Bhí sé ar dhuine de mhórscoláirí Gaeilge agus Breatnaise an 20ú haois. Foilsíodh féilscríbheann:Ildánach Ildíreach. A festschrift for Proinsias Mac Cana, 1999 edited by John Carey, John T. Koch and Pierre-Yves Lambert. Tá ‘Proinsias Mac Cana ag comhrá le Risteárd Ó Glaisne’ i gcló in Inniu 3 Nollaig 1971, agus tá cuntais iarbháis in Irish Times 29 Bealtaine 2004, in Independent (Londain) ag W.J. McCormack 2 Meitheamh 2004 agus ceann le Pádraig Ó Baoighill in An tUltach, Bealtaine 2004. I mBéal Feirste a rugadh é ar 6 Iúil 1926. Ba iad George McCann agus Mary Catherine Mallon a thuismitheoirí. Seo é an cuntas a thug sé ar a athair don Ghlaisneach: ‘Thug a athair tamall in arm na Breataine, sna Irish Guards, agus in Arm Poblachtach na hÉireann ina dhiaidh sin – bhí sé seal ina phríosúnach ar an Argenta. Tacadóir do Jim Larkin a bhí ann. Oibrí iontach crua ba ea é ar feadh tamaill dá shaol, cé gur dhoiligh obair d’aon saghas a fháil uaireanta sna fichidí agus sna tríochaidí luatha. Mar sin féin, bhí comhlacht tógála aige féin agus ag duine dá mhic ar deireadh.’ Ar Shráid Madrid, ceantar Caitliceach, a bhí cónaí ar an teaghlach agus dá gcuireadh sé féin agus a chairde cos taobh amuigh den cheantar sin dóbair go dtabharfaí gríosáil dóibh. ‘Rud a chuir olc ar Phroinsias riamh “an náisiúnachas Caitliceach”. Mar, deir sé “Is beag suim a chuir daoine a bhí tugtha don Íbeirneachas agus don Doibhlineachas [Joe Devlin 1871-1934], fiú cuid mhaith den chléir, i gcúrsaí cultúir na tíre…”.’ (Inniu).

Cuireadh bunscolaíocht air i Scoil Naomh Antaine i bPáirc na Saileán sular thosaigh sé ag freastal ar Choláiste Maolmhaodhóg, mar a raibh an Dr William Conway (1913-77), a bheadh ina chairdinéal ar ball, mar mhúinteoir maith Béarla aige. ‘Bhí de thuiscint ag Muiris Ó Droighneáin, a bhí ina mhúinteoir Gaeilge sa choláiste, ligean do Phroinsias agus do thriúr nó ceathrar eile sna ranganna sinsearacha leabhair a léamh le linn oibre in áit a bheith á gcasadh ar ghramadach, rud nach raibh dúil ar bith ag Proinsias ann’ (Inniu). Leabhair Shéamuis Uí Ghrianna is mó a chuaigh i gcion air ag an am sin ach thug sé taitneamh freisin do na haistriúcháin go léir a bhí le fáil ar phraghas íseal. Sular thosaigh sé in Ollscoil na Ríona i 1944 bhí baint aige le hAiltirí na hAiséirí agus le Glúin na Buaidhe. San ollscoil ghlacadh sé páirt in eadardhíospóireachtaí an Chomhchaidrimh agus tuairiscíodh in Comhar, Nollaig 1946 go raibh sé ina bhainisteoir ag an iris i gCúige Uladh. Ar feadh tamaill den chéad bhliain san ollscoil bhí an Béarla mar phríomhábhar aige ach i lár na bliana roghnaigh sé an Ghaeilge. San ollscoil dó chruthaigh sé go maith mar dhornálaí sa ghrád marcmheáchain. De bharr an BA a ghnóthaigh sé i 1948 is ea a thug scoláireacht bliana é go dtí an Sorbonne chun staidéar a dhéanamh faoi Joseph Vendryes. Thabharfá leat ón méid a dúirt sé leis an nGlaisneach gurbh é an toradh ba luachmhaire ar an mbliain an taitneamh a thug sé do Pháras agus do litríocht na Fraincise. I bhfad ina dhiaidh sin bhí baint aige le deisiú Choláiste na nGael agus scríobh a stair, College des Irlandais Paris and Irish Studies, 2001.

Fuair sé céim mháistir i 1950, agus dochtúireacht ó Ollscoil na Ríona i 1953. Cheap an ollscoil sin ina léachtóir é ar feadh 1951-54 agus ina léachtóir sealadach go ceann bliana ina dhiaidh sin. Bhí sé ag léachtóireacht ar an Sean- agus an Meán-Ghaeilge i gColáiste Ollscoile na Breataine Bige in Aberystwyth ar feadh 1955-61 agus ar feadh cúpla bliain ansin bhí sé ina ollamh i Scoil an Léinn Cheiltigh (Institiúid an Ard-léinn, Baile Átha Cliath). Bhí sé ina Ollamh le Breatnais sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ar feadh 1963-71 agus ó 1971 amach bhí sé ina ollamh le Moch-Ghaeilge ann. Faoi 1985 bhí fillte aige ar Scoil an Léinn Cheiltigh agus chaith tamall ina Stiúrthóir ar an Scoil. Idir 1987 agus 1992 chaith sé téarma gach bliain mar ollamh ar cuairt in Ollscoil Harvard. Bhí sé ina Uachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann 1979-82 agus bhí ina bhall oinigh de chumainn léannta i Meiriceá agus sa tSualainn. Bhronn Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Uladh agus Ollscoil na Breataine Bige dochtúireachtaí oinigh air.

Idir 1951 agus 1971 bhí cuid mhaith aistí agus léirmheasanna i gcló aige in Comhar. I gcomhpháirt le Tomás Ó Floinn scríobh sé Scéalaíocht na Ríthe, 1956, seanscéalta curtha i nGaeilge an lae inniu. Sa chomhrá leis an nGlaisneach dúirt sé go raibh súil aige féin agus ag Ó Floinn go bhféadfaí leabharlann de leaganacha Nua-Ghaeilge ar na seantéacsanna a chur le chéile diaidh ar ndiaidh laistigh de scór bliain. Ach níor cuireadh aon bhrú air chun go leanfadh sé air. Ina áit sin bhí foilsitheoirí agus lucht léinn ag iarraidh air leabhair Bhéarla a sholáthar:Branwen Daughter of Llyer: a study of the Irish Affinities and of the Composition of the Second Branch of the Mabinogi, 1958; Celtic Mythology, 1970; The Learned Tales of Medieval Ireland, 1980; Literature in Irish, 1981. B’fhéidir freisin gur bhraith sé stró níos mó a bheith ag baint le scríobh na Gaeilge. Dúirt sé leis an nGlaisneach: ‘Ní hionann an Ghaeilge agus teangacha eile. Déarfainn féin go bhfuil sé i bhfad níos deacra an Ghaeilge a ionramháil mar ghléas scríbhneoireachta ná a lán teangacha eile toisc, ar bhealach, an dúchas a bheith chomh tréan inti, agus an oiread sin saibhris inti a bheith ag brath ar na canúintí.’ Bhí brú ama i gceist i gcónaí, idir chúraimí na bpost a bhí aige agus a bheith ag soláthar ábhair d’irisí léannta. Bhí sé ina chomheagarthóir ar Ériu ó 1973 amach (tá a aiste ar stair na hirise sin in Ériu LIV, 2004) agus ina chathaoirleach ar bhoird eagarthóireachta an dá thionscnamh móra san Acadamh Ríoga: Dictionary of Medieval Latin from Celtic Sources agus Dictionary of Irish Biography.

Phós sé Réiltín Supple 3 Meán Fómhair 1952 agus d’uchtaigh siad buachaill agus cailín agus thóg le Gaeilge iad i nGleann na gCaorach, Dún Laoghaire. Bhí teach saoire acu i gCnoc Fola i nGaeltacht Dhún na nGall agus thacaigh sé, dar le tuairisc an Irish Times, le Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta. Deir Ó Baoighill: ‘Ní dhearna sé dearmad riamh den Ghaeltacht agus chuidigh sé le feachtais thuaidh, thiar agus theas.’ D’éag sé 21 Bealtaine 2004 agus cuireadh é i nGráinseach an Déin, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí cáil na cuirtéise, na láíochta agus na humhlaíochta air. Agus riamh níor bhac an ardscoláireacht air gnáthchomhrá a dhéanamh le cibé duine a chasfaí air, rud a thug sé leis óna óige i mBéal Feirste.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú