Bhí sé ar dhuine de na scríobhaithe ba bhisiúla san 18ú céad. Mar seo a chuir Tomás Ó Fiaich síos air in Reportorium Novum, Iml. 2, Uimh. 2, 1960 (‘Dán ar Phádraig Mac Síomóin’): ‘Múinteoir fáin agus lámhscríobhaí torthúil a bhí ann agus tá níos mó LSS Gaeilge dá pheannaireacht ar fáil inniú ná mar atá de shaothar scríobhaí ar bith eile de chuid an Tuaiscirt san 18ú haois.’ B’fhéidir gurbh as Co. Mhuineacháin dó; tá na fáthanna lena cheapadh gurbh ea liostaithe ag Séamus P. Ó Mórdha in Clogher Record 1957/59. ‘Mac Gorman’ a thugadh sé air féin go luath ina shaol, ansin Gorman agus ag deireadh O’Gorman; deir Nessa Ní Shéaghdha in Eighteenth Century Ireland, Iml. 4, 1989 (‘Scholars and scribes in Dublin’) gur dóigh gur le hómós do Thomás Ó Gormáin an leagan sin. Tá 1734 mar dháta ar lámhscríbhinn luath dá dhéantús agus mhair sé anuas go 1794. Tá cuntas ag Robin Flower air in Catalogue of Irish Manuscripts in the British Museum. Bhí scoil scairte aige gar do Fhoirceal i gContae Ard Mhacha. Deirtear go raibh coimhlint idir é agus Peadar Ó Doirnín (d’éag 1769) agus gurbh é Peadar a scríobh an aoir mhacarónach ‘Suirí Mhuiris Uí Ghormáin’ (i gcló in Louth Archaeological Society Journal Iml. 111, 1915) ag magadh faoina chumas Béarla agus faoin gcliúsaíocht a bhí ar siúl aige le mná. Bhí an bheirt acu i ngrá leis an gcailín céanna, más fíor, ach loit an aoir seans Mhuiris. Chuir sé ‘English-Irish Phrasebook’ le chéile; tá cuntas air in Éigse X11, Cuid III, 1967-68 ag Terence McCaughey agus deir sé: ‘Clearly, the phrasebook is of the greatest value as representing the colloquial Irish of Ó Gormáin’s part of the country at a time when the local dialect was still current among a large part of the population.’ Bhí sé ag scríobh don Dochtúir John Fergus, ársaitheoir cáiliúil, in 1752, agus is dóigh go raibh sé i mBaile Átha Cliath ag an am. In 1762 bhí cónaí air i gContae an Chabháin, é ag múineadh Béarla, áirimh agus scríbhneoireachta ann.

Bhí fógra aige in Faulkner’s Dublin Journal 24 Iúil 1766 (i gcló ag Séamus Ó Casaide in Irish Book Lover, Samhain-Nollaig 1933): ‘Whereas the Irish, the ancient language of this Nation, hath long been neglected; an Evil justly complained of, as it renders Gentlemen unable to have Recourse to the many Chronicles and Compositions still preserved among us, relative to the ancient State of this Kingdom, its Arts, Sciences and Literature. Therefore, Maurice Gorman, Professor of that Language, offers his Service to the Public, and proposes to lay himself out in his own Appartment (at the Sign of the Mashing Keeve in St Mary’s-Lane, Dublin,) every Morning from Ten to Two, for the Instruction of Youth and Others, as wish for their own cultivation, to open Treasures so long locked up. Such Persons who cannot conveniently go to him, shall be attended at their own Houses. N.B. He is perfect Master of the Difficulties attending the Reading and Explaining the ancient Irish Manuscripts in Vellum.’

Nuair a ceapadh an Bíocunta Townsend ina Thiarna Leifteanant ar Éirinn in 1767 scríobh Muiris dán fáiltithe (i gcló ag Énrí Ó Muirgheasa in Louth Archaeological Society Journal Iml. 111, 1915). Is dóigh le Ó Muirgheasa gur ag súil le pátrúnacht a bhí sé: ‘Poor O’Gorman may have hoped for some recognition of his Irish learning from Townsend, and so his fulsome flattery may have been inspired with a hope of favours to come. Otherwise it is unthinkable that a Gael of the Gaels, such as O’Gorman was, should have lauded so highly an Englishman who fought against his countrymen at Dettingen and Fontenoy . . . .’. Bhí a phátrún Thomas Leland ina shéiplíneach ag Townsend agus seans gurbh in a spreag an dán. Níor theip ar a mhisneach agus d’fháiltigh sé roimh thriúr Tiarnaí Leifteanant; léiríonn Robert Mahony in Éigse XXII (‘Muiris Ó Gormáin and the Lords Lieutenant of Ireland’) gurbh é an dán céanna a scríobh sé do gach duine díobh.

Bhí Cathal Ó Conchubhair, Thomas Leland, Charles Vallancey agus Tomás Ó Gormáin mar phátrúin aige. Ar feadh a shaoil bhí fadhb ólacháin ag cur air. Scríobh Nessa Ní Shéaghdha: ‘Of the four patrons mentioned, it would appear that Leland was the least tolerant of Ó Gormáin’s distraction from his work to the taverns: Vallancey wrote to O’Conor that “Leland has already discharged my friend Gorman, he is now, poor fellow, unemployed, and in good measure depending on my kitchen, to say the truth he is seldom quite sober though at 8 o’clock in the morning”.’ Thugadh Vallancey fiche giní sa bhliain dó in íoc a shaothair. Fuair sé post dó tamall leis an Committee of Antiquities. Chuir sé olc ar Chathal Ó Conchubhair lena ‘wantonly quitting my house [Béal Átha na gCarr] for the drams of Dublin and would not stay to copy a line of the first Vol. of the Four Masters. It is true that he repented of his folly, but not in time’. Ina ainneoin sin ba é Ó Conchubhair a ghlan na fiacha a bhí air in 1777.

Bhí sé ag múineadh Gaeilge do Vallancey agus do Matthew Young, Easpag Chluain Fearta. Gabhann Charlotte Brooke buíochas leis in Reliques of Irish Poetry as dánta a athscríobh di agus tuairimíonn McCaughey gur baineadh úsáid as an ‘Phrasebook’ in Bolg an tSolair. Deir Lorcán Ó Muireadhaigh in Louth Archaeological Society Journal (1915) gur léigh sé go bhfuair Ó Gormáin post in Copenhagen uair. Bhí leabharlann aige agus bhíodh leabhair agus lámhscríbhinní ar díol aige.

Dúirt Hardiman: ‘After a long life devoted to the transcription and consequent preservation of numerous volumes of the ancient poetry, tales, annals, etc etc. of Ireland, he died in the greatest poverty in a ground-cellar in Mary’s Lane, Dublin, about 1794; where he was a long time supported by the charity of Mac Entaggart, who was himself a poor man’ (i gcló in Catalogue of Irish MSS in the British Museum). Cheannaigh Éadbhard Ó Raghallaigh roinnt dá lámhscríbhinní ón scríobhaí óg Henry Wright nó Énrí Mac an tSaoir, an fear a fuair a bhformhór. Fuair John Tankard, tábhairneoir ag 4 Pill Lane, seilbh ar roinnt eile agus tháinig an fuíoll i seilbh Bhriain Uí Dhoirnín, siopadóir leabhar agus foilsitheoir a d’imigh go Meiriceác.1799. Deirtear gur líon bailiúchán Uí Ghormáin cúig mhála. Deir Warburton ina History of Dublin go raibh Muiris ina chléireach séipéil i Lána Naomh Muire. Chaith Pádraig Mac Síomóin (c.1695-1769) naoi mbliana déag i bparóiste Naomh Michin, mar a raibh Lána Naomh Muire, agus seans gur ann a chuir Muiris aithne air gur scríobh an dán dá dtagraíonn Ó Fiaich.

Tá clár a leabhar agus a lámhscríbhinní, a rinneadh 1772-76, sa Leabharlann Náisiúnta. Tá na lámhscríbhinní san Acadamh Ríoga, i gColáiste na Tríonóide, sa Leabharlann Náisiúnta, i Músaem na Breataine agus sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. In Bliainiris 8, 2008 tá aiste ar ‘Leabharlann phearsanta Mhuiris Uí Ghormáin’ le Lesa Ní Mhunghaile. In Proceedings of the Royal Irish Academy, 110C (2010) tá ‘An eighteenth-century Gaelic scribe's private library: Muiris Ó Gormáin's books’ ón údar céanna. Foilsíodh Muiris Ó Gormáin: beatha agus saothar le Nioclás Mac Cathmhaoil in 2010.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú