Bhain an Ciarraíoch seo cáil amach mar mhúinteoir i gCois Fhairrge, Co. na Gaillimhe, agus bhíodh amhráin a bhailigh sé agus dánta agus scéalta a d’aistrigh sé i gcló ó 1930 ar aghaidh in Gearrbhaile, Ar Aghaidh, An Stoc, An Phoblacht, The Standard.... Mar mhúinteoir i bparóistí tuaithe b’fhéidir a mhaíomh go gcomhlíonadh sé go heiseamláireach na dualgais a bhain go traidisiúnta leis an ról sin, ní hamháin i gcúrsaí scoile ach mar ghlór ceannasach i ngnóthaí an phobail.

In Áth an Chaisle, Caisleán Ghriaire, Co. Chiarraí, a rugadh é ar 5 Eanáir 1906. Ba iad Pádraig Ó Séaghdha, feirmeoir, agus Maighréad Ní Dhálaigh a thuismitheoirí. Bhí deirfiúr agus deartháir aige. D’éag an mháthair nuair a bhí sé tuairim ceithre bliana d’aois agus phós an t-athair arís agus rugadh seisear eile dó. Toisc, b’fhéidir, traein a bheith ag teacht go Caisleán Ghriaire bhí lagaithe go mór ar an nGaeilge sa cheantar agus is le Béarla a tógadh Tadhg. Bhí riar Gaeilge ag a athair agus Gaeilge bhreá ó dhúchas ag a sheanmháthair. Agus thagadh corr-sheanchainteoir Gaeilge ar cuairt acu. I Scoil Átha Caisle, bhí múinteoir ag Tadhg, Pádraig Ó Ruacháin, a mhúineadh an teanga i ndiaidh uaireanta scoile ón tríú rang ar aghaidh agus ba chuimhin le Tadhg leabhair Norma Borthwick ar nós Ceachta Beaga Gaeilge, 1902, chomh maith le leabhairíní na mBráithre Críostaí, a bheith le léamh acu. Ar ball bhí Ceachta Cainnte Gramadaighe, 1909 agus leabhair eile acu. Chuir sé ríspéis sa leabhar Tadhg Gabha, 1900 le ‘Beirt Fhear’ (Séamas Ó Dubhghaill 1855-1929) agus bhí an tseanmháthair in ann cabhair a thabhairt dó agus é á léamh, rud a thugadh pléisiúr di.

Ceapadh é ina mhonatóir sa scoil (1920-24) agus ar ball cháiligh sé mar mhúinteoir náisiúnta i gColáiste de La Salle, Port Láirge. I nGaillimh dó ina dhiaidh sin bhí sé in ann freastal ar an gColáiste Ollscoile. Bhí sé ag múineadh i scoil na mBráithre Críostaí i mBaile Thiobraid Árann 1926-27, i Scoil Sailearna, Cnoc na hAille (1927-36), i Scoil na Tulaí (1936-41) agus i Scoil Cholm Cille, Na Doireadha / Ros a’ Mhil (1941-73). Phós sé Nóra Ní Mharannáin ó Eidhneach, Co. an Chláir, 26 Iúil 1937 agus bhí buachaill agus cailín acu; údar aitheanta do pháistí an iníon, Treasa Ní Ailpín.

Bhí ardmheas aige ar an saibhreas Gaeilge a bhí le cloisteáil aige i gCois Fhairrge, i gCnoc na hAille go háirithe, le linn dó a bheith i Scoil Sailearna, agus bhí sé an-tógtha lena fheabhas a bhí na hamhráin ag muintir Ros a’ Mhíl. Scríobh iardhalta leis an dán ‘Soraidh siar don Tulaigh uainn’ [‘Slán le Tadhg Ó Séaghdha, Príomhoide Scoil na Tulaí’] atá i gcló in Ar Aghaidh, Lúnasa 1936. Bhíodh sé ag bailiú leaganacha cainte le barr feabhais a chur ar a Ghaeilge féin agus spreagadh sé na gasúir scoile chun feidhm a bhaint astu. Sa mhúinteoireacht bhí an-bhéim á cur aige ar Ghaeilge an teallaigh. Bhí sé an-tógtha le Scéim na Scol a bhunaigh Séamus Ó Duilearga agus Seán Ó Súilleabháin faoi scáth Choimisiún Béaloideasa Éireann agus is iomaí scéal agus píosa seanchais a scríobh gasúir scoile Shailearna agus na Tulaí síos óna muintir don Choimisiún idir 1934 agus 1939.

Chumadh sé rannta beaga do pháistí agus amhráin agus chaith sé tamall maith ag plé le sailm a aistriú agus le ceol eaglasta. Bhíodh a aistriúcháin ar na sailm agus a dhánta diaga i gcló in An Sagart agus chuir na cumadóirí ceoil Fiontán Ó Cearuil, an tSr Colmcille Ní Chonáin agus Máire Ní Dhuibhir ceol le cuid acu. Bhí sé ar feadh i bhfad ina bhall de Choiste Leabharlann Chontae na Gaillimhe. Chuir sé liosta cuimsitheach focal chuig an Athair Láimhbheartach Mac Cionnaith, cúnamh a admhaíodh in Foclóir Béarla agus Gaedhilge (1935). I measc na gcairde a bhíodh ag plé cúrsaí litríochta leis bhí Criostóir Mac Aonghusa, Dr Pádraig Ó Finneadha an tAthair Benedict [Micheál Langton B1] agus an tAthair Eric Mac Fhinn. Fuair Tadhg bás 20 Meán Fómhair 1978 agus tá sé curtha i Reilig Mhaírois in aice leis an Tulaigh.

Sholáthair duine dá iardhaltaí, Liam Mac Con Iomaire, craoltóir, beathaisnéisí, iriseoir, an t-eolas seo a leanas nuair a d’iarramar sin air: ‘Múinteoir dúthrachtach bunscoile é agus fuair roinnt mhaith dá chuid daltaí scoláireachtaí meánscoile sular tháinig an córas meánoideachais isteach. Bhí sé lárnach freisin i gcúrsaí sóisialta, eaglasta agus polaitíochta an cheantair: ina chathaoirleach ar an gcoiste de chumann áitiúil Fhianna Fáil, ar Chomhairle Raidió na Gaeltachta seal, agus go deireadh a shaoil ar choiste Chomharchumann Chois Fhairrge. Rinne sé saothar ar leith ag caomhnú na n-amhrán agus na ndánta áitiúla (‘Turcaí Tom Tom’, ‘Caoirigh na Japs’, ‘Amhrán an Asail’, etc.), á múineadh ar scoil agus á bhfoilsiú in Ar Aghaidh. Chum sé féin mórán rannta, d’eagraigh sé aeraíochtaí agus feiseanna agus d’aistrigh sé amhráin Bhéarla go Gaeilge: ‘A Nation once again’ (‘An Gael i Réim ’na Thír)’, ‘Galway Bay’ le Francis Fahy (‘Ros a’ Mhíl Cois Cuain’), ‘Who fears to speak of ’98?’ (Ó Bliain na n-éacht, Bliain ’98’).... Bhí suim ar leith aige i gceol eaglasta: stiúraigh sé cór an tséipéil i Ros a’ Mhíl ar feadh blianta fada, d’aistrigh agus d’aistrigh sé carúil Nollag ó theangacha éagsúla go Gaeilge. Bhronn an Róimh an gradam “Bene Merente” air mar chomhartha measa agus buíochais.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú