De réir liosta na gcuntas iarbháis in Bibliography of Irish Linguistics and Literature 1942-71, 1986 le Rolf Baumgarten níor tugadh aird ar bhás an scoláire seo in aon cheann de na hirisí léannta. Anois, in Scoláirí Léinn: Léachtaí Cholm Cille XXXV, 2005 (‘Winifred Wulff 1895-1946): beatha agus saothar’), tá cúiteamh lánsásúil déanta ag an Ollamh Aoibheann Nic Dhonnchadha sa bhfaillí sin. Luaitear ainm Wulff in aon anáil le scoláirí eile a chaith dícheall leis na tráchtais leighis agus is oiriúnach gurb é an scoláire atá tagtha i gcomharbacht orthu sin a thabharfadh chun solais na nithe a bhí ceilte orainn i gcás Wulff go nuige seo. Tá an cuardach eolais sa chás seo chomh hiontach leis an mbeatha féin. Níl sa mhéid seo a leanas ach giorrúchán leithscéalach ar ar aimsigh Nic Dhonnchadha sa diantaighde sin le cur in áit a bhfuil againne fúithi in 1882-1982 Beathaisnéis a Cúig.

I mBroughton Ferry lámh le Dún Déagh na hAlban a rugadh Úna ar 14 Deireadh Fómhair 1895. Max Wulff, ceannaí lín agus siúite, a hathair agus ba í Harriette Lieben a máthair. In Hamburg a rugadh Max agus is leis an gcreideamh Giúdach a tógadh Úna. Teaghlach saibhir iad; in aontíos leo, dar le Daonáireamh 1901, bhí triúr seirbhíseach: cailín aimsire, cócaire agus buime. Tógadh Úna le Gearmáinis agus Béarla. Tar éis bunscolaíochta cuireadh í chun scoil aíochta cháiliúil i Londain mar a gcuirtí béim ar theangacha agus ar an bhFraincis go háirithe. In Bedford College, Ollscoil Londan, bhí beartaithe aici cúrsa san eolaíocht/leigheas a dhéanamh. Ach níor lig a sláinte di leanacht uirthi. I dteach altranais i Londain di a casadh uirthi Nora Walsh, banaltra. Tháinig sí go hÉirinn in éineacht le Nora i 1916 agus chaith an chuid eile dá saol mar dhuine de theaghlach na mBreathnach sa teach Cypress Grove i dTeach Mealóg, Baile Átha Cliath, mar a raibh feirm daichead acra ag na Breathnaigh. B’as Tír Eoghain don mhuintir seo agus bhain duine díobh, Róisín, cáil amach le linn di a bheith ina Príomhleabharlannaí i Leabharlanna Poiblí Bhaile Átha Cliath. Faoina n-anáil a d’iompaigh Winifred ina Caitliceach Rómhánach agus a chuir sí spéis sa teanga Ghaeilge. Chaith sí tamaill in Ó Méith agus i dTír Chonaill. Rinne sí céim sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis agus sa Bhreatnais sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, idir 1918 agus 1921 agus fuair céim le céad onóracha. In aon rang léi ag gabháil don Léann Ceilteach bhí Myles Dillon agus Séamus Ó Duilearga. Fuair sí céim mháistir i 1923 agus dochtúireacht i 1931. I liosta ball Chumann na Scríbheann nGaedhilgec.1920 is é a seoladh: Craigard, Broughty Ferry, Scotland.

Faoi Shamhain 1922 bhí sí ag obair cheana féin ar a tráchtas dochtúireachta, an téacs leighis ‘Rosa Anglica’. D’fhoilsigh Cumann na Scríbheann nGaedhilgeRosa Anglica, seu Rosa Medicinae Johannis Anglici. An early modern Irish translation of a section of the mediaeval medical text-book of John of Gaddesden. Edited with Introduction, glossary, and English version by Winifred Wulff, 1929. Is é a príomhshaothar foilsithe é. Ní raibh aon leagan Béarla i gcló go nuige sin. Deir an tOllamh Nic Dhonnchadha: ‘Foinse mhóreolais do eagarthóirí téacsanna leighis na Gaeilge is ea an saothar.’ In Lia Fáil 1926-32, faoin ainm Úna de Bhulf, agus in Éigse (Earrach, Fómhar, Geimhreadh 1940 agus Geimhreadh 1941), faoin ainm Winifred Wulff, bhí i gcló aici ‘De febre efemera nó an liaigh in Éirinn i n-allód’, téacs eile ó Rosa Anglica John of Gaddesden. Gach seachtain ó 12 Bealtaine 1934 go 17 Samhain na bliana sin bhí leagan ‘i litriú nua-aimseartha’ i gcló ag Liam Ó Rinn in United Ireland faoin teideal ‘Dhá sheana-leabhair’. Ba iad na leabhair sin: ‘Tráchtas ar réalt-eolas’ (An Irish Astronomical Tract, 1914) in eagar ag Máire de Paor [B2: 142] agus Rosa Anglica in eagar ag Úna de Bhulbh. Foilsíodh Catalogue of Irish manuscripts in the Royal Irish Academy Fasc. X, 1933 (i bpáirt le Caitilín Ní Mhaol-Chróin) agus Fasc. XVIII, 1935 (i bpáirt le Gearóid Ó Murchadha). In Irish Texts, Zeitschrift für celtische Philologie, Irish Book Lover, Irish Journal of Medical Science agus in Ériu anuas go 1942 bhí aistí agus téacsanna eile leighis in eagar aici maille le haistriúcháin. Tá a saothar liostaithe ag Nic Dhonnchadha. Sa tseandálaíocht is mó a bhí a spéis ar dtús, b’fhéidir, agus foilsíodh péire aiste léi 1922-23 in Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland. Bhí cúrsa déanta aici faoi R. A. S. Macalister agus is dó a thiomnaigh sí Archaeology without tears, 1942, arb é atá ann cnuasach rann le léaráidí a rinne sí d’fhonn cuimhne a choimeád ina haigne ar fhíricí agus ar theoiricí na seandálaíochta.

I rith an ama sin go léir bhí sí ag strácáil le fadhbanna sláinte. Tuairiscíodh san Irish Independent um Meitheamh 1933 go raibh fúithi an geimhreadh a chaitheamh thar lear ar chúiseanna a bhain lena sláinte. Deir Aoibheann Nic Dhonnchadha: ‘I dtrátha na bliana 1938, le linn do shláinte Úna a bheith ag teip go mór, thainig Elizabeth McElroy... ón bhFionntamhnach, Co. Thír Eoghain, chun cónaithe in Cypress Grove chun aireachas a thabhairt di, gur fhan ina fochair go dtí go bhfuair sí bás.’ I gcathaoir rotha a chaith sí na blianta deireanacha dá saol. Bhí máchail súl uirthi chomh luath le 1934 agus faoi 1942 bhí an radharc ag teip uirthi. Ó 1934 go ham a báis i 1946 bhí sí ag obair ar luibheadóir a bheadh á fhoilsiú ag Cumann na Scríbheann nGaedhilge faoin teideal Hortus sanitatis Hibernicus. Murach a d’fhaigheadh sí de chabhair ó Róisín Breathnach ar bhealaí éagsúla ní móide go n-éireodh léi an obair sin a dhéanamh. Tá cuntas fada ag Nic Dhonnchadha ar an dua go léir agus na constaicí a bhain leis an leabhar: cogadh 1939-45 a bheith ag cur isteach go mór ar obair an Chumainn; breoiteacht Róisín; easpa foirne oilte agus fadhbanna eile clódóireachta. Fostaíodh Nessa Ní Shéaghdha agus faoi Mheitheamh 1945 bhí na profaí ar fad ceartaithe. D’éag Winifred ar 11 Deireadh Fómhair 1946. Bhí pairilís uirthi. Leanadh ar aghaidh i ndiaidh a báis leis an iarracht ar an leabhar a thabhairt amach. Bhí cúraimí troma eile ar Nessa Ní Shéaghdha agus b’éigean di éirí as an obair sin. I 1968 iarradh ar Mháirín de Valera é a ghlacadh idir lámha ach ba ghairid gur thuig sí nach raibh aici an saineolas sin a mbeadh gá leis. Dúradh go raibh sé ag an Irish Texts Society le cur i gcló ach ní léir gur foilsíodh é. Deir Nic Dhonnchadha: ‘A bhfuil ar bith de phrofaí an dá imleabhar a bhí beartaithe ag Úna, táid i gcomhad anois i Leabharlann Choláiste Ollscoile Chorcaí.’ Cuireadh Úna i Reilig Nua Theach Mealóg ar 14 Deireadh Fómhair 1946. Nuair a d’éag an scoláire seo níor léir go raibh aon duine dá gaolta ina sochraid. Níor tagraíodh sna páipéir d’áit bhreithe. ‘A noted Gaelic scholar, she also had a knowledge of many European languages, as well as the Classics’, a dúradh in Scéala Éireann 16 Deireadh Fómhair 1946. Bean saibhir ba ea í. Faoina huacht ba iad muintir Roisín Bhreathnach, Cypress Grove, Baile Átha Cliath, is mó a fuair a cuid airgid ach bhí go leor daoine ar fhág sí suimeanna éagsúla acu. Níl aon ghaol luaite san uacht.

Bhí an tuairisc seo a leanas i gcló san alt sin san Irish Independent i 1933: ‘If you dropped into the Academy any morning you would find Dr Wulff working there, her dark Eton-cropped head with its Grecian perfection of features and ivory skin bent over some manuscript so old that it would crumble away with rough handling.... Everytime I talk to Winifred Wulff I come away feeling how rich and thrilling life is for some people – and she is one of them; and how poverty-stricken it is for many who would seem to have everything that this world deems of account.’ Dúradh ann freisin go raibh Rúisis, Ioruais, Gearmáinis, Fraincis, Spáinnis, Portaingéilis agus Iodáilis i measc na dteangacha a bhí aici. Scríobh Róisín Breathnach fúithi i 1944: ‘Una is, just as usual, keeping cheerful in the face of all her disabilities’. Is é an focal deiridh ag Nic Dhonnchadha uirthi: ‘Is tairbheach agus is fónta an obair a dhein sí san achar gairid blianta a dheonaigh Dia di ar an taobh seo.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú