Deirtear go minic gurbh i gContae an Chabháin a rugadh an scoláire seo, agus luaitear an Mhí freisin. Bhí aithne ag an Urramach Robert Walsh (History of Dublin, 1815 le Warburton, Whitelaw agus Walsh) air, áfach, agus scríobh seisean gur i gCrois Araild, Baile Átha Cliath, a rugadh é agus cuirtear sin thar amhras sa nóta atá ag Pádraig de Brún agus Máire Herbert in Catalogue of Irish manuscripts in Cambridge libraries (1986): ‘Edward O’Reilly, apothecary, Irish scholar and lexicographer, born at Harold’s Cross, Dublin, on 6 Dec. 1765 (Letter to Myles John O’Reilly, 7 April 1830, TCD ms 3407, F81 V) and died there on 26 Aug. 1830 (M[ary] C. O’Reilly to same, 27 Aug. 1830, ibid., f. 102R). Sa réamhrá le Catalogue of Irish manuscripts in the British Museum, Iml. III (1953) deir Robin Flower gurbh é Eoghan O’Reilly sa Bhaile Corr, Co. na Mí, a sheanathair agus gur phoitigéir ba ea Ó Raghallaigh féin. In ‘Edward O’Reilly and his dictionary’ (The Irish Book Lover, Nollaig 1917-Eanáir 1918) deirtear gur dheartháir leis, b’fhéidir, ba ea Andrew O’Reilly, ‘the famous Paris correspondent of The Times.’

Deir Desmond Ryan (Sword of light, 1939), agus é ag tarraingt as saothar Walsh: ‘In 1794, he began his study of the Irish language in a very original fashion. He bought a number of books and manuscripts, mostly in Irish, collected some years before by the scribe and scholar [Muiris] O’Gorman who had coached General Vallancey and “ghosted” the Irish passages of his writings, from a young man named Wright who was about to emigrate. These books and manuscripts filled five large sacks, and on examination O’Reilly found they were rare and valuable. Upon this basis he built his knowledge of Irish ...’ Is cosúil nach maith ná líofa a bhí labhairt na teanga aige. Ag tagairt don difríocht idir clann agus cluain i logainmneacha, scríobh Seán Ó Donnabháin: ‘This is ascertained from the living voice of People who speak Irish at the present day (which is more authority than O’Reilly who could not pronounce Irish at all)’ (‘Seán Ó Donnabháin agus a lucht cúnta’ le Ruaidhrí de Valera in Journal of the Royal Society of Antiquaries, 1949).

I dtuairisc a bháis in The National Magazine, Deireadh Fómhair 1830, dúradh gur ‘in the drudgery of a merchant’s office, and subsequently in a retail business for the support of a numerous family’ a bhí sé ag saothrú a choda i dtosach báire. Deir Ryan freisin go raibh baint aige leis an scoil Ghaeilge a bhunaigh Edward Farmer ó Chontae an Chabháin ag 1 Sráid Risteamain, Portobello, in 1810. Tá tagairtí ag Séamus Ó Casaide di ina aiste ‘The Farmer and O’Reilly collection of Irish music’ in The Irish Book Lover, Meán Fómhair 1941. As aiste le William Elliott Hudson in The Citizen, Eanáir 1841, tarraingíonn sé eolas i dtaobh ar bhailigh an Raghallach d’fhoinn, ar fhoinn neamhfhoilsithe de dhéantús Uí Chearbhalláin cuid díobh. Is cosúil go raibh tosaithe aige ar bheathaisnéis an chláirseora a scríobh. Deir Hudson freisin gurbh in ‘a small house at Harold’s Cross’ a bhí cónaí air ag an am. Údar ar phíobairí uilleann ba ea an Casaideach agus ba dhóigh leis gur phíobaire ba ea Ó Raghallaigh.

In 1817, foilsíodh a An Irish-English dictionary. Tugadh amach arís é in 1821, agus, in 1864, foilsíodh eagrán úr le nótaí imill Sheán Uí Dhonnabháin, é in eagar ag Brian Ó Luanaigh (nóta ag Séamus Ó Casaide in The Irish Book Lover, Nollaig 1917-Eanáir 1918). Bhain sé leas san fhoclóir seo as an gcnuasach mór focal a bhí déanta ag William Haliday. Ag tagairt d’fhoclóir Gaeilge-Béarla an Easpaig Seán Ó Briain (d’éag 1769), scríobh Tomás de Bhaldraithe (‘Foclóirí agus foclóireacht na Gaeilge’ in The Maynooth Review, Bealtaine, 1980): ‘ . . . ba mar eochair do sheanstair na hÉireann, na hEorpa, agus an domhain mhóir, agus mar chruthú ar ársaíocht, ar léann, ar uaisleacht agus ar thábhacht na sean-Ghael a cuireadh an foclóir le chéile. Lean an Raghallach go dílis de nósanna an Bhrianaigh ó thaobh scóipe, dearcaidh, is cuspóra.’ Thug sé tús áite do ‘obscure words’ agus is sa seanteanga is mó a bhí a spéis.

Bhí sé mar chisteoir ag an Gaelic Society in 1807 (cáipéis i gcló ag Seámus Ó Casaide in The Irish Book Lover, Iúil-Lúnasa 1934). Nuair a bunaíodh an Iberno-Celtic Society in 1818, ceapadh é ina rúnaí cúnta. Níor foilsíodh ach an t-aon imleabhar amháin dá n-imeachtaí: Transactions of the Iberno-Celtic Society for 1820. Vol.1. Part 1 leis an Raghallach. Tá ann scríbhneoirí ó Aimheirgín go hArt Mac Cumhaigh. Bhí i gceist aige na húdair gan ainm a thabhairt le chéile freisin. In 1824, thug an tAcadamh Ríoga duais dó ar aiste dar teideal ‘An essay on the nature and influence of the native Irish institutes, commonly called Brehon Laws . . .’, agus in 1829 ghlac sé páirt sa chonspóid i dtaobh Macpherson lena ‘An essay on the authenticity of the Poems of Ossian’. Ba bhall é den Record Tower Society in 1819 agus bhí sé ag cuimhneamh ar chur isteach ar ollúnacht na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, más fíor. D’fhostaíodh H.J. Monck Mason é i Leabharlann Choláiste na Tríonóide ag clárú lámhscríbhinní, ach deir E. J. Gwynn (Catalogue of the Irish manuscripts in the library of Trinity College, Dublin, 1921 le T.K. Abbott agus E.J. Gwynn) go raibh an clárú sin ‘usually superficial and frequently incorrect.’ Chabhraíodh sé le Sir William Betham ina chuid taighde.

I mí na Nollag 1827, thaistil sé an Longfort agus Ros Comáin, ar muin capaill don chuid ba mhó de, ag bailiú scéalta, seanchais agus dánta, cuid mhaith d’amhráin Uí Chearbhalláin ina measc. Bhí aithne phearsanta aige ar Antaine Raiftearaí agus mhaígh sé go raibh cloiste aige i dtaobh Uí Chearbhalláin óna athair agus a uncail a rugadh is a tógadh in aice leis an Obair, Co. na Mí (‘Roinnt seanchais faoi amhráin Chonnacht’ le Tomás Ó Coincheanainn in Deile: iris mhuintir Chonamara i mBaile Átha Cliath, 1999). Faoi 1830, síleadh gurbh é an scoláire Gaeilge ba mhó dá raibh thuas é agus tairgeadh obair dó sa tSuirbhéireacht Ordanáis ag athbhreithniú Béarla na logainmneacha. Tá cuntas ar an gcuid ghairid sin dá shaol ag Art Ó Maolfabhail in ‘An tSuirbhéireacht Ordanáis agus logainmneacha na hÉireann 1824-34’ in Proceedings of the Royal Irish Academy Section C, Vol. 89, no. 3, 1989. Deir sé: ‘Is eol dúinn nach raibh sé i mbarr a shláinte nuair a d’fhostaigh an tSuirbhéireacht Ordanáis é. Mar sin féin, ba é an chéad taighdeoir gairmiúil ar logainmneacha na hÉireann é, go bhfios dúinn. D’oibrigh sé don tSuirbhéireacht ar feadh ceithre mhí — sin uile — ó Aibreán 1830 go dtí go bhfuair sé bás 26 Lúnasa 1830.’ San uimhir sin de The Irish Book Lover in 1918 atá an cuntas is iomláine air agus tuairimítear ann gurbh é a réitigh lena fhoilsiú in 1830 bíobla Gaeilge an Hibernian Bible Society, obair a thuill dhá scilling in aghaidh an leathanaigh dó. Deirtear ann freisin gur fágadh gan foilsiú foclóir Béarla-Gaeilge, aistriúchán ar Annála Inis Faithlinn agus ar chuid mhaith de Annála Ríoghachta Éireann, agus aistriúchán ar bheatha Aodha Rua Uí Dhomhnaill a raibh an chuid is mó de déanta aige. Tá cur síos ann freisin ar an gceant a cuireadh ar a chnuasach leabhar agus lámhscríbhinní 30 Samhain 1830. D’éirigh leis an Acadamh Ríoga cuid de na lámhscríbhinní a cheannach.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú