Tadhg ‘Saor’ a thugtaí ar an údar seo. Deirtear go raibh ról an teidil aige sa dráma Tadhg Saor leis an Athair Peadar Ó Laoghaire nuair a léirigh Craobh an Pharóiste Thuaidh de Chonradh na Gaeilge é i Halla Mhuire, Corcaigh, Lá ’le Pádraig 1902. Tá cuntas ag Éamonn an Chnoic (Éamonn Ó Donnchadha) ar an léiriú sin in Banba, Bealtaine 1902.

Ba mhac é le John Shea, oibrí coitiana i Ráth an Lis in aice le Maigh Chromtha. Is beag tagairt dó in irisí an Chonartha go 15 Samhain 1902 nuair a fógraíodh gur cheap Coiste Ceantair Iúr Cinn Trá é ina thimire agus ina mhúinteoir Gaeilge. Luadh go raibh dráma scríofa aige, Seán Rua an Ghaorthaidh, agus bhí an cheathrú seo sa tuairisc: ‘Tá Tadhg Saor ag imeacht,/ ’S is ainnis a bheam ina dhiaidh;/ Ach go n-éirí an rath air/ ’S go leana sé air go síor’ (An Claidheamh Soluis 15 Samhain 1902). Bhí scéal dar teideal ‘Seaghán Ruadh an Ghaorthaidh’ i gcló ag ‘Tadhg na Tuinne’ in United Irishman 16-23 Aibreán 1904 agus is dóigh gur leagan den dráma é. Fuair sé post i mBaile Átha Luain i 1904 agus ba ghairid go raibh Gaeilge á múineadh aige i scoileanna an bhaile (idem 28 Eanáir 1905). Rinne páipéar an Chonartha comhghairdeachas leis an mbaile faoi mhúinteoir chomh héifeachtach sin a fháil (idem 10 Feabhra 1905). Ag Oireachtas na bliana sin fuair sé an chéad duais san óráidíocht sóisearach agus roinneadh an chéad duais san aithriseoireacht air féin agus ar Pheadar Ó Gráinne agus an chéad duais sa scéalaíocht air féin agus ar Mhathúin Ó Loingsigh (idem 5 Lúnasa 1905). Ainmníodh é mar theachta chun Ard-Fheis 1906. An mhí dár gcionn bhain sé amach dintiúirí i gColáiste na Mumhan (idem 15 Meán Fómhair 1906).

Ag pointe éigin roimh 1916 chuaigh sé ar ais go Corcaigh. Bhí sé ar dhuine de na hÓglaigh sin a chruinnigh le héirí amach. Chaith sé tamall i bpríosún i Wormwood Scrubbs agus ghlac páirt i stailc fhada ocrais. Phós sé Eileen O’Connell ó Bhaile an Chollaigh i gCorcaigh ar 13 Meitheamh 1922 san Ardeaglais i gCorcaigh. Tugtar d’eolas sa taifead gurbh é John O’Shea, ‘labourer’ a bhí marbh, a athair. Ba inion í Eibhlín le John O’Connell, feirmeoir. An tAthair Séamus Ó Floinn a phós iad agus sheas Micheál Ó Cuill agus Nóra Ní Dhuibhir leo. Roimhe sin (1911-1920) bhí post séiplínigh ag an sagart sin san ospidéal meabharghalrach a raibh Eibhlín ag obair ann. Chreid a mhuintir gurbh é a rinne an cleamhnas. Cheap an Coiste Ceardoideachais é ina mhúinteoir Gaeilge in Inis, Co. an Chláir, 8 Márta 1922. D’éag sé ar 9 Márta 1947 in Otharlann an Chontae in Inis. Tá sé curtha i nDroim Chliabh. Mheas a mhuintir gur lean sé air ag múineadh ar feadh deich mbliana i ndiaidh dó aois an phinsin a shroicheadh. Ritheadh rún comhbhróin ag cruinniú de Choiste GnóChonradh na Gaeilge. Tagraíodh dó mar dhuine ‘a bhí ina oibritheoir ar son an Chonartha agus ar son na teanga leis na blianta fada’ (Scéala Éireann 17 Márta 1947).

Bhí scéalta i gcló aige idir 1903 agus 1924 in Irisleabhar na Gaedhilge agus Fáinne an Lae. Ba é a d’aistrigh Trí drámaí, 1935 (péire le F. A. Forbes agus ceann le R. H. Benson) agus a scríobh Dhá sgéal, 1929. Is ríchosúil gurbh é freisin a d’aistrigh Rós fiadhain Loch Gile, 1936 (The wild rose of Lough Gill le Patrick G. Smith). B’fhéidir gurbh é a scríobh Ar shliabh agus machaire .i. eachtraí na n-ainmhithe. Luadh in Clare Champion 29 Márta 1947 gur scríobh sé leabhair nár foilsíodh. Bhí mac agus ceathrar iníonacha aige.

B’fhéidir gurbh eisean an Tadhg Ó Séaghdha, ‘a resourceful and energetic múinteoir taistil’, ar chabhraigh Coiste Gnó an Chonartha lena fhostú mar mhúinteoir i mBéal Átha an Ghaorthaidh (An Claidheamh Soluis 1 Feabhra 1913). Bhí cuntas uaidh ar 30 Lúnasa na bliana sin ar fheis sa bhaile sin agus is inspéise gur léiríodh Tadhg Saor lena linn. Teachta ón Neidín ag Ard-Fheis 1913 ba ea Tadhg Ó Séaghdha (idem 16 Iúil 1913) agus bhí tuairisc ar 24 Feabhra 1914 gur labhair sé ag cruinniú sa Chathair i gCiarraí. Bhuaigh Tadhg Ó Sé áirithe duaiseanna ar aistí ag Oireachtas 1913 (idem 16 Lúnasa 1913) agus ceapadh duine den ainm ina chláraitheoir i gColáiste na Mumhan (Freeman’s Journal 21 Feabhra 1914).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú