‘Níl amhras ar bith ach go ndearna an Ceithearnach athrach agus claochlú bunúsach ar an tuiscint atá againn do sheanlitríocht na Gaeilge’ (Proinsias Mac Cana sa chuntas ar bheatha an Cheithearnaigh in Anois, 16 Iúil 1989). Tá cuntais eile ar an scoláire seo in: Scéala Scoil an Léinn Cheiltigh, Samhain 1989 ag Proinsias Mac Cana; Éigse XXIV, 1990 ag Nessa Ní Shéaghdha; Études Celtiques XXVIII, 1991 ag P.-Y. Lambert; Studia Celtica 26/27, 1991-2 sa Bhreatnais ag Ian Hughes; Celtica XXIII, 1999 (‘Essays in honour of James Patrick Carney’ ag Terence McCaughey agus Birgit Bramsbäck); an réamhrá le Sages, saints and storytellers: Celtic Studies in honour of Professor James Carney, 1989 in eagar ag Donnchadh Ó Corráin, Liam Breatnach, Kim McCone.

I bPort Laoise (níor tugadh aon seoladh seachas ‘Maryborough’ sa taifead breithe) a rugadh é 17 Bealtaine 1914. Ba iad a thuismitheoirí Patrick Francis Carney, oifigeach custaim is máil ó Choillte Mach, Co. Mhaigh Eo, agus Constance Grace ó Bhaile Mhic Andáin, Co. Chill Chainnigh. Fuair an t-athair bás nuair a bhí James an-óg. I mBaile Átha Cliath a d’fhás sé suas agus bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí i Sráid Synge. Sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ghnóthaigh sé BA le céad-onóracha sa Léann Ceilteach i 1935; bhí Osborn Bergin ar dhuine dá ollúna agus is ann a mhúin Gearóid Ó Murchadha dó gur mar litríocht ba cheart téacsanna den tseanlitríocht a léamh ‘rather than regard them merely as a mine from which to extract rare verbal forms or philological nuggets’ (McCaughey). Thug scoláireacht go Bonn é i 1936 agus is faoi Rudolf Thurneysen a bhí sé ag staidéar. Ceapadh é ar fhoireann Scoil an Léinn Cheiltigh(Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath) i 1941 agus bhí ann ar feadh 45 bliain go ndeachaigh amach ar pinsean i 1986, agus fiú ina dhiaidh sin go ham a bháis. Rinne Ollamh Sinsearach de san Institiúid i 1975 agus ar feadh píosa roimh 1986 bhí sé ina Stiúrthóir ar Scoil an Léinn Cheiltigh. Ó am go chéile bhí poist thar lear aige. Bhí sé ina ollamh cuairte 1950-52 in Uppsala mar ar bhunaigh sé Roinn an Léinn Angla-Éireannaigh; is leis an tréimhse sin a bhaineann aiste Birgit Bramsback agus bhronn an ollscoil sin dochtúireacht oinigh air i 1973. Chaith sé breis is bliain in Ollscoil Los Angeles, California. Bhí drochshláinte air le tamall maith sular éag sé 7 Iúil 1989. Bhí sé pósta ar an scoláire Máire Ní Mhuirgheasa.

Tá leabharliosta le Rolf Baumgarten in Sages, Saints and Storytellers. Faoin leagan Gaeilge dá ainm thug sé amach trí shaothar sa tsraith Leabhair ó Láimhsgríbhnibh faoi stiúradh Ghearóid Uí Mhurchadha: Regimen na sláinte: Regimen sanitatis magnini Mediolanensis, 1942-44 (trí himleabhair); Sgéalta rómánsuíochta, 1952 (a bhean Máire Ní Mhuirgheasa mar chomheagarthóir); Siabhradh Mhic na Míochomhairle, 1955. Ba í aidhm na sraithe seo ag an Aire Oideachais téacsanna Nua-Ghaeilge Moiche ‘a chur ar fáil do lucht léite na Nua-Ghaeilge, díreach mar atáid siad sna lámhscríbhinní, chomh luath agus ab fhéidir, gan puinn ceartaithe ná breithnithe leaganacha’.

Ba údar é ar fhilíocht na scoileanna agus bhí sé ina eagarthóir ar: Topographical Poems, by Seaán Mór Ó Dubhagáin and Giolla-na-naomh Ó hUidhrín, 1943; Poems on the Butlers of Ormond, Cahir and Dunboyne (A.D. 1400-1650) , 1945; agus Poems on the O’Reillys, 1950. Deir Mac Cana: ‘... ach níl áit is fearr a léirítear an domhaintuiscint a bhí aige do mheon agus aigne agus tallann na bhfilí seo ná sa chuntas bheag a scríobh sé ar Eochaidh Ó hEoghusa, The Irish bardic poet: a study in the relationship of poet and patron, 1967. Mairfidh an leabhrán seo chomh fada is a bheas suim ag daoine i bhfilíocht agus i saíocht na Gaeilge’. Chuir sé eagar ar 41 dánta Laidine agus Gaeilge agus d’aistrigh iad in Medieval Irish lyrics, 1966.

Is é an leabhar is túisce agus is mó a tharraing mórcháil air Studies in Irish literature and history , 1955. ‘Nobody involved at any level at that time can easily forget the sensation which this book caused among Irish and Celtic scholars. Its direct challenge to scholars whom he labelled “nativist”—including old teachers of his own—delighted a number of readers but irritated even infuriated many more’ (McCaughey). Agus cuireann seisean an méid seo leis: ‘He was later to see his position respected and accepted ... and towards the end, he was to smile a little to see it achieve the status of orthodoxy among those he had influenced and taught.’ Sa tagairt atá aici dá chumas grinn deir Nessa Ní Shéaghdha: ‘He met his critics with tolerance and charity. He was equally balanced when it came to praise. As on the occasion in 1979 in Galway when NUI awarded him a doctorate and Professor Breandán Ó Buachalla, in his citation, said that Studies would mark the “pre-Carney and post-Carney” period in the genesis of Irish literature. Jim received this encomium with his customary urbanity.’ B’údar é ar Naomh Pádraig agus scríobh The problem of St. Patrick, 1961, saothar conspóideach; luaitear a thaighde in aon anáil lena raibh ar siúl ag Ludwig Bieler agus shíl an bheirt acu gur thug údair eile neamhaird ar a gcuid teoiricí in áit dul i ngleic leo. An Ceithearnach a scríobh an iontráil ar an naomh in Encyclopedia Americana. Chuir sé spéis in ábhair nár bhain puinn le léann na Gaeilge agus ceann dá leabhair dheireanacha ba ea The playboy and the yellow lady, 1986 ina bhfuil curtha le chéile aige a bhfuil ar eolas faoi Loingseachán úd Mhaigh Eo, fear a raibh an tóir ag póilíní air agus a d’éalaigh go Meiriceá timpeall 1900.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú