Is dóigh go raibh Rolf Baumgarten, R.I. Best agus Risteárd de Hae ar na bibleagrafaithe Gaeilge ba mhó dá raibh in Éirinn lena linn. Rugadh Baumgarten ar 22 Iúil 1936 in Duisburg sa Ghearmáin. Mac é le Kurt Baumgarten, innealtóir mianraí, agus a bhean chéile Elise Nies. Bhí Rolf pósta ar dtús ar bhean Ghearmánach agus bhí mac acu, Helge. Ina diaidh sin phós sé Maureen Nevile ar 27 Feabhra 1976 agus rugadh buachaill agus cailín dóibh, Tarlach agus Orla.

Chaith sé blianta na fochéime (1956–1960) in ollscoileanna Bonn, Beirlín (Freie Universität), München, agus Bonn arís. Rinne sé staidéar ar na clasaicí, ar an Ind-Eorpais, agus ar an teangeolaíocht stairiúil, agus bhí an-fhoghlaim air sa réimse léinn sin, go mór thar mar a shamhlófaí le hoiliúint bhunchéime. Thosaigh sé ar an tSean-Ghaeilge le Julius Pokorny in München sa bhliain 1959 agus lean di faoi Rudolf Hertz in Bonn. As sin tháinig sé go Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, mar ar lean sé den staidéar ar an tSean-Ghaeilge faoi Francis Shaw agus faoi Chonn Ó Cléirigh, agus rinne cúrsa ar an mBreatnais le Simon Evans. Thug scoláirí Choláiste na hOllscoile dea-theist air agus, dá thoradh sin, bronnadh scoláireacht taighde i Scoil an Léinn Cheiltigh in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath air sa bhliain 1961. Tréimhse trí bliana a bhí inti sin. Measann an tOllamh Máirtín Ó Murchú gur fhill sé ansin ar Bonn. Nuair a bhí sé in Bonn roimhe sin bhí spéis curtha aige sa mhórthéacs Lebor Gabála, agus lean sé dá chuid oibre air sin tar éis filleadh dó. Ina theannta sin, bhí aitheanta aige go raibh bearna mhór tagtha i mbibleagrafaíocht léann na Gaeilge ó foilsíodh an t-imleabhar deiridh ó R.I. Best in 1942 ar an tréimhse 1913–1941, agus chuir sé chun a leithéid sin de thionscadal a réiteach. Turas éigin dár thug David Greene ar an nGearmáin sna blianta sin, má thuig Ó Murchú i gceart é, labhair Rolf leis faoina raibh á bheartú aige sa bhibleagrafaíocht, agus as sin nuair a bhí na socruithe aontaithe ceapadh é ina oifigeach bibleagrafaíochta i Scoil an Léinn Cheiltigh san Institiúid Ard-Léinn ar ghrád cúntóir taighde. Thosaigh sé sa phost ar 1 Lúnasa 1971. Buanaíodh sa phost sin é ceithre bliana dár gcionn; tugadh arduithe céime ina dhiaidh sin dó gur chríochnaigh sé ar ghrád ollúna in 1990. In 1986 a foilsíodh toradh a shaothair ar an tréimhse 1942–1971. Faoin am sin, agus le tamall éigin roimhe sin, bhí a dhúil sa bhibleagrafaíocht ag dul in éag agus ba ghá gabháil go dian air chun go gcríochnódh sé imleabhar 1986 in aon chor. Ní fios dáiríre cé mhéad oibre a rinne sé ar ábhar an chéad imleabhair eile. Ina dhiaidh sin chuireadh sé ábhar ar fáil go fial do lucht féilscríbhinní. Bhí tábhacht leis an obair a rinne sé san Institiúid Ard-Léinn ar chláir den saothar a bhí curtha i gcrích ag James Carney, Heinrich Wagner, Breandán Ó Madagáin, David Greene, Myles Dillon, Ernest Gordon Quin, Micheál Ó Briain, agus Daniel Anthony Binchy. Deir an tOllamh Ó Murchú linn nár ‘chuid de shraith aitheanta na leabhair sin, ach gach aiste acu ina freagairt ar iarratas ó eagarthóirí ar leith.’ Riamh anall bhíodh sé ag obair ar eagrán den Lebor Gabála.... Go bhfios do Mháirtín Ó Murchú, is ar leagan atá le lua le Michél Ó Cléirigh a bhíodh Rolf ag obair. Mar a tharla, uair éigin roimh 1986, tháinig lámhscríbhinn den leagan sin chun solais sa teach a bhí ag muintir Kuno Meyer i mBeirlín. Bhí an teach agus an lámhscríbhinn tagtha slán trí chogadh Hitler. Cuireadh Rolf sall chun an lámhscríbhinn a scrúdú, agus ba é críoch an scéil sin gur cheannaigh an tAcadamh í; 23 M 70 an lipéad atá anois uirthi. Tá tuairisc sa chéad uimhir de Nuachtlitir an Léinn Cheiltigh (1987), aiste a léiríonn go follasach an saineolas scolártha a bhí ar an téacs sin ag Baumgarten.

Tar éis do Mháirtín Ó Murchú tosú ina Stiúrthóir sa bhliain 1987, mhol Rolf dó go bhfoilseoidís nuachtlitir. Sa ghéarchéim a bhí ann, agus bagairt láidir ar an Institiúid go ndítheofaí í, mheas Ó Murchú go ndéanfadh iris faisnéise leas na hInstitiúide agus fuair sé cead ón mBord dul ar aghaidh léi. Ba é Rolf an t-eagarthóir uirthi. Ocht n-uimhir a foilsíodh riamh di, idir 1987 agus 1995. Murab ionann agus a lán den lucht acadúil, a mbíonn imní orthu gur ceilt ar easpa substainte a bhíonn sa mhaisiúlacht, thuig Rolf go dtarraingíonn stíl aire. Dá chomhartha sin, chomh maith leis an nuachtlitir a mholadh, cheap sé taispeántas ealaíonta ar fhoilseacháin na Scoile, agus thugadh sé timpeall go comhdhálacha agus go hócáidí acadúla eile é. Ba é féin a chuir an t-iomlán le chéile, idir threalamh agus ordú na leabhar. Bhí féith ealaíonta agus ceardúlachta ann. I gcoitinne, d’oibrigh na tréithe sin go maith le chéile agus é ag iarraidh poiblíocht a thabhairt do ghníomhartha na Scoile i dtréimhse gháifeach.

Bhí aithne aige ar Mháirtín Ó Cadhain agus tá aiste aige dar teideal ‘An Cadhnach agus speach na ciclipéide’ in Scríobh 3, 1978 in eagar ag Seán Ó Mórdha. Is amhlaidh a bhí teipthe ar eagarthóirí Kindlers Literatur Lexicon in München scríbhneoir Gaeilge a aimsiú a chuirfeadh síos dóibh ar litríocht na Gaeilge. I 1968 chuir Baumgarten an scéal faoi bhráid Uí Chadhain. Cuireann Baumgarten síos ar an gcaoi ar theip ar an gCadhnach an cineál iontrála Béarla a d’oirfeadh don Lexicon a chur ar fáil. Is amhlaidh a bhí talamh slán déanta aige go raibh na saothair Ghaeilge sin a raibh cur síos aige orthu léite ag scoláirí na Mór-Roinne. Ach thaitin iontráil sin Uí Chadhain go mór le Baumgarten féin. Idir 1966 agus 2005 bhí ábhar aige in Brockhaus Enzyklopádie, Ériu, Éigse, Celtica, Peritia, Newsletter of the School of Celtic Studies, Béaloideas, Kuhn’s Zeitschrift, Miscellanea in memoriam Heinrich Wagner. Ba é comheagarthóir Ériu é ó 1988 amach.

Ar 13 Samhain 1987 thug sé an Léacht Phoiblí Statúideach – ‘The Galatians: Celts in Asia Minor’. In Scoil an Léinn Cheiltigh: Tuarascáil Leathchéad blian 1940–1990 Fiftieth anniversary report 1940–1990 (1991) deir Máirtín Ó Murchú:

Rolf Baumgarten has given a full account of the School of Irish Learning in Newsletter of the School of Celtic Studies 3, (1989) 30–36, and to him must go the credit for making his contemporaries aware again of the significance of the School of Irish Learning’s contribution in training competent staff for the new University departments of Irish in Ireland.

Bhí ardsuim sa cheol aige agus pianadóir maith ba ea é. Bhí sé tugtha freisin don gharraíodóireacht agus ba mhór a shuim i gcúrsaí ealaíne. Ball d’Eaglais na hÉireann ba ea é. Chuaigh sé ar scor in 2001. Ar ball bhuail drochstróc é. D’éag sé ar 9 Lúnasa 2012 agus tá sé curtha i Reilig Chnocán Véineas, Co. Bhaile Átha Cliath.

(Tá ainm.ie go mór faoi chomaoin ag an Ollamh Máirtín Ó Murchú, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, as eolas ar Baumgarten le linn dó a bheith sa Ghearmáin agus in Institiúid an Ard-Léinn a thabhairt dúinn. Táimid faoi chomaoin freisin ag Maureen Nevile, baintreach Baumgarten).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

Leabhar

  • Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath (1991). Scoil an Léinn Cheiltigh: Tuarascáil Leathchéad blian 1940–1990, Fiftieth anniversary report 1940–1990. Baile Átha Cliath. Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.