Bhí ainm scoláireacht na Gaeilge ar an gceannasaí Fíníneach seo. Tá eolas le fáil air in Chief of the Comeraghs: a John O’Mahony anthology..., 1957, in eagar ag James Maher. Chuir Denis Gwynn, staraí agus garmhac William Smith O’Brien, réamhrá leis. Ba é an Fíníneach John O’Leary a scríobh an cuntas gairid in Dictionary of National Biography. In The O’Mahony Journal, Vol. 3, 1973 tá aiste ag Breandán Ó Cathaoir (‘John O’Mahony: Moulder of the Irish-American Dimension’), agus in imleabhair 7 agus 8 (1978) den iris chéanna tá aistí le Mainchín Seoighe (‘The O’Mahonys of the Galtees’) agus le Diarmuid Ó Mathúna (‘The vision and sacrifice of John O Mahony’, a bhfuil eolas níos mine ann ar chúrsaí Uí Mhathúna i Meiriceá). Tá cuntas air freisin in Dictionary of American biography, 1934 agus deirtear ann go raibh beartaithe ag a sheanchompánach Micheál Caomhánach a bheathaisnéis a scríobh. Scríobh Nessa Ní Shéaghdha alt dar teideal ‘John O’Mahony’s Irish Hand’ in Sages, saints and storytellers: Celtic Studies in honour of Professor James Carney, 1989 in eagar ag Donnchadh Ó Corráin, Liam Breathnach agus Kim McCone; tá trácht ann ar dhán le Séamus Ó Loingsigh a scríobh sé síos: baineann sé le cath faicseanaíochta in aice le Mainistir Fhear Maí tuairim 1818.

I gCluain Choille i bparóiste Chill Ghalláin, Co. Chorcaí, nó i Loch an Eanaigh i bparóiste Choill Bheithne, Co. Luimnigh, mar a raibh feirmeacha á saothrú ag a athair Daniel, a rugadh é ar 12 Eanáir 1815. Creideann sliocht Daniel gur i Loch an Eanaigh a rugadh é agus tar éis taighde a dhéanamh shíl Mainchín Seoighe gur cosúla go raibh an ceart acu. Ní luaitear ainm ná sloinne na máthar in aon chuntas. Maítear go raibh sé síolraithe ó thaoiseach na Mathúnach, mar is léir ar theideal leabhar James Maher. Bhí a athair agus a uncailí ‘amuich’ i 1798.

Bhí sé ar scoil chlasaiceach Hamblin i gcathair Chorcaí sula ndeachaigh sé isteach i gColáiste na Tríonóide in 1833. Eabhrais, Sanscrait, Laidin, Fraincis agus Gréigis a bhí ar siúl aige, más fíor do T.F. O’Sullivan (The Young Irelanders, 1944). Níor bhain sé céim amach. Tuairimítear gur cúrsaí teaghlaigh faoi deara dó an ollscoil a fhágáil. Is i gCoill Bheithne a tógadh é. Nuair a d’eág a athair (1840) agus a dheartháir mór is air feasta a bhí meas taoisigh ar fud na dúiche. Míníonn John Devoy an stádas sin in alt atá i gcló in Chief of the Comeraghs agus é ag tagairt don dá mhíle fear gan airm ná oiliúint mhíleata a lean Ó Mathúna i gcorraíl 1848: ‘There had been no Young Ireland propaganda among them, and there was probably no Confederate Club in the whole mountain district. The men—all Gaelic speakers—were simply following their Chief to fight the English.’ Chuaigh an léas ar an bhfeirm i gCoill Bheithne in éag le bás an athar agus b’éigean dó aistriú go dtí feirm i Mullach in aice le Carraig na Siúire. Deir John Savage in Fenian Heroes and martyrs, 3ú heagrán, 1860 i dtaobh Iarla Kingston, tiarna talún na Mathúnach: ‘Their families were hereditary and bitter enemies, and on the death of John O’Mahony’s father, who had been a powerful Nationalist, . . . the fiat went forth that the O’Mahonys should be exterminated, as there could not be “two lords” in that neighbourhood. To be thus compelled to leave the hearth which had become sacred by family associations, at the will of an upstart Saxon lord, was like tearing the heart out of O’Mahony.’ Deir Ó Cathaoir: ‘The loss of Kilbehenny, the first resting-place of the branch of the sept which settled in the neighbourhood, was a bitter experience for, and a formative influence on the young O’Mahony. It personalised for him the effects of English domination. To it can be traced the brooding strain in his character which later combined family wrong with national misfortune.’ Ghlac sé páirt i ngluaiseachtaí Reipéil agus na nÉireannach Óga agus bhí ar ball i gClub na bPáirtithe agus san Éirí Amach. Tá rómánsúlacht a phearsan ag an bpointe ama sin gafa ag T.F. Meagher: ‘His square, broad frame; his frank, gay, fearless look; the warm, forcible, headlong earnestness of his manner; the quickness and elasticity of his movements; the rapid glances of his clear, full eyes; the proud bearing of his head; everything about him struck us with a brilliant and exciting effect, as he threw himself from his saddle, and tossing his bridle on his arm, hastened to meet and welcome us.’

Ní raibh sé i láthair i mBaile an Gharraí ach lean sé air ag treallchogaíocht ar feadh tamaill ghairid sular chuir sé a lucht leanúna abhaile gur thug a fheirm dá dheirfiúr Jane, a bhí pósta ar Shéamus Móinbhíol i mBaile Uí Dhuinn, agus gur éalaigh go Páras. Deirtear gur thuill sé a bheatha ann ag múineadh Gaeilge do mhic léinn i gColáiste na nGael agus go raibh sé beo ar éigean. I ngairéad i ‘Maison Vauquier’, a bhí ina bhathlach tí faoin am seo agus a bhfuil cur síos air ag Balzac in Le Pere Goriot, a bhí sé ag cur faoi (Maher). Le James Stephens bhí sé páirteach sa chorraíl i bPáras um Nollaig 1851. Faoi Eanáir 1854 bhí sé i Nua-Eabhrac. I ndiaidh eachtra bhuile Bhaile an Gharraí (‘disgrace’ a thug sé féin air) bhí a aigne socair aige gur go mall agus de réir a chéile a thógfaí an cinéal eagraíochta a n-éireodh léi Éire a shaoradh. In 1858 cheap James Stephens é mar Cheann Urra Bhráithreachas na Poblachta sna Stáit Aontaithe; bhí an Bráithreachas Fíníneach mar ainm air ag an Mathúnach go luath in 1859. An bhliain chéanna sin bhunaigh sé páipéar nua, The Phoenix, agus thug cuairt abhaile. Nuair a bhris Cogadh CatharthaMheiriceá amach d’eagraigh sé Reisimint a 99 agus bhí ina chornal air. Níor ghlac sé páirt sa chogadh. Cé go raibh ag éirí thar cionn le cúrsaí earcaíochta bhí ag méadú ar dheacrachtaí Uí Mhathúna ar bhealaí eile. Is é an tuairim choitianta nárbh é an duine ba oiriúnaí don phost é. Bhí sé róthugtha d’aislingí; níor fhéad sé fanacht ina thost nuair a bhí gá leis sin; chuir sé a mhuinín i ndaoine nár thuill é ar nós an spiaire Red Jim McDermott. I ndiaidh 1865 agus anuas go 1872 ní raibh aon oifig aige sa Bhráithreachas. Ó 1868 go 1872 bhí sé ina eagarthóir ar The Irish People agus ina dhiaidh sin ar The American Gael. Atoghadh é ina Cheann Urra in 1874 ach bhí ag teip ar a shláinte. Bíonn tagairtí an-mhinic dá bhoichte a bhí sé. Seo é an cur síos a rinne John Boyle O’Reilly (1844-90) air: ‘A tall gaunt figure, the mere framework of a mighty man; a large lustre-less face with deep-sunken introverted eyes; faded lightish hair, worn long to the shoulders; an overcoat always buttoned, as if to hide the ravages of wear and tear on the inner garments; something of this, and something too of gentleness and knightlihood, not easily described, were in the awkward and slow moving figure, with melancholy and abstracted gaze . . .’. Fuarthas ag fáil bháis ina árasán é agus d’éag sé ar 6 Feabhra 1877. Tugadh a chorp go hÉirinn agus go hArdeaglais Cholmáin sa Chóbh. Ní thabharfadh an Cairdinéal Pól Ó Cuilinn cead an corp a bheith ag luí faoi ómós san leas-ardeaglais i mBaile Átha Cliath agus is ar choinníoll nach dtabharfaí óráid cois na huaighe a lig údaráis Ghlas Naíon é a adhlacadh ansiúd 26 Feabhra, i gcaoi gur taobh amuigh de gheataí na reilige ab éigean do Charles Kickham labhairt. Deir James Maher (Romantic Slievenamon..., 1954): ‘The “onlie begetter” of Knocknagow was the author’s kinsman, Colonel John O’Mahony, who suggested to Charles that he should write something for an American magazine called The Emerald ...’. Theip ar an iris sin nuair nach raibh ach leath an úrscéil foilsithe acu ach ar an dea-uair bhí iris in Éirinn, Shamrock, á fhoilsiú ag an am céanna.

In 1857 d’aistrigh Ó Mathúna ‘Foras Feasa ar Éirinn’ an Chéitinnigh faoin teideal The history of Ireland by Geoffrey Keating, D.D. translated from the original Gaelic and copiously annotated. I Nua-Eabhrac a dfhoilsigh P.M. Haverty é. Deirtear gurbh in imeacht bliain go leith a rinne sé an obair. Is léir agus é ag cur síos ar na Fianna ann gur i gcomhthéacs fhorlámhas na Breataine in Éirinn é. De bhrí gur bhain sé úsáid ann as nótaí Sheáin Uí Dhonnabháin in Annála Ríoghachta Éireann bhí fadhb chóipchirt i gceist agus níorbh fhéidir an leabhar a dhíol in Éirinn. Mhol an Donnabhánach féin an saothar in The Nation. In Éirinn ba mhó a bheadh díol air agus fágadh gur bheag a bhí ag an Mathúnach dá bharr. Síltear gur chuir sin leis an diomachroí a bhí coitianta air. Chlis ar a néaróga tuairim an ama sin agus chaith sé tamall i dteach gealt. Chuir James B. Kirker, Nua-Eabhrac, an dara heagrán amach in 1860. In Irish Book Lover, Bealtaine-Meitheamh 1930 (‘Seán Ó Mathghamhna’s Irish MSS.’) liostaigh Séamus Ó Casaide a lámhscríbhinní i Leabharlann Phríobháideach na bPreispitéireach, Filadelfia. Is geall le cuntas ar a mhórspéis i litríocht na Gaeilge an liosta sin. Ina measc tá cóip de ‘Foras Feasa ar Éirinn’ a bhfuil an síniú seo ann: ‘Seághan Ó Duibhidhir, Feathard, Sráid riasg, Blian an Tigherna, 1637’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú