i gcló aige in Sunday Independent i 1934/5
Bhí.’ (Inniu 16 Bealtaine 1952)
de Vál (‘Pádraig Mac Cathmhaoil an fear a chum “Kelly from Killann”: Gaeilgeoir agus fear ildánach’ in Inniu 23 Lúnasa 1974): ‘Ní hionadh go raibh baint ag Seán Mac Cathmhaoil le gluaiseacht na Gaeilge
Tá cuntas ar na himeachtaí sin in Inniu 12 Lúnasa 1977 et seq.
Chuir sí Proinsias Ó Súilleabháin[q.v.], a bhí fostaithe aici mar mhúinteoir i bhFaing, ó dheas go Ciarraí féachaint cá bhféadfaí arm a thabhairt i dtír ann (Inniu 15 Eanáir 1954)
Tá cuntas air in Inniu 20 Samhain 1953
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Tá cuntas ar an léiritheoir raidió seo in Inniu 26 Meitheamh 1962
Tá spéis freisin aige i Shelta, béarlagar na saor, Parlanay agus Romany.’ Tá saothar leis i gcló in Irish School Weekly, Scéala Éireann, Inniu, An Glór, An t-Éireannach, Ar Aghaidh, An Sagart, Béaloideas, Éigse agus Feasta
Bhí sé ina uachtarán tamall ar na Teaghlaigh Ghaelacha. Foilsíodh ailt leis in Ar Aghaidh, Comhar, An Glór, Inniu, Feasta, An Sagart, Hibernia, Scéala Éireann
In Inniu 19 Samhain 1954 bhí litir ón Dr Seán Mac Cana i dtaobh an choirn airgid sin agus dúirt sé gurbh é Pádraig Mac Piarais [B4] a bhronn as a phóca féin é agus dúirt go raibh sé féin agus Mairéad toilteanach an corn a thabhairt do chumann éigin i ndilchuimhne an Phiarsaigh. ‘The ubiquitous Mairéad Ní Oisín’ a tugadh uirthi i gceann de thuairiscí An Claidheamh Soluis i ngeall ar a mhinice a bhuadh sí duaiseanna ag feiseanna
Tá cuntas ar an gclann sa tuairisc ar phósadh na hiníne eile, Bríd, in Inniu 28 Deireadh Fómhair 1962 faoin teideal ‘Pósadh idir dhá theaghlach thírghrácha’. Bhí Colmán i Scoil Phádraig i nDroim Conrach sula ndeachaigh sé go Coláiste Mhuire
Dúirt Séamus Ó Néill [B3] in Inniu 5 Deireadh Fómhair 1972: ‘Ach ba í cúis na Gaeilge ba rogha léi, agus rinne sí obair éachtach ar a son
A chara Con Lehane a labhair os cionn na huaighe. Bhí smearaithne ag Proinsias Mac an Bheatha air agus tar éis dó leabhar Sheáin Uí Chróinín a léamh scríobh sé in Inniu 13 Feabhra 1981: ‘Laige ar an leabhar i dtaca leis an Ghaeilge nach n-insítear dúinn go raibh an-tábhacht leis An Phoblacht agus Proinsias Ó Riain ina eagarthóir air mar pháipéar a mbíodh áit ar leith ann don Ghaeilge agus cuid de na scríbhneoirí ba mhó tábhacht san am—Seosamh Mac Grianna agus “Máire” agus Donn Piatt—ag scríobh ann go rialta, agus sin san am nuair nach raibh gléas ar bith eile ann ach ar éigean lena dtuairimí a fhoilsiú’
Scríobh sé cúpla gearrdhráma don amharclann trialach a bhí acu agus scríobhadh léirmheas seachtainiúil in Inniu
Tuairiscíodh in Inniu 21 Deireadh Fómhair 1955 gur aistrigh sé mír a haon ar a laghad de Julius Caesar
Tuairiscíodh in Inniu 30 Meitheamh 1950 go raibh an t-úrscéal seo curtha aige faoi bhráid an Chlub Leabhar
Bhíodh ábhar aige in Éigse, Catholic Survey, Celtica, Irisleabhar Mhuighe Nuadhat, Collectanea Hibernica, Archivium Hibernicum, The Furrow, Archivum franciscanum historicum, Irish Ecclesiastical Record, Clogher Record, Assisi, An tIrisleabhar, Studia Hibernica, Inniu, An Sagart.
Tá caint Ruairí Brugha ar Radio Éireann tar éis a bháis i gcló in Inniu, chomh maith le beagán dár scríobh Colmán Ó hUallacháin[q.v.]. Ag múineadh in éineacht leis i gColáiste Mhuire bhí duine de scoláirí Gaeilge aitheanta na mBráithre, an Br Micheál Sabas Ó Flaitile (1 Samhain 1902 -5 Deireadh Fómhair 1986), fear a rugadh sa Ghoirtín Mór, Béal Átha hAmhnais
Tuairisc a bháis in Inniu 3 Aibreán 1959.
Yeats a gcuid Gaeilge agus chomh maith le sin na scéalta rúraíochta faoi laochra na Craobhruaidhe a spreag an litríocht a chum siad’ (Inniu 28 Lúnasa 1952)
Tuairisc a báis in Inniu 19 Lúnasa 1949.
.’, a deir Ó Duibhginn, agus tuairimíonn sé gurbh ‘ar éigean a tharlódh sé nach dtosódh fear a mbeadh bua na scríbhneoireachta aige ag cumadh go dtí go mbeadh sé ar tháirseach an bháis.’ I léirmheas in Inniu 15 Meán Fómhair 1972 nocht Tomás Ó Fiaich an tuairim gurbh ‘ar éigean a scríobh Séamas Mac Giolla Choille oiread agus líne amháin filíochta ina shaothar ar fad’
Tá cuntais air, in Inniu 9 Deireadh Fómhair 1965, ag Risteárd Ó Glaisne in Feasta, Eanáir 1983 agus ag Roger Blaney in Presbyterians and the Irish Language, 1996
Ní raibh cuntas iarbháis air in Scéala Éireann, Irish Independent, Inniu ná in Carlow Nationalist.
Cuimhnítear go háirithe ar an gcóiriú a rinne sé ar ‘Maidin i mBéarra’. Dúradh faoi in Inniu 16 Eanáir 1976: ‘Gaeilgeoir an-mhaith le hais bheith ar na ceoltóirí is ábalta agus is cáiliúla in Éirinn’
‘Naomh Breandán’, Bóthar an Chaisleáin Nua, Gaillimh, a sheoladh ag an am (Inniu 7 Meitheamh 1955)
In Inniu 7 Aibreán 1967 in alt dar teideal ‘Sagairt a bhí mí-dhílis i 1915’ tugtar ceann de na nótaí eolais a bhí ag na húdaráis ina thaobh: ‘Used strong pro-German and anti-recruiting language from the pulpit of his church and advised the people to get rid of John Redmond’
Scríobh Máirín Ní Mhuiríosa [B1] in Inniu 11 Feabhra 1971: ‘Is maith a bhí ómós tuillte aige ó lucht na Gaeilge as a ndearna sé ar son na teanga lena linn
In aiste in Inniu 9 Iúil 1978 dúirt Eibhlín Ní Chathailriabhaigh: ‘Is deacair anois a chur in iúl chomh tábhachtach is bhí sé an uair sin Proinsias a theacht go dtí an Amharclann Náisiúnta—idir 1938 agus 1968
Dúradh in Inniu 5 Lúnasa 1949: ‘Ní hamháin go mbeidh crothnú air i measc daoine cineálta Loch an Iúir agus Leitir Catha, áit ar chaith sé a shaol mar mhúinteoir scoile..
De réir nóta in Inniu 3 Márta 1960, bhí sé ina eagarthóir ar An Muimhneach Óg, páipéar míosúil a chuireadh an Cork Sun amach.
Bhí aiste ag Nollaig Ó Gadhra faoi in Inniu 5 Márta 1982
In eagarfhocal Inniu 31 Márta 1978 (‘Fir mhóra ag imeacht uainn’) dúradh: ‘Is maith go dtuigfí i gceart tábhacht na hoibre a rinne sé agus é ina eagarthóir Gaeilge ar Scéala Éireann i mblianta tosaigh shaol an pháipéir sin
‘Cluain Fiontain’ ab ainm dá theach in aice le Cábán tSíle, mar a bhfuair sé bás 9 Samhain 1954 (Inniu 19 Samhain 1954)
In Inniu 2 Feabhra 1979 bhí aiste fhada ag Diarmuid Mac Daibhéid faoin teideal ‘Riobard Ua Fhloinn (1879–1949): iriseoir tírghrách Ultach de phór Preisbitéarach’. I mBéal Feirste a rugadh é ar 20 Aibreán 1879, an dara duine den seachtar clainne a bhí ag an Urramach Robert John Lynd agus a bhean Sarah Rentoul
Tuairiscíodh in Inniu 20 Feabhra 1981 go raibh bailiúchán de ghearrscéalta scríofa aige agus le linn dó a bheith in ospidéal go raibh úrscéal dar teideal Tarlach Ó Dochartaigh á scríobh aige
Mac A.’ a shaothar saoil in Nationalist 15 Bealtaine 1971 agus in Inniu 21 Bealtaine 1971 cuireann Liam Ó Luanaigh síos ar an gcaidreamh a bhí aige air agus iad ina mbaill de bhord oifigeach Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
Tá tagairt in Inniu 1 Iúil 1955 dá bhallraíocht i gcoiste téarmaíochta a thagadh le chéile gach samhradh i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Dúirt an Tóibíneach go raibh sé an-chairdiúil leis an Athair Peadar Ó Laoghaire[B2]
Dúirt Tomás le Risteárd Ó Glaisne in Inniu 8 Nollaig 1972: ‘Bhí an Ghaeilge ó dhúchas ag mo sheanathair ..
Tá cuntas air in Magill Book of Irish politics, 1981 in eagar ag Vincent Browne; in Inniu 30 Meán Fómhair 1983 agus in Irish Times 20 Meán Fómhair 1983
Labhair sé leis an nGlaisneach i dtaobh a shaoil is a shaothair in Inniu 20 Lúnasa 1971
Níorbh fhada riamh ó aigne Shiobhán ceist na teanga; tuairiscíodh in Inniu 14 Samhain 1952 go raibh sí ina buanbhall de Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus go raibh sí le taispeántas ar litríocht na Gaeilge a oscailt i gClub na hÉireann i Londain. Cheana féin bhí páirt ag Siobhán sa scannán Hungry Hill agus bhí sonrú curtha inti ag an léirmheastóir cáiliúil Clive Barnes i Londain nuair a bhí ról aici in The White Steed le P.V
Bhí an sagart agus an t-easpag ag achainí go dian air géilleadh ach ní bhogfadh sé: ‘Ní ghéillfinnse don Phápa féin dá dtiocfadh sé chugam agus a rá liom athrú nuair atá a fhios agam go rí-mhaith go bhfuil an ceart agam féin.’ Tá cuntas fada ag Seosamh Ó Cuaig ar an achrann in Inniu 11 Iúil 1969
I 1960 bhí sé ag obair in Inniu ar feadh sé mhí mar eagarthóir cúnta páirtaimseartha (Ó Murchú)
Tá cuid de na haistí Gaeilge i gcló ag Mac Congáil in Ailt (1977) agus tá a thuilleadh den ábhar, aistí, léirmheasanna, litreacha, corrdhán, idir Bhéarla agus Ghaeilge, bailithe le chéile ag an scoláire sin in Filí agus felons (1987) teideal a bhí ag Mac Grianna ar shraith aistí Béarla in An Phoblacht in 1926; sa chnuasach sin freisin tá aiste, ‘An Aisling’, a scríobh sé in 1953 agus a bhí i gcló in Inniu 7 Iúil 1972. Is iad na leabhair bhunaidh a scríobh sé nuair a bhí sé i mbarr a mhaitheasa: Dochartach Dhuibhlionna agus sgéaltaí eile (1925) (eagrán nua ag Anraí Mac Giolla Chomhaill in 1976); Filí gan iomrádh (1926) (cuntas ar Dhálaigh Rann na Feirste sa tseanaimsir); An grádh agus an ghruaim (1929) (gearrscéalta); Eoghan Ruadh Ó Néill (1931) (úrscéal stairiúil); Pádraic Ó Conaire agus aistí eile (1936) (eagrán nua 1986); An Bhreatain Bheag (1937); Na Lochlannaigh (1938); Mo bhealach féin agus Dá mbíodh ruball ar an éan (1940) (an dá leabhar faoin aon chlúdach); An druma mór (1969)
Phort Láirge, agus in áiteanna eile in Éirinn, idir 1933 agus 1957 agus ar a taithí féin air; tugann sí sleachta as tuairiscí in Scéala Éireann 16 Nollaig 1935, Inniu 21 Meán Fómhair 1956 agus Amárach, Lúnasa 1957
Bhí aistí i gcló ag Risteárd Ó Glaisne ina thaobh in Inniu 9 Eanáir-16 Feabhra 1981 agus, sa pháipéar céanna, trí alt le Máirtín Ó Flathartaigh i dtaobh an tamaill a chaith Thomson i nGaillimh, mar a raibh Máirtín ar dhuine dá mhic léinn
Seasca bliain ina dhiaidh sin is meas Éireannaigh a bhí orthu; nuair a bhí seanuncail Aibhistín ag imeacht chun na hAstráile bhronn na Fíníní uaireadóir óir air. Gheofar eolas i dtaobh Aibhistín in Inniu 2 Meitheamh 1972 (‘Aibhistín Valkenburg ag comhrá le Risteárd Ó Glaisne’) agus in Acta: Provincial Chapter 1992, 1992 mar a bhfuil cuntas ag Hugh Fenning O.P
Bhíodh corr-léirmheas aige in Comhar agus ailt aige in Inniu agus Agus
Gheofar eolas faoi in Just like yesterday: an autobiography, (1985) agus in Inniu 19 Márta 1971 (‘León Ó Broin ag comhrá le Risteárd Ó Glaisne’)
Tá agallamh a chuir Risteárd Ó Glaisne air in Inniu 15 Deireadh Fómhair 1971
Bhíodh ailt i gcló in Inniu aige i dtaobh chúrsaí a shaoil
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Labhair sé le Risteárd Ó Glaisne faoina shaol is a shaothar in Inniu 17 Meán Fómhair 1971
I measc na nithe atá le rá ag Eoghan Ó hAnluain sa réamhrá a chuir sé le Dánta 1939-1979, 1980 tá an méid seo: ‘Is tuairisc bharainneach a shaothar ar an athrú saoil a bhfuil fuadar faoi leith faoi le tríocha bliain anuas, ní amháin in Árainn ach ar fud na tíre.’ Ba é a scríobh Tomás Mac Síomóin cúpla lá i ndiaidh a bháis: ‘Beidh sé le rá faoi go brách go mba eisean a d’oscail filíocht na Gaeilge i gcéaduair do shaol agus do thionchar na fichiú aoise.’ Tá cur síos ar a bheatha agus a shaothar: in Inniu 30 Aibreán 1971 (‘Máirtín Ó Direáin ag comhrá le Risteárd Ó Glaisne’); in Máirtín Ó Direáin: file tréadúil, 1982 le Liam Prút; ag Tomás Mac Síomóin agus Micheál Ó Conghaile in Irish Times 21 Márta 1988; in Cime mar chách: aistí ar Mháirtín Ó Direáin, 1993 in eagar ag Caoimhín Mac Giolla Léith (aistí le Mícheál Mac Craith, Tomás Mac Síomóin, Eoghan Ó hAnluain, Caoimhín Mac Giolla Léith, Liam Prút, Éamonn Ó Tuathail[q.v.], agus agallamh Mhuiris Mhic Conghail leis an bhfile); in An tOileán rúin agus muir an dáin: staidéar ar fhilíocht Mháirtín Uí Dhireáin, 1993 le Micheál Mac Craith; in Comhar, Bealtaine 1988 (aistí le Eoghan Ó hAnluain, Breandán Ó hEithir, Máire Mhac an tSaoi, Éamonn Ó Tuathail[q.v.] agus Críostóir Ó Túinléigh); in Comhar, Nollaig 1989 (‘Mo chomhráití le Máirtín Ó Direáin’ le Diarmuid Ó Gráinne)
Tá cuntais air: ag Proinsias Ó Conluain in Inniu 3 Lúnasa 1984; in Donegal Democrat 27 Iúil 1984; ag Lillis Ó Laoire in The Companion to Irish Traditional Music, 1999 in eagar ag Fintan Vallely
Tá eolas air in Inniu 25 Feabhra 1972 (‘An tAthair Colmcille ag comhrá le Risteárd Ó Glaisne’); ag an Dochtúir Geraldine Carville in The Nationalist, 13 Feabhra 1993; ag Roger Stalley in The Tipperary Historical Journal, 1993; ag Laurence McDermott in Hallel XIX, 1994 (‘An tAthair Colmcille Ó Conbhuí 1909-1992’)
Drámaí eile a luann Risteárd Ó Glaisne in Inniu (‘Diarmaid Ó Súilleabháin ag comhrá le Risteárd Ó Glaisne’) 17 Meitheamh 1971 is ea: Lens, dráma Béarla a léiríodh sa Lantern; Ontos a léiríodh i gColáiste na Tríonóide i 1967; An Deisceart Domhain a léiríodh sa Phéacóg i 1969
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Seachas an t-alt ‘Conchubhar Ó Ruairc ag comhrá le Risteárd Ó Glaisne’ (Inniu 6 Lúnasa 1971) is beag eolas ar a shaol atá le fáil i leabhair ná in irisí; a dhéantús a bheith beagán ró-réigiúnach, b’fhéidir, nó cuid dá ghearrscéalta a bheith duairc
In Inniu 16 Feabhra 1972 tá an t-alt ‘Risteárd Ó Glaisne ag comhrá le Diarmuid Ó Laoghaire’
Is mar seo a cuireadh síos air in Inniu 26 Eanáir 1951 (‘Comhaimsirigh’): ‘Bhí sé taobh le haon iris amháin go dtí le deireanas, ach is féidir a rá go bhfuil sé timpeallaithe le hirisí anois, arae tá sé ina rúnaí agus ina bhainisteoir fógraíochta ag Comhlacht Foilsithe agus Clódóireachta Fleet, dream a bhfuil a lán tréimhseachán idir chinn tráchtála agus eile acu dá fhoilsiú
Tá beathaí gairide nár cnuasaíodh le fáil in Feasta, Roscommon Herald Centenary Supplement, Comhar, Irish Times, Inniu, Studies, Journal of the Kerry Archaeological and Historical Society, Zeitschrift für celtische Philologie, Scríobh ..
Bhí aistí aige in Inniu, Comhar, Feasta...
Cathal Ó Seanáin [B1] a thug an óráid os cionn na huaighe (Inniu 30 Nollaig 1955). Bhí a dheartháir Seán ar dhuine de na ceannairí ba mhó i gCorcaigh i rith Chogadh na Saoirse
Tar éis dó a fhógairt go raibh faoi éirí as an eagarthóireacht dúradh in Inniu 9 Nollaig 1955: ‘Le linn a thréimhse eagarthóireachta rinneadh méid an pháipéir a dhúbailt, dúbladh líon na léitheoirí, agus baineadh úsáid as an chló Rómhánach den chéad uair’ (i gcló ag Ó Conaire)
Tá cuntais air in: Scéala Éireann 30 Eanáir 1960 (‘An Mhuintir s’againne’); ‘Risteárd Ó Glaisne ag comhrá le Lorcán Ó Treasaigh’ Inniu 10 Bealtaine 1971; Scríbhneoirí na Gaeilge 1845–1995, 1995 le Seán Ó Cearnaigh; Eolaire Chló Iar-Chonnachta de Scríbhneoirí Gaeilge, 1998; Irish Times 11 Samhain 2006 (‘Radio train compere and acclaimed writer’)
Gaeilge (agus Sean-Ghaeilge) agus Fraincis na hábhair aige agus chabhraigh céim mháistir leis post treasrúnaí a fháil sa Roinn Gnóthaí Eachtracha. Cathair an-shuimiúil ba ea Baile Átha Cliath le linn Chogadh 1939-45; comhluadar scríbhneoirí ann, an tOireachtas nuabhunaithe, Comhar, Inniu, Glúin na Bua agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge tagtha ar an saol; an Comhchaidreamh fuinniúil
Tá eolas ina thaobh le fáil in Seanchas Clainne: Aodh Ó Coirbhin agus a mhuintir, 2003 lena iníon Aedín Ní Choirbhin, i gcuntas le Liam Mac Reachtain [B4] in Inniu 10 Deireadh Fómhair 1975 agus i dtuairisc a bháis in Irish News and Belfast Morning News 29 Meán Fómhair 1975
Sna 1960idí d’oibríodh sí go páirtaimseartha, agus gan phá, don pháipéar Inniu
In Comhar Samhain 1947, foilsíodh alt gairid ina thaobh agus deirtear ann: Níl ach bliain ó tháinig Riobard ó dheas ach laistigh den bhliain sin atá aithne fhorleathan curtha air, ní hamháin i measc Ghaeilgeoirí Chorcaí ach i measc Ghaeilgeoirí na tíre trí chéile – go háirithe ar an ábhar gurb é a scríobhann an “Colún ó Chorcaigh” ar Inniu
In 1966 a thosaigh a shaol mar iriseoir sa pháipéar seachtainiúil Inniu (1943–1984)
Ina dhiaidh sin chaith sé tamall ag obair i gCóras Iompair Éireann agus sa seachtanán Inniu
Foilsíodh ailt leis in Feasta, Inniu, Agus, An tUltach
Cé gurbh ar an teanga bheo a bhí béim ag an gcoláiste, thugadh sé leis isteach ina chuid ranganna bearta de pháipéir mar Amárach agus Inniu d’fhonn caint a spreagadh i dtaobh na gcúrsaí reatha a bhí tuairiscithe iontu. Deir a iníon Nóirín: Bhuail sé le Pádraig Ó Riagáin, scéalaí, ag Feis Mhór Bhealach a’ Doirín, a d’eagraigh sé féin ar feadh na mblianta
Bhí sé ina bhall de Ghlúin na Buaidhe ó 1941 nuair ba chraobh de Chonradh na Gaeilge go fóill í agus, ón uair a bunaíodh Inniu in 1943, bhí sé ag soláthar ábhair don pháipéar sin
Scríobh a dheartháir Tomás in Inniu (1971): ‘Ní cheadófaí Béarla sa teach
Scríobh Tarlach Ó hUid[q.v.] cuntas iarbháis in Inniu 21 Márta 1980 agus deir gurb é a bhí ann ‘duine de na daoine is buaine agus is ciúine a shaothraigh ar son na Gaeilge sa ghlúin seo.’ San Uaimh a rugadh é ar 14 Iúil 1920; gréasaí ba ea a athair Pádraig agus ba í Ellen Dowd a mháthair; bhí triúr deirfiúracha agus beirt deartháireacha aige