NÍ SHÉAGHDHA, Nessa (1916–1993)

Ag a haifreann éagnairce sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, dúirt an tOllamh Máirtín Ó Murchú: ‘Agus scoláire cumasach ó thús a bhí inti, scoláire nár lig don éagóir phearsanta, ná don leathcheal, í a chlaonadh riamh óna gairm ... . Maidir le comharthaí gradaim, ní raibh aon chaitheamh ina ndiaidh aici. Ach ar a shon sin, bhí teanntás gairmiúil inti mar scoláire: bhí sí deimhnitheach i gcónaí dá cuspóir, feasach faoi chaighdeáin, agus ar a soiléireacht faoina réimse cumais.’ Tá cuntas uirthi: ag Pádraig Ó Fiannachta in Éigse XXVII, 1993; ag Máirtín Ó Murchú in Scéala Scoil an Léinn Cheiltigh 6, Bealtaine 1993. Scríobh ‘M.’ cuntas ómósach uirthi in The Irish Times tamall i ndiaidh a báis agus deir ann: ‘Nessa was a charismatic and powerful personality, a constant and solicitous force in the lives of her family, friends and colleagues.’ Is é a thabharfadh duine go láidir leis as an aiste ina taobh ag Pádraig Ó Macháin (‘Nessa Ní Shéaghdha’) in Scoláirí Léinn: Léachtaí Cholm CilleXXXV, 2005 gurbh í an scoláire iomráiteach Gaeilge í is measa ar chaith institiúid stáit léi. Institiúid an Ard-Léinn a bhí i gceist ina cás-san agus is toisc gur bhean í agus gur bhean phósta í a tharla sin. Luann Ó Macháin go bhfuil sé faoi chomaoin ag Máire Mhic Conghail, iníon Nessa, ‘as ar chuir sí d’eolas agus de chaipéisíocht ar fáil dó i dtaobh a máthar’

Ag 20 Bóthar Árann, Droim Conrach, Baile Átha Cliath, a rugadh í ar 14 Márta 1916. Ba iníon í le Seán Pádraig Ó Séaghdha, fear a mbeadh tábhacht ag baint leis i saol tionsclaíoch agus náisiúnaíoch na hÉireann, agus a bhean Kitty Nic Caochlaoich. Bhí deartháir agus ceathrar deirfiúracha aici. Tar éis di freastal ar Scoil Bhríde agus Scoil Chaitríona, chuir Osborn Bergin agus Gearóid Ó Murchadha oiliúint scoláire uirthi sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Thosaigh sí ag obair faoi stiúir Uí Mhurchadha i scéim Roinn an Oideachais, Leabhair ó Láimhsgríbhnibh, a bunaíodh i 1937 agus a raibh mar aidhm léi ‘téaxanna fada nár cuireadh cló orthu riamh a chur ar fáil do lucht léite na Nua-Ghaeilge’. Is cosúil gurb í an dara duine í dár fostaíodh don obair sin. I gcomhar le Máirín Ní Mhuirgheasa réitigh sí an dara himleabhar sa tsraith: Trí Bruidhne, 1941. Bruidhean Chéise Coruinn agus Bruidhean Bheag na hAlmhan an dá théacs atá in eagar ag Nessa ann. Ó lámhscríbhinní i Leabharlann Náisiúnta na hAlban a tharraing sí na téacsanna agus b’éigean di seal a chaitheamh i nDún Éideann. Is ansin a casadh uirthi Somhairle Mac Gill-Eain. Deir Ó Murchú: ‘…agus is cuid dár n-oidhreacht litríochta anois é an seicheamh filíochta a spreag sí uaidh ....’ In agallamh in Innti 10, 1986 deir Mac Gill-Eain féin: ‘Ba i 1937 a casadh an bhean Éireannach seo orm. Caitliceach ba ea í gan amhras, agus cé go rabhas riamh an-mhór ar son na hÉireann, ní bhím i gcónaí ar son na gCaitliceach, an dtuigeann tú é sin? [ag gáire]. Ó a Dhia, má thit éinne i ngrá riamh thit mise i ngrá léise. An fear a chuir in aithne dom í, dlúthchara de mo chuid, theastaigh uaidhsean í a phósadh agus b’in cúis amháin agam fanacht siar. Go luath ina dhiaidh sin, chuala mé go raibh sí geallta, nó geall le bheith, le fear eile ar fad, Éireannach.’ D’fhill sí ar Éirinn agus phós sí Dáibhí Doran (1911-82) i 1939. Rugadh mac agus triúr iníonacha dóibh. Baineann cuid de aiste Uí Mhacháin leis an ngrá éagmaise a thug Somhairle Mac Gill-Eain di, go háirithe i rith 1937-39. Tuairimítear gurbh é an grá sin a rinne file mór de. Baineann cuid den aiste le fear céile Nessa, David J. Doran (1911-82). Bhí siad mór le chéile ó bhí siad ina mic léinn agus phós siad i 1939. Thosaigh an galar dubhach á bhualadh tuairim deich mbliana ina dhiaidh sin nuair a bhí a bpáistí an-óg agus b’éigean do Nessa gach sórt sclábhaíochta a dhéanamh d’fhonn teacht slán. Anuas air sin, is post íseal páirtaimseartha a bhí aici ó 1954 go 1981 nuair a shroich sí aois an phinsin. Ní gá ach féachaint ar an dul chun cinn a rinne cuid dá comhscoláirí agus dá cairde ó 1939 ar aghaidh chun a mhéid a rinneadh leatrom uirthi a mheas. Baineann cuid nach beag den aiste le móradh a dhéanamh ar shaothar Nessa maidir le clárú lámhscríbhinní Gaeilge na Leabharlainne Náisiúnta.

Chuir sí eagar ar Stair Fhír-Cheart ar Éirinn: Hugh Reily do sgríobh. Mar aon le dearbhadh Chatoilicithe na hÉireann don Dara Séarlus; Óraid Oiliféir Plaincéad; agus Cás na gCatoilicithe (Dr. Nary). Uilliam Ó Murchadha do chuir i nGaedhilg (MDCCXXII), 1941; Agallamh na Seanórach, 1942-45 i dtrí himleabhair. Deir Ó Murchú faoin eagrán sin den Agallamh: ‘Léirigh an saothar sin go háirithe an tsith a bhí inti mar scoláire, an cumas a bhí inti leanúint don obair gan staonadh dá imigéiniúla an cuspóir; cumas riachtanach má tá an bhunobair atá fós de dhíth go mór orainn le cur i gcrích in aon chor; cumas nach bhfuil ar fáil go forleathan.’ Nuair a cuireadh ar ceal an scéim Leabhair ó Láimhsgríbhnibh i 1945, aistríodh an fhoireann agus a gcuid oibre go Scoil an Léinn Cheiltigh. Deir Ó Murchú: ‘Ní cosúil, áfach, gur éirigh le haon duine an socrú sin a mhíniú do Thomás Ó Rathile, a bhí ina Stiúrthóir ar an Scoil sna blianta íogaire tosaigh. Ní do Nessa is fearr a chuaigh.’ I 1943, bhí coimisiún faigthe aici ón Scoil chun eagrán de Tóraigheacht Dhiarmada agus Ghráinne a ullmhú agus bhí réamhtháille tugtha di. I 1944, in ainneoin a raibh curtha i gcrích aici, bhí a hainm go fóill ar liosta na mac léinn a bhí ag obair faoin Rathileach. D’iarr comhlacht Bhrún agus Uí Nualláin uirthi eagrán scoile den scéal a chur ar fáil, agus nuair a d’inis sí seo don Rathileach ‘tugadh an bóthar di’ (Ó Murchú); tá cuntas meáite ag Ó Murchú ar an gcaoi ar chaith an Rathileach le scoláirí óga scéim Roinn an Oideachais in Scoil an Léinn Cheiltigh. Tuarascáil Leathchéad Blian 1940-1990, 1990. Deir Ó Murchú, sa réamhrá leis an tuarascáil: ‘Ní nach ionadh, táim fíorbhuíoch chomh maith de Nessa Ní Shéaghdha, a thoiligh a cuimhní pearsanta ar sheanscoláirí Scoil an Léinn Cheiltigh a bhreacadh dúinn.’ Ar éigean a luann sí an Rathaileach [Tomás Ó Rathile] agus is mó den ghreann ná den searbhas atá ina bhfuil le rá aici i dtaobh Myles Dillon, Dan Binchy agus Mhichíl Uí Bhriain. Is é an focal deiridh aici: ‘Ag féachaint siar dom tamall ó shin, rith sé liom ó’m thaobhsa den scéal gurbh oidhrí dílse na hollúna sin ar aos dána na Meánaoise in Éirinn: foirfeacht an léinn mar chuspóir acu, ach gurb eatarthu féin ba mhó a gcumarsáid, nó idir iad féin agus an aicme a d’áirídís a bheith ar chomhchéim leo. Tá ré nua go forleathan faoi réim le tamall anuas agus ní miste é.’ Foilsíodh an leabhar scoile i 1944 (Tóruigheacht Dhiarmada agus Ghráinne. Maraon le réamhradh, nótaí agus foclóir). ‘B’é an t-eagar a chuir sí san am sin ar an Tóraigheacht i gcomhair mhuintir Bhrún is Uí Nualláin a leath a hainm i mbéal an phobail, ar ndóigh. Ina dhiaidh sin arís, sa bhliain 1967, tar éis Myles Dillon é a thathant uirthi, is é is dóichí, d’fhoilsigh Cumann na Scríbheann nGaedhilge a heagrán deifinídeach den téacs (Tóruigheacht Dhiarmada agus Ghráinne. The Pursuit of Diarmaid and Gráinne).’ Foilsíodh mar phaimfléad léacht statúideach a thug sí san Institiúid, Translations and adaptions into Irish, 1984. Seach-chló ar aiste in Celtica XVII is ea Collectors of Irish Manuscripts: Motives and Methods, 1985.

Grád scoláire a bhí aici in Scoil an Léinn Cheiltigh ar feadh 1950-54; ina dhiaidh sin go dtí gur éirigh sí as i 1981 is mar Chúntóir Taighde a bhí sí ag obair. Lámhscríbhinní Gaeilge na Leabharlainne Náisiúnta a chlárú an príomhchúram a bhí uirthi ar feadh na tréimhse sin. Sna blianta ó 1961 ar aghaidh, tháinig aon fhascúl déag de Catalogue of Irish Manuscripts in the National Library of Ireland amach faoina hainm. In Éigse XXVIII, 1993 deir Pádraig Ó Fiannachta: ‘Bhí an-spéis aici san obair a bhí á dhéanamh agam féin ar lámhscríbhinní Mhaigh Nuad ag an am. Níorbh fhada gur thugas faoi ndeara go raibh sé de dhifir eadrainn go bhféadfadh sise cuimhneamh ar mhionshonraí de gach sórt gan cabhair leabhair ná nóta, ach nach bhféadfainnse a leithéid a dhéanamh. Bhí na scríobhaithe beo os a comhair agus a nósa ar leith peannaireachta agus nodaithe. Bhí a lán oibre déanta aici faoin am sin ach gan é foilsithe, ná cóir aici chuige, mar nár chuir údaráis léinn ná leabharlainne a ndóthain suime san obair bhunúsach ghátarach úd an uair sin. Níorbh aon chnáimhseánaí í Nessa, áfach, ná ní raibh sí milleánach ar lucht na moille. Bhí sé de shuáilceas aici roimh dheireadh a saoil go raibh aon fhascúl déag de chlár lámhscríbhinní Gaeilge na Leabharlainne Náisiúnta foilsithe óna láimh agus seoda aimsithe aici a bhí i bhfolach leis na cianta cairbreacha, dála fhilíocht Bhlathmhaic, nó an chnuasaigh exempla a d’aimsigh sí go gearr roimh a bás.’ In Éigse, samhradh-geimhreadh 1967, dúirt Brian Ó Cuív i léirmheas ar The Poems of Blathmac son of Cú Brettan…, 1964 in eagar ag James Carney: ‘No discovery in our times has been of such importance to those interested in Irish poetry as that made by Professor James Carney over a decade ago when he found… in a seventeenth-century manuscript in the National Library a body of verse texts on religious themes which are of great antiquity and which, for the most part, are known from no other source.’ Is é atá le rá ag Ó Murchú: ‘Ba dhóigh liom, áfach, gurb í Nessa a d’aimsigh iad. Mar a dúirt James Carney féin i dtosach a eagráin: “This body of poetry has been found in a hitherto neglected seventeenth century manuscript, G50…. for a description of this manuscript see Cat. of Irish manuscripts in the National Library of Ireland (Ní Shéaghdha)…”. Mar ba dual di arís, níor loirg Nessa aon aitheantas, ná aon luach saothair, ach an méid a d’aimsigh sí a thabhairt don té a d’fhéadfadh, dar léi, leas ceart a bhaint as’.

Deir Ó Fiannachta: ‘Ní hiad buanna foighne agus léinn an scoláire amháin a bhí ag Nessa. Spreag a scéimh scoth filíochta grá ár linne de réir mar a chloisim. Thug sí togha an chúraim dá céile grách nó gur cuireadh i gcré é. Thóg sí féin agus eisean clann i gCorca Dhuibhne [an t-ainm a bhí ar theach a hathar ar Bhóthar na nGabhar, Dún Droma] Áth Cliath a bhí chomh dúchasach le haon chuid de Shíol Dhuibhne thiartheas mar a raibh a croí.’ D’éag sí 11 Aibreán 1993. Tá sí curtha i reilig Reilig Bhaile Mhic Thorcail, Áth na Sceire, Co. Chill Mhantáin.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú